‘Tá ríméad an domhain orm’ – Gradam Amhránaí TG4 buaite ag Sarah Ghriallais

Labhair Tuairisc le Sarah Ghriallais an t-amhránaí sean-nóis as Muiceanach atá I measc buaiteoirí Ghradaim Cheoil TG4 2022

‘Tá ríméad an domhain orm’ – Gradam Amhránaí TG4 buaite ag Sarah Ghriallais

Vanessa Jordan / Vanessa Jordan Photography/Weddings & Portraits /@Vanessa Jordan Photography don pic Féile Traidphicnic 2021

“Ní féidir liom a chreidiúint go bhfuil gradam álainn TG4 buaite agam agus tá ríméad an domhain orm.”

Sin a dúirt Sarah Ghriallais tar éis di an scéal a fháil gurb í a bhuaigh Gradam Amhránaí TG4 i mbliana agus í ar liosta bhuaiteoirí na bliana seo in éineacht le leithéidí Paddy Glackin, Dolores Keane agus Skara Brae.

Is amhránaí ar an sean-nós í Sarah, agus is i Muiceanach i nGaeltacht Chonamara a tógadh í, ceantar atá báite i dtraidisiún an tsean-nóis. Thug sí léi Corn Uí Riada ag Oireachtas na Gaeilge i 1984, gradam atá buaite ocht n-uaire ó shin ag muintir Ghriallais; éacht ar leith. Ceapadh Sarah ina hamhránaí cónaithe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 2017. Tá amhráin dá cuid taifeadta ag Cló Iar-Chonnacht agus le deanaí d’eisigh Gael Linn Idir Dhá Sháile 2. Ar na hamhráin is mó aithne ina stór tá ‘Táilliúir a’ Mhagadh’, ‘Eileanóir na Rún’, ‘Póg Bhideog’ agus ‘Amhrán Chamuis’.

“Thosaigh mé ag amhránaíocht ó bhí mé fíor-óg, mar bhí sé sa teach againn ariamh,” a dúirt sí.

Maidir leis na hamhráin is fearr léi, deir sí gur breá léi ‘Condae Mhuigheo’ agus ‘Úna Dheas Ní Niadh’. 

“Sé m’athair a spreag mé ó thús agus mé ag éisteacht leis ag casadh na n-amhrán ón lá ar tháinig mé ar an saol,” ar sí. 

Bhí múinteoir “den scoth” aici freisin sa scoil náisiúnta, Treasa Uí Chartúir.

“Ba amhránaí den scoth a bhí inti. Nuair a thosaigh muid ar scoil thug sí faoi deara go raibh muid in ann amhrán sean-nóis a chasadh agus bhí áthas an domhain uirthi,” arsa Sarah. 

“Níor bhac sí leis na hamhráin bheaga scoile a thabhairt dúinn agus chuir sí amach muid ag feiseanna agus ag comórtais; bhí sí fíorbhródúil as clann Ghriallais. Thug sé sin spreagadh mór dúinn mar chlann. Tá sí beo fós agus aois mhór aici, tá an-mheas go deo agam ar Threasa gura fada buan í.”

Bíonn Sarah ag teagasc ranganna ar an sean-nós do dhaoine óga. An mbaineann sí sult as a bheith ag roinnt a cuid buanna leo?

“Baineann mé sásamh as a bheith ag múineadh na ngasúir óga agus coinníonn siad óg mé,” ar sí.

An mbíonn ceol le cloisteáil ina teachsan i gcónaí?

“Ní bhíonn an oiread sin amhrán sa teach anois ach bíonn mo mhac Mícheál Ó Chonfhaola ag casadh agus tá Corn Uí Riada bainte amach aige dhá uair agus tá sé ag coinneáil an traidisiúin beo buíochas le Dia. 

“Tá Corn Uí Riada ocht n-uaire sa gclann againn agus éacht mór é sin agus is muid an t-aon chlann ariamh a rinne an éacht seo.” 

Céard atá i ndán don sean-nós, meas tú?

“Tá an sean-nós breá láidir i gcónaí i gConamara. Tá dóchas mór agam sna daoine óga. Tá go leor daoine óga ag casadh na n-amhráin mhóra sean-nóis agus bíonn an t-uafás daoine óga ag an Oireachtas agus iad ag baint duaiseanna amach,” ar sí.

Nuair a d’fhiafraigh mé de Sarah cé na cineálacha eile ceoil a thaitníonn léi, dúirt sí gur breá léi chuile chineál ceoil, go háirid an fhliúit agus na bailéid Bhéarla freisin “mar is é an traidisiún is gaire é don sean-nós”.

Is léir go bhfuil agus go raibh teaghlach thar a bheith ceolmhar ag Sarah i gcónaí agus gur spreag sé sin go mór í.

“Bhí chuile dhuine sa teach againn ag casadh an tsean-nóis ariamh,” ar sí. “Bhí 11 deirfiúr agam agus deartháir amháin agus bhí a stíl fhéin ag chuile dhuine acu.” 

“Bhí an t-ádh dearg orm gur fhás mé aníos i dteach a bhí lán le hamhráin. Bhí muintir mo dheaide ar fad in ann amhráin a chasadh agus m’aintíní ar fad. Bhí sé sa gclann go láidir buíochas le Dia,” ar sí.

Seo a leanas an liosta iomlán de bhuaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2022.

  • Ceoltóir – Paddy Glackin
  • Amhránaí – Sarah Ghriallais
  • Ceoltóir Óg – Diarmuid Ó Meachair
  • Gradam Saoil – Dolores Keane
  • Cumadóir – Connie O’Connell
  • Grúpa Ceoil – Skara Brae
  • Gradam Comaoine – Edwina Guckian

Déanfar gradaim na bliana seo a bhronnadh ag Ceolchoirm Ghradam Ceoil TG4 sa gCeoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath, Domhnach Cásca an 17 Aibreán. Is iad Doireann Ní Ghlacáin agus Páidí Ó Lionáird a chuirfidh an cheolchoirm seo, a bheidh á craoladh beo ar an teilifís, i láthair agus beidh buaiteoirí Ghradam 2022 ag ceol ar an stáitse agus a gcuid aíonna speisialta ceoil féin ina dteannta chomh maith le lucht bronnta na ngradam.

Fág freagra ar '‘Tá ríméad an domhain orm’ – Gradam Amhránaí TG4 buaite ag Sarah Ghriallais'

  • Liam O MAOLAODHA

    Comhgáirdeachas ó chroí leat a Sarah, is maith an oidhe ort é. Hup Muiceannach idir dhá Sháile.

  • Maggie

    Fair play sarah R I P Nora would love it