Tá plean maidir le scaoileadh na dianghlasála geallta ag an Rialtas. Cén plean atá ag tíortha eile?

Gheall an Rialtas go bhfógrófaí plean faoi dheireadh na seachtaine seo chun imeacht ón dianghlasáil. Tá a leithéid de phleananna fógartha cheana ag rialtais eile san Eoraip. Cad atá iontu?

Tá plean maidir le scaoileadh na dianghlasála geallta ag an Rialtas. Cén plean atá ag tíortha eile?

An Fhrainc

Cén uair a thosaigh an dianghlasáil? 17 Márta

Líon na gcásanna deimhnithe: 166,036

Líon na mbásanna deimhnithe: 23,293

Cad atá á cheadú agus cathain?

Déanfar na srianta a scaoileadh i dtréimhsí trí seachtaine ag tosú ar an 11 Bealtaine.

Beidh cead ag muintir na Fraince ócáidí beaga sóisialta a bheith acu arís, fad is nach mbíonn níos mó ná deichniúr i láthair agus go gcloítear leis an scoitheadh sóisialta.

Ar an 11 Bealtaine ceadófar do gach gnó dul i mbun oibre arís seachas caiféanna, bialanna, tithe tábhairne, pictiúrlanna, amharclanna, músaeim, hallaí ceoil agus ionaid siopadóireachta.

Ó tharla ceantair áirithe sa tír a bheith buailte níos measa ná ceantair eile ó thaobh scaipeadh an ghalair, beidh scaoileadh na srianta ag brath ar an

département atá i gceist agus cé acu an bhfuil sé rangaithe mar cheantar stádas dearg, oráiste nó glas.

Beidh rogha ag tuismitheoirí daltaí réamhscoile nó bunscoile a scaoileadh ar ais ar scoil an tseachtain seo chugainn. Ón 18 Bealtaine beidh cead na meánscoileanna sóisearacha a oscailt in áiteanna ina bhfuil an ráta ionfhabhtaithe íseal agus déanfar cinneadh faoi na meánscoileanna sinsearacha faoi dheireadh na míosa.

Beidh an chianfhoghlaim mar rogha ag daltaí arbh fhearr lena dtuismitheoirí iad a choimeád sa bhaile.

Cúigear déag ar a mhéid a bheidh ceadaithe in aon seomra ranga agus beidh ar dhaltaí níos sine mascanna a chaitheamh.

Táthar fós ag moladh do dhaoine os cionn 65 gan a bheith ag teacht agus ag imeacht agus táthar ag moladh do dhaoine i gcónaí obair ón mbaile más féidir in aon chor é nó dul ag an obair ag amanna difriúla.

Beifear ag moladh do dhaoine gan dul ag taisteal lasmuigh dá departement féin agus leanfar leis na srianta ar an tseirbhís traenach.

Níl cead taisteal ó réigiún go réigiún sa bhFrainc ná dul níos faide na 100 ciliméadar ón mbaile ach i gcás oibre nó práinn teaghlaigh.

Caithfidh gan duine masc aghaidhe a chaitheamh ar an gcóras iompair poiblí.

Ní bheidh cead ag daoine dul ar thránna go dtí an chéad lá de mhí an Mheithimh ar a thúisce agus ní cheaptar go gcuirfear tús arís le seirbhísí eaglasta roimhe sin.

Ní cheadófar aon ócáidí poiblí ar a mbeidh níos mó ná 5000 duine ag freastal roimh Mheán Fómhair agus tá ócáidí spóirt san áireamh leis an gcosc sin.


An Iodáil

Cén uair a thosaigh an dianghlasáil? 9 Márta

Líon na gcásanna deimhnithe: 201,505

Líon na mbásanna deimhnithe: 27,359

Cad atá á cheadú agus cathain?

Tugadh cead d’oibrithe tógála agus monarchana áirithe filleadh ar an obair Dé Luain. Beidh cead an tseachtain seo chugainn ag an bpobal dul i mbun aclaíochta taobh amuigh agus cuairt a thabhairt ar ghaolta fad is go gcloítear leis an scoitheadh sóisialta. Tá cead ag bialanna béilí le tabhairt leat a dhíol agus ceadófar sochraidí fad is nach mbeidh níos mó ná 15 duine i láthair.

