‘Tá Roinn na Gaeltachta ag caitheamh níos mó airgid ach ag súil le níos lú’ – Sinn Féin

Cé gur fógraíodh €85 milliún do Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2022, ardú 9% ó anuraidh, deir Aengus Ó Snodaigh gur ábhar díomá é nach raibh an Roinn níos uaillmhianaí maidir le spriocanna na bliana

‘Tá Roinn na Gaeltachta ag caitheamh níos mó airgid ach ag súil le níos lú’ – Sinn Féin

Deir Sinn Féin nach bhfuil spriocanna an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbliana sách uaillmhianach cé go bhfuil ardú tagtha ar an méid airgid atá á chaitheamh ar an teanga.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, go bhfuil Roinn na Gaeltachta ag caitheamh níos mó airgid i mbliana ach ag súil le níos lú.

Bhí Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais, a bhfuil an Teachta Ó Snodaigh ina chathaoirleach air, le gairid ag plé meastacháin na Roinne do 2022.

Cé gur fógraíodh buiséad €85 milliún do Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2022, ardú 9% ó anuraidh, dúirt Ó Snodaigh gur ábhar díomá é nach bhfuil aon ardú tagtha ar roinnt spriocanna – líon na bpost a chruthófar sa Ghaeltacht agus líon na bpáistí a bheidh ag freastal ar naíonraí, mar shampla.

“In áit dul chun cinn, den chuid is mó, tá spriocanna 2022 ar comhchéim nó fiú níos ísle ná spriocanna 2021 agus 2020, in ainneoin ardú maoinithe i mbliana agus athoscailt na sochaí,” a dúirt Ó Snodaigh.

“Níl aon ardú molta do líon na naíonraí nó do líon na bpáistí a bheidh ag freastal orthu. Is ag titim atá an sprioc do líon na bpost a chruthófar sa Ghaeltacht. Mar an gcéanna, tá líon na bpáistí a bheidh ag freastal ar chlubanna óige ag titim.”

Tá sé mar sprioc ag Roinn na Gaeltachta 400 post breise a chruthú sa Ghaeltacht in 2022 – an sprioc chéanna a bhí ag an Roinn anuraidh. In 2020, cruthaíodh 427 post nua sa Ghaeltacht.

Tá an Roinn freisin ag iarraidh go mbeadh 1,627 páiste ag freastal ar naíonraí in 2022, an sprioc chéanna a bhí acu anuraidh. Níl sé i gceist aon naíonra ná seirbhís luathbhlianta nua a mhaoiniú, de réir figiúirí a chuir an tAire Stáit Chambers faoi bhráid an choiste.

Dúirt an tAire Stáit go raibh tionchar ag an bpaindéim ar spriocanna an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go mbeifí in ann “na figiúirí sin a fheabhsú” nuair a bheadh “buiséad níos fearr ann sna blianta amach romhainn”.

Mar sin féin, dúirt an tAire Stáit Chambers go raibh “difríocht an-mhór” i gcuid de na spriocanna a luadh. 

Thagair sé don ardú a bhí beartaithe do líon na scoileanna a bhí le páirt a ghlacadh sa chlár Techspace – ó 195 scoil anuraidh go dtí 287 scoil i mbliana – agus do líon na bpáistí a bheidh ag freastal ar TechFéile – ardaithe ó 500 go dtí 900 páiste.

Ní mó ná sásta atá an Teachta Aengus Ó Snodaigh leis an gcaint sin sin.

“Bhí sé tubaisteach nach raibh freagra ag an Aire Chambers ar mo chuid ceisteanna nó ceisteanna mo chomhghleacaí, an Teachta Pa Daly, faoin easpa uaillmhéine seo.

“Ní féidir an milleán a chur ar Covid faoin ísliú. Bheifeá ag súil le tuilleadh gníomhaíochtaí agus níos mó daoine a bheith ag glacadh páirt iontu anois agus rudaí ag athoscailt. Is anois atá spriocanna uaillmhianacha de dhíth,” a dúirt Ó Snodaigh.

“Molaim don Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar na figiúirí agus na spriocanna a ardú go mór nó ar a laghad míniú ceart a thabhairt ar cad ba chúis leis an meath agus an mharbhántacht thubaisteach seo.”

Cháin Ó Snodaigh Aire Sinsearach na Gaeltachta, Catherine Martin toisc gur dhiúltaigh sí freastal ar chruinniú an choiste an tseachtain seo caite. Tugadh ceithre chuireadh di freastal ar chruinnithe éagsúla chun na meastacháin a phlé ach deir sí go bhfuil cúram faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta faoin Aire Stáit Chambers.

Dúirt Ó Snodaigh gur léirigh an tAire Martin “drochmheas” ar an gcoiste agus ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nuair nár ghlac sí leis an gcuireadh, go háirithe nuair a bhíonn sí ag “maíomh as a ról Gaeltachta go minic sna meáin”.

“Ise amháin atá freagrach as an gcinneadh cé mhéad airgid a fhaigheann rannóg na Gaeltachta as buiséad iomlán na Roinne, agus b’fhéidir nach bhfuil sí ag iarraidh a bheith náirithe ag ceisteanna uainne faoi na leathphinginí suaracha atá caite aici i dtreo na teanga náisiúnta agus gan ach  7% – an sciar is lú – ag dul don rannóg sin faoi riar Catherine Martin. 

“Is léir go bhfuil an Ghaeltacht fágtha ar lár agus Turasóireacht, Ealaín, Cultúr, Spórt agus na Meáin ar na clocha is mó ar a paidrín.”

Fág freagra ar '‘Tá Roinn na Gaeltachta ag caitheamh níos mó airgid ach ag súil le níos lú’ – Sinn Féin'