Tá paiste ar leith in Ifreann do na mná nár thacaigh le Hillary Clinton chróga

Cuimhnímis Lá Nollag na mBan ar an mbean chróga sin Hillary Clinton… agus ar an 52% de mhná geala a chaith vóta don Trumpaire

Tá paiste ar leith in Ifreann do na mná nár thacaigh le Hillary Clinton chróga

Ba í Madeleine Albright a dhearbhaigh go raibh paiste ar leith in Ifreann d’aon bhean ná tugann tacaíocht do mhná eile.

Tá súil ag cuid againn, Hillary Clinton inár measc, thabharfainn an leabhar, go bhfuil fuílleach spáis sa bhladhmsach thine sin don 52% de mhná geala a chaith vóta don Trumpaire in ionad é a thabhairt do dhuine chomh hábalta, chomh cumasach, chomh hardcháilithe agus atá an bhean chróga sin, Hillary. Ach ná deirtí riamh, go gcaitheann bean a bheith dhá uair chomh cáilithe lena comhghleacaí fireann sara gcuirfear san áireamh í d’aon phost, is cuma íseal nó ard stádas an phoist sin.

Nach aici atá grásta na foighne, an bhean chéanna, Hillary?

Dá mbeinn ina bróga bheadh fonn orm piléar a chur i gcúl cinn na bhfear go léir ina saol atá tar éis í a chéasadh agus a sciúrsáil ina saol poiblí is ina saol príobháideach  ó chéadchuir sí í féin chun cinn sa saol.

Ba bheag tásc a bhí ar a hathair agus í ag fás aníos. A máthair agus a máthair chríonna a thóg í.

Nach maith, mar sin féin, gur roghnaigh sí an rógaire breá sin, Liamín sleamhain agus í ina mac léinn ollscoile. Bheadh ábhar tráchtas dochtúra ag duine a rachadh ag tochailt sa charn síceolaíochta sin.

Nach maith mar a tuigeadh dósan go seasfadh sí leis, go deo na ndeor. Agus is mó cúis deoir a thug an sleamhnánaí céanna do Hillary ó bhí sé de mhí-ádh uirthi súil a leagan air.

Sheas sí leis is chosain sí é mar a dhéanfadh páirtí dílis agus fuílleach ‘bimbo eruptions’ ag teacht tiubh te aniar aduaidh air.

Shéan sé, is shéan sé, is shéan sé, is chuir sé an dubh ina gheal uirthi agus ar an domhan mór, b’amhlaidh gur naomh ab ea é, gur beireadh amuigh air. Agus cé air a dhírigh na meáin a n-aird go míthrócaireach? Ar Hillary. An bhean a sheas leis. An bhean a bhí dílis dá geallúintí pósta.

Deineadh sceanairt ar a pearsantacht, deineadh sceanairt ar a meon, deineadh sceanairt ar a dreach is a deilbh.

Caitheadh sa dá shúil uirthi, dá mbeadh aon dealramh léi, mar bhean chéile, nár ghá dó siúd dul thar claí ag bradaíocht.

Caitheadh sa dá shúil uirthi gur sheas sí leis ainneoin na mbréag agus a dhrochiompair.
Caitheadh sa dá shúil uirthi nár sheas sí leis na mná a bhí ag clamhsán faoi. Ba chuma cén seasamh a thóg sí, cáineadh í.

Agus í ina céile Gobharnóra in Arkansas, ní raibh daoine róbhuíoch di ach oiread gur choimeád sí a hainm féin, Rodham.

Nuair a bhí sí sa Teach Bán ní rabhadar sásta nach ag déanamh brioscaí a chaith sí an lá.

Ach cad ina thaobh gur lean sí uirthi? Conas nár chaith sí a hata leis an gcúram fadó riamh?

Conas nár tuigeadh di gur istigh i gcró bréan muc a bhí sí agus gan a bheith ag súil le sibhialtacht, ní áirím comhionannas.

An amhlaidh gur cheap sí go n-éireodh léi leasú a dhéanamh ar an gcóras claonta nuair a bheadh cos istigh aici.
Sin í an fhealsúnacht inar chreid Michelle Obama.

Ar chreid Hillary san idéal feimineach?

Go seasfadh mná éirimiúla ábalta eile léi?
Go dtuigfidís di? Go mbeidís mórtasach as a cumas is a hábaltacht?

Mo ghraidhin go dealbh inniu í.
A croí ina bróga.
Agus ag éinne gur tábhachtaí leo sibhialtacht, comhionannas is cearta daonna.

Vótáil suas le 3 milliún duine níos mó ar a son ná mar a vótáil ar son an Trumpaire ach toisc córas casta, a ceapadh an chéad lá le cosaint a thabhairt don chaimiléireacht, thug sé siúd an chraobh leis.

Ba mhór an náire do Bhernie Sanders í a chiapadh chomh fada san lena fheachtas binbeach bréige.

