‘Tá reilig déanta den mbaile seo ‘gainne’ – scéal Gaeltachta agus náisiúnta inste go slachtmhar ag RTÉ

Tugadh lán mhachnaimh dúinn in ‘The Man With the Moving House’ ar fheachtas pleanála cúig bliana déag Bhreanndáin Uí Bheaglaoich 

‘Tá reilig déanta den mbaile seo ‘gainne’ – scéal Gaeltachta agus náisiúnta inste go slachtmhar ag RTÉ

Is mó duine a thóg tigh ar thalamh a mhuintire faoin tuath, nó a dhein iarracht sin a dhéanamh, a bhfuil scéal uafáis acu faoin gcóras pleanála. Iad dulta in abar i rialacháin, coinníollacha agus forálacha teibí, míloighciúla na pleanála. Sa chlár The Man With the Moving House (RTÉ1, Déardaoin) tugtar léargas lán machnaimh ar fheachtas pleanála cúig bliana déag Bhreanndáin Uí Bheaglaoich ó Bhaile na bPoc ina iarthar Duibhneach.

Bhí Breanndán ag iarraidh tigh a thógaint ar thalamh a mhuintire in 2006 ach diúltaíodh d’iarratas i ndiaidh iarratais. Agus é i ndeireadh an feide chinn Breanndán tigh adhmaid a thógaint ar leaba leoraí in 2015 agus é a thiomáint isteach ina thalamh féin.

Chuir seo muc ar gach mala ag na húdaráis agus bagraíodh fíneálacha sna milliúin air mar aon le tréimhse príosúnachta. Níor tháinig aon lagmhisneach ar Bhreanndán, ach, a mhalairt ar fad, is amhlaidh gur ghéaraigh sé ar a fheachtas féin leis an eagraíocht a bhí curtha ar bun aige, Todhchaí na Tuaithe. I ndeireadh thiar thall thug sé an svae leis nuair a chuaigh sé go dtí an mBord Pleanála.

D’éirigh le cás Uí Bheaglaoich aird na meán a mhealladh go minic i gcaitheamh na mblianta ach déanann an saothar seo éachtaint a thabhairt ar an bhfeachtas ina iomláine.

Is duine éirimiúil, machnamhach, deisbhéalach é Breanndán agus éiríonn leis beocht a chur i ngach mír ina bhfuil sé; é cuileachtúil, éadromchroíoch ar uairibh ach é machnamhach agus in ísle brí amanna eile. Éiríonn le carachtar mealltach den saghas seo clár uair an chloig a iompar.

Ceann de na gnéithe is suntasaí den bhfeachtas dar liom ná an bhéim a cuireadh ar na patrúin lonnaíochta a bhíodh againn anallód. Muintir na mbailte fearainn éagsúla bailithe isteach i mullach a chéile go cluthair.

Insíonn feachtas cros Bhreanndáin a scéal féin. Dhear sé 234 cros adhmaid mar shiombail don 234 duine a bhí i mBaile na bPoc in 1842; bhí 12 cros dhearg aige don dáréag atá fágtha.  Faoi mar a deirtear sa dán cumasach a chum Dairena Ní Chinnéide in ómós d’fheachtas Bhreanndáin: ‘Tá reilig déanta den mbaile seo ‘gainne.’

Tugadh cuntas chomh maith ar thurais Bhreanndáin chuig ceantair Ghaeltachta eile mar aon leis na geábhanna a thug sé ar an mBriotáin agus Eilean Sgitheanach. Tá na dúshláin phleanála céanna acusan.

Téama eile a tháinig chun cinn ná gur ceantair áille cois cósta iad seo ar fad agus éileamh ag turasóirí agus lucht tithe saoire orthu dá réir. Cuireann seo breis brú ar an soláthar tithíochta.

Lena cheart a thabhairt do phleanálaí na Comhairle Damien Ginty chruaigh sé in aghaidh na hainnise le dreas cainte a dhéanamh. Mhaígh seo go n-éiríonn le 80% de na hiarratais phleanála.

Thugas suntas dá chuid cainte ag deireadh an chláir is é ag maíomh nach bhféadfaí tús áite a thabhairt do chúrsaí teanga in iarratas pleanála. Thrácht sé ar cheantar a bhí leochaileach go físiúil. An rud a rith liom féin ná go bhfuil an ceantar chomh leochaileach céanna, nó níos leochailí fiú, ó thaobh na Gaeilge.

Sárchlár Gaeilge ó RTÉ. Scéal Gaeltachta agus náisiúnta inste go slachtmhar do lucht féachana Gaeltachta agus náisiúnta agus gan aon Bhéarla ann ná raibh gá leis.

A thuilleadh, le bhur dtoil.

Fág freagra ar '‘Tá reilig déanta den mbaile seo ‘gainne’ – scéal Gaeltachta agus náisiúnta inste go slachtmhar ag RTÉ'

  • KH

    Fair play do Bhreanndán agus do mhuintir na háite.

    Ba cheart an méid atá maíte faoin 80% a fhiosrú, leis.