‘Tá réabhlóid tarlaithe inniu in Éirinn’ – Pat Carey

Móramh de 467,307 duine a vótáil inniu ar son an leasaithe sa reifreann ar an bpósadh

Ireland Votes Yes! 22/5/2015. Fairy Tale Referendum. If as looks likely, the Marriage Equality Referendum is passed in the Republic of Ireland tomorrow, it will be like a fairy tale ending to the thousands of Gay, Lesbian and Transgender couples who at last will be able to cement their relationships in marriage recognised by the State. Of all the referendums held since the foundation of the Irish Republic, this more than any other, including the one on divorce, will signal a seismic shift in the accepted social morals of the Irish people. Photo shows a mural by artist Joe Caslin, featuring two gay women on the side of a castle, in the afternoon sun, outside the east Galway rural village of Craughwell. It comes down tomorrow.Photo Eamonn Farrell/Photocall Ireland
Pictiúr: Eamonn Farrell/Photocall Ireland

Móramh de 467,307 duine a vótáil inniu ar son an leasaithe sa reifreann ar an bpósadh. 1,201,607 duine a vótáil ar son an leasaithe agus 734,300 duine a vótáil ina choinne, toradh a fhágann gurb í Éire an chéad tír ar domhan inar vótáil an pobal féin ar son pósadh aon inscne.

Bhí móramh ar son an leasaithe i ngach ceann den 43 toghcheantar seachas aon cheann amháin, Ros Comáin/Liatroim Theas.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie faoi thoradh an reifrinn, dúirt an tIar-Aire Gaeltachta, Pat Carey, a bhí gníomhach san fheachtas TÁ Comhionnanas, go raibh “réabhlóid tarlaithe inniu in Éirinn”.

“Réabhlóid í seo ina raibh mná agus fir, lucht na cathrach agus lucht na tuaithe, idir óg agus aosta, páirteach,  ach réabhlóid í nár ceart d’éinne aon bhuairt a bheith orthu ina taobh, mar réabhlóid í atá bunaithe ar chneastacht, cineáltacht agus flaithiúlacht.

“Dóibh siúd a bhfuil díomá inniu orthu, deirim: ná bíodh faitíos ort, is athrú chun feabhais é seo a chruthóidh tír níos oscailte, tír ina nglactar le gach duine, tír ina dtuigtear gur chun leas an phobail go bhfuil an grá, an grá eadrainn go léir chun tairbhe an phobail.

Dúirt an scríbhneoir agus comhfhreagraí le Tuairisc.ie Alex Hijmans gur “léiriú é an tacaíocht a thug an pobal díreach dá mbráithre agus dá ndeirfiúracha aeracha le seachtainí anuas ar an dul chun cinn mór atá déanta ag sochaí na hÉireann le dhá bhliain is fiche anuas; ná déanaimís dearmad go raibh homaighnéasachas i gcoinne an dlí go dtí an bhliain 1993.”

Dar le Hijmnas gur “mór an leas a dhéanfaidh toradh an reifrinn ar chomhionannas pósta d’íomhá na hÉireann go hidirnáisiúnta – sa chuid sin den domhan lena mbaineann sí go cultúrtha, pé scéal é”.

“Leis seo, tá céim dhearfach agus chríochnaitheach tabhartha ag an bPoblacht. Thóg sé nach mór céad bliain, ach is cosúil go bhfuil cuing an chreidimh croite dá nguaillí ag muintir na fiche sé chondae faoi dheireadh. Tír nua-aimseartha anois í.

“Ar an drochuair, ní féidir an rud céanna a rá faoi Thuaisceart Éireann, áit a bhféadfadh fanacht fhada a bheith ar chomhionnas pósta fós.”

Dúirt Traolach Ó Buachalla, duine de bhunaitheoirí an fheachtais TÁ Comhionnanas:

“Tá fáinne ar mo mhéar ar cuireadh ann é ar an 11 Aibreán trí bliana ó shin i Nua Eabhrac. Fáinne a dúirt liom ‘tá an fear sin i ngrá leat, seasfaidh sé leat go deo na ndeor, fáinne a dúirt leis an saol mór ‘tá an fear seo pósta. Go dtí gur tháinig mé abhaile. Ag tuirlingt i mBaile Átha Cliath dúinn, bhí an fáinne ina thost. Go dtí inniu. Inniu in Éirinn deir an fáinne go mall réidh liom ‘táimid ionann sa tír seo, gach duine, is tú féin is do ghrá’.”