Ar an 18 Bealtaine beidh cead gach siopa a oscailt chomh maith le taispeántais, músaeim agus láithreacha cultúrtha. Beidh cead chomh maith ag foirne spóirt traenáil le chéile arís.

Ar an 1 Meitheamh a cheadófar do lucht bialann, tábhairneoirí agus gruagairí dul i mbun oibre arís.

Beidh srianta ar dhaoine i gcónaí maidir le taisteal ó cheantar go ceantar agus éinne atá ag teacht nó ag imeacht, beidh air cáipéis a bheith aige ag míniú fáth a thurais. Beidh na scoileanna dúnta go dtí mí Mheán Fómhair.

Tá an chomhairle maidir leis an scoitheadh fisiciúil fós i bhfeidhm agus moltar i gcónaí croitheadh lámh agus barróga a sheachaint.


An Bheilg

Cén uair a cuireadh tús leis an dianghlasáil? 14 Márta

Líon na gcásanna deimhnithe: 47,334

Líon na mbásanna deimhnithe: 7,331

Cad atá á cheadú agus cathain?

Tugadh cead Dé Luain do lucht siopaí fabraice dul i mbun gnó arís chun cabhrú leis an iarracht lena chinntiú go mbeidh dóthain mascanna ar fáil don phobal tráth a bhfuiltear ag iarraidh ar gach duine ceann a chaitheamh ar an gcóras iompair poiblí.

Seachtain is an Luan seo chugainn, an 11 Bealtaine, beidh cead na siopaí go léir a athoscailt. Osclófar na scoileanna ar an 18 Bealtaine, ach ní cheadófar ach deichniúr daltaí i ngach rang.

Beidh na caiféanna agus bialanna dúnta go dtí an 8 Meitheamh.


An Spáinn

Cén uair a cuireadh tús leis an dianghlasáil? 14 Márta

Líon na gcásanna deimhnithe: 232,128

Líon na mbásanna deimhnithe: 23,822

Cad atá á cheadú agus cathain?

Tugadh cead amach an tseachtain seo do pháistí na Spáinne den chéad uair le sé seachtaine. Tá cead anois ag páistí faoi bhun 14 bliain d’aois uair an chloig a chaitheamh ag spraoi taobh amuigh i bhfochair tuismitheora amháin agus gan dul níos faide ná ciliméadar amháin ón mbaile.

Sa Spáinn a bhí cuid de na beartais dianghlasála is déine ar domhan. 

Tá an plean atá leagtha amach ag Rialtas na Spáinne bunaithe ar cheithre thréimhse coicíse. Ach oiread leis an bhFrainc déanfar na srianta sa Spáinn a scaoileadh níos túisce i gceantair áirithe seachas a chéile.

Níl aon dáta ar leith tugtha go fóill d’oscailt bialanna ná tithe tábhairne, ach tabharfar cead mar chéad chéim beidh cead ag bialanna agus tithe tábhairne a bhfuil boird taobh amuigh acu 30% acu a úsáid. Beidh cead ag óstáin, pictiúrlanna agus amharclanna oscailt ach gan a bheith níos mó ná 30% lán. Ní osclófar na scoileanna go dtí an fómhair.


Poblacht na Seice

Cén uair a cuireadh tús leis an dianghlasáil? 11 Márta

Líon na gcásanna deimhnithe: 7,486

Líon na mbásanna deimhnithe: 225

Cad atá á cheadú agus cathain?

Tugadh cead níos túisce an mhí seo do dhaoine dul ag rith, ag rothaíocht nó ag spaisteoireacht faoin tuath gan masc a chaitheamh, fad is go bhfanfaí dhá mhéadar amach ó dhaoine eile. Osclaíodh galfchúrsaí agus cúirteanna leadóige athuair ach srianta i bhfeidhm iontu agus tugadh cead do shiopaí rothar agus siopaí DIY, nó déan féin é, dul i mbun gnó arís ar an 9 Aibreán.

