‘Tá rás ar bun idir an Delta agus an vacsaín’ – moill ar scaoileadh srianta fógartha ag an Taoiseach

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna gur beart ‘stuama’ é moill a chur ar an tseirbhís lónadóireachta laistigh agus í a theorannú do dhaoine a bhfuil an vacsaín ar fad faighte acu

‘Tá rás ar bun idir an Delta agus an vacsaín’ – moill ar scaoileadh srianta fógartha ag an Taoiseach

Deir an Taoiseach Micheál Martin gur beart “stuama sábháilte” é moill a chur ar an tseirbhís lónadóireachta laistigh chun dul i ngleic le scaipeadh an chineáil Delta den víreas.

Chinn an Rialtas níos túisce inniu moill a chur leis an gcead a bhí le tabhairt Dé Luain seo chugainn do bhialanna agus do thithe ósta seirbhís faoi dhíon a chur ar fáil. Ag daoine a bhfuil an vacsaín ar fad faighte acu amháin a bheidh cead ithe agus ól faoi dhíon nuair a cheadófar an tseirbhís arís.

Dúirt an Taoiseach gurb í “fírinne an scéil” go raibh “rás” ar bun idir an cineál Delta den víreas agus an vacsaín.

Bhíothas ag iarraidh a chinntiú go mbeadh an lá leis an vacsaín, a dúirt sé.

Dúirt an Taoiseach gur “cor eile” é cinneadh an lae inniu i scéal na paindéime ach go raibh an chuid is measa di “curtha dínn againn”.

D’fhógair sé go rabhthas chun plean a ullmhú a cheadódh do dhaoine a bhfuil an vacsaín ar fad faighte acu dul ag ithe agus ag ól laistigh.

Tá córais éagsúla á meas bunaithe ar leaganacha éagsúla de phas vacsaíne.

Mhol an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí nach mbeadh cead ithe agus ól taobh istigh ach ag daoine a bhfuil an vacsaín ar fad faighte acu.

Chuir NPHET in iúl don Rialtas aréir go bhféadfadh go bhfágfadh scaipeadh an chineáil Delta den víreas go mbeadh na céadta míle cásanna nua ann idir mí Iúil agus mí Mheán Fómhair. Sa chás is measa seo d’fhéadfadh 2,000 duine eile bás a fháil de dheasca an Covid-19. Sa chás is fearr 165 bás a bheadh i gceist as seo go ceann coicíse.

Dúradh go bhféadfadh go mbeadh brú mór ar na hospidéil faoi theacht an gheimhridh, cé nach mbeadh cúrsaí chomh holc agus a bhí tús na bliana.

Níl aon anailís neamhspleách déanta ar fhigiúirí NPHET go fóill.

Dúirt Adrian Cummins, Príomhfheidhmeannach Chumann Bhialanna na hÉireann, go scriosfadh cinneadh an Rialtais gnóthaí ar fud an stáit.

Dúirt sé gur plean “leithchealach nach bhféadfaí a chur i bhfeidhm” a bhí sa phlean cead ithe agus ól taobh istigh a thabhairt do dhaoine áirithe.

Dúirt David Cullinane, urlabhraí sláinte Shinn Féin, gur údar imní a bhí sa phlean athoscailte ‘dhá leibhéal’.

“Beidh fadhbanna leis agus ní oibreoidh sé. Gach seans go mbeidh sé leithchealach,” a dúirt sé.

Idir an dá linn, táthar le cead a thabhairt na vacsaíní AstraZeneca agus Johnson & Johnson a thabhairt do dhaoine idir 18-39, rud a chuirfidh dlús leis an gclár vacsaínithe.

Chomh maith leis sin, táthar leis an mbearna ama idir na dáileoga den tsnáthaid AstraZeneca a laghdú ó ocht go ceithre seachtaine.

Faoi na pleananna nua a d’fhógair an Taoiseach tráthnóna beidh cead ag níos mó daoine freastal ar ócáidí spóirt agus ceoil taobh amuigh. Beidh cead ag 50 duine freastal ar phósadh.

Fág freagra ar '‘Tá rás ar bun idir an Delta agus an vacsaín’ – moill ar scaoileadh srianta fógartha ag an Taoiseach'

  • Antóin

    Tar éis éisteacht leis an sclaibéara is Taoiseach lorg mé roinnt focal le fearg a chur in iúl. Seo cuid acu: fíoch, fraoch, fiúir, cuthach, cuthach feirge, báiní, taom cuthaigh, racht feirge, buile, mire, mearchiall, fiúnach, dásacht feirge, corraí, mothú feirge, colg, lasántacht, confach, cuil, faltanas, olc, le craobhacha, faobhar, rinn. (as Gaoth an Fhocail)

    Caolseans go bhfuil polaiteoirí ag brath ar theacht isteach ó thionscal an fháilteachais. Ach níos mó na €1.8 milliún caite acu chun suí go socúlach ag tochras ar a gceirtlín féin ag seanmóireacht san Ionad Comhdhála Náisiúnta ó mhí an Mheithimh anuraidh.

    Céad mile fáilte roimh ré úr na cinedheighilte. Cead ag dream amháin braon a scaoileadh taobh istigh agus cead ag an dream eile braon a scaoileadh mar a dhéanfadh madra é – áit ar bith is mian leis. Ní bheidh na fealltóirí sásta go bhfuil muid uilig ar ár nglúine.

    Agus nach dána an mhaise dó seasamh taobh le bratach na hÉireann.

  • An Teanga Bheo

    Níl dea chuma ar bith air cuma an oilc atá ar míshastacht an cheannaire