Leathadh ráflaí gránna ina taobh agus deineadh éagóir uirthi, ach ní raibh an feachtas chomh holc le feachtas an Trumpaire.

Féach cé atá inniu aige. Balbhán bréan agus a chiseán ‘deplorables’ lena chois.
Dream a chreid ráflaí gan substaint faoin mbean chumasach ábalta san, Hillary.

Dream ná raibh sé de mheabhair acu éisteacht leis an fhírinne faoin gcaimiléireacht agus an chúbláil agus na bréaga is dual don Trumpaire.

Tá súil ag cuid againn, Hillary inár measc, táim cinnte de, nach in Ifreann ach ar an saol seo, a fhulaingeoidh an céatadán ard ban nár sheas léi  nuair a thuigfear dóibh i gceart cén sórt sochaí a chruthóidh an Amhailt Oráisteach dóibh.

Ceithre mbliana chun aithrí acu.
Madra Rua i bhfeighil na ngéanna.
Mar dá airde a éiríonn an priompallán, fós is ar bhualtrach bó…a thiteann sé.

Fág freagra ar 'Tá paiste ar leith in Ifreann do na mná nár thacaigh le Hillary Clinton chróga'

  • Seán Mac Gearailt

    A Chara,

    Siar sna hochtóidí, más buan mo chuimhne, bhí na “liobrálaigh” ag gearán go raibh antoiscigh ag bagairt ifrinn ar éinne a thacaigh le ginmhilleadh, colscaradh agus a leithéidí. Cuireadh “scaremongering” ina leith.

    Nach aisteach mar a chasann an roth. Anois “tá paiste ar leith …..”.

    Má tá Trump chomh dainséarach, munar fiú trumpa gan teanga é nach ait mar ar theip ar Hillary súáilceach, cumasach é a threascairt. Neosfaidh an aimsir cén sort uachtaráin atá tofa ag na Meiriceánaigh (agus ní mór an iontaobh atá agam as) . Ach má tá brí ar bith leis an daonlathas ní mór glacadh le rogha na ndaoine.

    Is Mise ,
    Seán Mac Gearailt.

  • Deargdaol

    Cad tá ar siúil len hiriseoir seo? Is dócha nach bhfuil eolas dá laghad aici ar saol nó saothair an Naomh Clinton ‘cróga’ seo. Bíonn neart le fáil fuithi. Níor chaill aon bhean áiríthe nó mná go ghinearálta an toghchán as SA, chaill an Hillary é! Seans mhaith nach raibh an aineolas chéanna ag an 52% de mhná a chaith a vótaí ina haghaidh. Tugann an alt thuas fé deara an fáth go bhfuil an feimineachas ag fáil bhás chomh tapadh is atá. ‘Hell hath no fury …’ mar a deirtear!

  • padraig o muircheartaigh

    Ta dul amu ort a chailin. Nil paiste in Ifreann ag fanacht dos na mna ciallmhara nár chaith vóta don bhean ghránna sin a thacaíonn go mór le marú leanaí. Tá an paiste sin ag fanacht le Clinton. Tá mná Mheiriceá níos ciallmhaire ná mar a cheap mé, buíochas le Dia (An bhfuil cead an focal Dia a úsáid na laethanta seo?). Is cuma liomsa, agus tá súil agam go mbeidh an t-ádh le Trump.

  • Pól Réamonn

    Ach an bhfuil Hillary fós tá ag iompar a “Anlann Spíosraithe” achan áit a théann sí?

  • Pádraig eile

    Ach sin an rud, Mar a luaigh Seosaimhín thuas vótáil beagnach 3 milliún duine sa bhreis ar son Clinton ná mar a vótáil do Trump ach fós féin sé an asal sin a bheidh mar uachtarán. Cén saghas daonlathas é seo? Tá an cheart ar fad ag tacóirí Clinton a bheith míshásta leis an dtoradh mídhaonlathach seo.

  • Pádraig eile

    Agus rud eile chomh maith, a Phádraig Ó Muircheartaigh, is Caitliceach óg mé (14) Agus táim ag rá leat nach aon Chríostaí in aon chor é Trump. Bheinn fiú ag rá go bhfuil na nathanna ar fad briste aige idir a shaint, a chaimiléireacht agus a mheas nó easpa measa ar sacraimint an pósadh. Is dóigh liom féinig gur ‘páiste de chuid ifreann’ é an Trumpach lofa.

  • Réaltán Ní Leannáin

    Searbhas is galar trumpach ar go leor de na fir a scríobh tuairim thuas, is léir. Mo léan iad. Cad a dhéanfaidh muid feasta gan fís? Mar is cinnte nach bhfuil fís dá laghad ag fear na dtuíteanna neamhshiomiadeacha, an t-uachtarán-le-bheith, an t-impir- gan-éadaí, an puipéad rúiseach. Má bhí lochtanna ar Hillary, ar a laghad bhí fís aici.

  • Seán Mac Gearailt

    Réaltán,
    Fís Hillary ba mhó a chuir daoine óna doras.