Ar an 20 Aibreán ceadaíodh do lucht ceirde a gceardlanna a oscailt arís agus tugadh an cead céanna do mhargaí na bhfeirmeoirí agus do dhíoltóirí carranna. Ceadaíodh bainiseacha fad is nach mbeadh ach 10 i láthair. Dé Luain seo caite ceadaíodh d’fhormhór na siopaí lasmuigh d’ionaid siopadóireachta oscailt athuair. Tugadh cead na hionaid aclaíochta a oscailt ach na seomraí feistis agus na cithfholcadáin a choimeád iata agus osclaíodh na leabharlanna, na scoileanna tiomána agus na zúnna. Ceadaíodh seirbhísí eaglasta ach gan níos mó ná 15 duine a bheith i láthair.

Tá cead á thabhairt anois chomh maith do dhaoine teacht le chéile taobh amuigh i ngrúpaí nach bhfuil níos mó ná deichniúr.

Beidh cead chomh maith ag daoine an baile a fhágáil pé uair is mian leo, fad is go gcloífear le rialacha maidir leis an scoitheadh sóisialta. Tá iachall ar dhaoine mascanna a chaitheamh i gcónaí.

Ar an 11 Bealtaine osclófar na scoileanna. Osclófar an lá céanna siopaí móra agus siopaí sna hionaid siopadóireachta. Rachaidh gruagairí agus lucht sciamhlann i mbun oibre arís. Beidh cead an spás taobh amuigh de bhialanna agus tithe tábhairne a oscailt chomh maith le músaeim agus gailearaithe.

Ar an 25 Bealtaine, beidh cead ag lucht na mbialann agus na dtithe tábhairne a gcuid seirbhísí a chur ar fáil taobh istigh arís agus beidh cead ag na hóstáin dul i mbun gnó. Cuirfear tús le seirbhísí tacsaí athuair agus osclófar na hamharclanna agus na siopaí tatúnna.

Tabharfar cead chomh maith do mhuintir Phoblacht na Seice dul thar lear arís ach beidh srianta diana i bhfeidhm. Beidh ar eachtrannaigh a thagann thar tír isteach dearbhú a bheith acu gur cuireadh tástáil orthu don choróinvíreas uair éigin sna ceithre lá roimhe sin agus go raibh toradh diúltach ar an tástáil sin.


An Ostair

Cén uair a cuireadh tús leis an dianghlasáil? 16 Márta

Líon na gcásanna deimhnithe: 15,357

Líon na mbásanna deimhnithe: 569

Cad atá á cheadú agus cathain?

Amárach, an 30 Aibreán, atá na beartais dianghlasála ag dul in éag san Ostair.

Tá cead á thabhairt do dhaoine teacht le chéile i ngrúpaí deichniúir nó níos lú agus beidh bunrialacha an scoite shóisialta i bhfeidhm i gcónaí.

Ar an 1 Bealtaine a osclófar siopaí móra, ionaid siopadóireachta agus gruagairí agus d’fhéadfadh go mbeadh cead ag lucht na mbialann agus na n-óstán dul i mbun gnó arís i lár na míosa seo chugainn.


An Eilvéis

Cén uair a cuireadh tús leis an dianghlasáil? 16 Márta

Líon na gcásanna deimhnithe: 29,264

Líon na mbásanna deimhnithe: 1,699

Cad atá á cheadú agus cathain?

Tá fiaclóirí, bláthadóirí, lucht na n-ionad garraíodóireachta agus daoine eile i mbun oibre arís cheana féin.

Tá sé i gceist na scoileanna a athoscailt ar an 11 Bealtaine.

An 8 Meitheamh an dáta atá luaite ag údaráis na hEilvéise maidir le hollscoileanna, leabharlanna, zúnna, bialanna agus tithe tábhairne a athoscailt.

Beidh an scoitheadh sóisialta i bhfeidhm i gcónaí agus beidh cosc i gcónaí, mar a bheidh i mórán tíortha, ar ócáidí móra spóirt agus ceoil.

(Tá líon na gcásanna agus líon na mbásanna san alt seo bunaithe ar fhigiúirí ó Ollscoil Johns Hopkins a bhain leis an 28 Aibreán).

Fág freagra ar 'Tá plean maidir le scaoileadh na dianghlasála geallta ag an Rialtas. Cén plean atá ag tíortha eile?'