Tá níos mó ná seo tuillte ag Cumann Watty Graham

Is ar lucht eagair an lae, Cumann Lúthchleas Gael, atá an milleán is mó le leagan faoi chonspóid chluiche ceannais na gclubanna

Tá níos mó ná seo tuillte ag Cumann Watty Graham

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Agus mé á scríobh seo níl aon socrú déanta fós maidir le Cluiche Ceannais Peile na gClubanna Sinsearacha a imríodh ar Pháirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite.

Ba dhóbair dom a bheith ráite agam nach raibh aon ‘réiteach’ déanta fós ach sí mo thuairim go dtugann an focal ‘réiteach’ le tuiscint go bhfuil chuile thaobh sásta lena bhfuil socraithe. Cuma céard a tharlóidh, ní mar sin a bheas sa gcás áirithe seo agus ceann scríbe sroichte.

Ar bhealach, thabharfadh athimirt clabhsúr de chineál leis. Fós go ceann blianta, beidh ar thit amach ag déanamh angaidh dóibh siúd ar fad atá sáite ann.

Is ar lucht eagair an lae, Cumann Lúthchleas Gael, atá an milleán is mó le leagan. Fianaise gur sáraíodh riail. Níos measa fós, a rá ansin nach fúthu féin a bhí sé breithiúnas a thabhairt go gcuirfeadh caillteoirí na himeartha agóid faoina mbráid.

Mar is dual do bhuaiteoirí, rinne Na Crócaigh-Cill Mochuda a gcuid ceiliúrtha agus Corn Andy Merrigan buaite acu – nó sin a cheapadar gur tháinig sé chun solais go raibh fear breise ar an bpáirc acu nuair a thug a gcéilí comhraic faoi dhreas deiridh imeartha an chomhraic.

Gan a gceannas a chur in iúl arís in athimirt, beidh smál go deo ar an ngaisce a rinne siad Dé Domhnaigh seo caite. Anuas air sin, tá lot déanta ar cheann de na laethanta móra i stair an chumainn seo ó dheisceart Bhleá Cliath. Má bhíonn athimirt ann agus má bhuann siad, beidh an útamáil a rinneadh ceangailte choíche lena ngaisce.

Níos measa fós ar bhealach atá a bhfuil i ndán do Chumann Watty Graham as an nGleann. Ní mheasaim é a bheith ceart ná cóir go mba leosan agus nach mba leis na húdaráis an scéal a thabhairt céim eile chun cinn agus an treascairt tugtha faoi deara.

I gcás go mbeidh athimirt i gceist agus an bua a bheith ag cumann Dhoire, beidh sé le caitheamh ina mbéal go deo gurbh é leabhar na rialacha a chuidigh leo ina ngaisce. Buacach nó caillteach, beidh an cháil orthu gur dream iad gur dona an glacadh atá acu leis an gcailleadh.

Tá níos mó ná sin tuillte acu.

Club eile de chuid Chumann Lúthchleas Gael atá ainmnithe i gcuimhne ar fhear a cuireadh chun báis as a chuid iarrachtaí neamhspleáchas a bhaint amach ar son na hÉireann is ea Cumann Watty Graham. Ba in Éirí Amach 1798 a bhí seisean páirteach agus ba sheanóir é de chuid na hEaglaise Preispitéirí.

Rud neamhghnách go maith a bhí ansin i ngluaiseachtaí náisiúnacha a lean, ach cuimhnigh, cé is moite de Wolfe Tone agus de Thomás Ruiséil, go mba bhaill den eaglais sin a bhunaigh na hÉireannaigh Aontaithe i mBéal Feirste i 1791.

I bhfianaise a raibh tarlaithe i Meiriceá agus sa bhFrainc, ba é a mian go ndéanfaí daonlathas d’Éirinn ina mbeadh mórán na cearta agus na deiseanna céanna ag chuile dhuine, beag beann ar a gcine ná ar an gcreideamh a bhí acu.

Liberté, Égalité, Fraternité.

Úinéir talún as an nGleann atá buailte ar Mhachaire Rátha in oirdheisceart chontae Dhoire ab ea Watty Graham. D’fhág a chúraimí mar sheanóir eaglaise go ndéanfadh sé freastal ar shionaid i mBleá Cliath anois agus arís. Ba ansiúd a tháinig sé faoi thionchar na nÉireannach Aontaithe agus bhunaigh sé craobh den eagraíocht sin i Machaire Rátha.

Ar an 7 Meitheamh 1798, ghlac Watty Graham agus na céadta fear seilbh ar bhaile Mhachaire Rátha. Maidin lá arna mhárach bhíodar le casadh ar bhuíon níos mó a bhí faoi chúram Henry Joy McCracken a bhí i gceannas an éirí amach i mBaile Aontroma.

Nuair a chlis orthu siúd agus nuair a tháinig an scéala chomh fada le Graham go raibh ceannas ag saighdiúirí Shasana ar Dhroichead Thuama agus go raibh siad ag déanamh ar Mhachaire Rátha, bhí a fhios aige go raibh an cath caillte.

Theith a bhformhór siúd a bhí faoina cheannas. Tharla roinnt achrainn idir an beagán a d’fhan agus na saighdiúirí, a sciúrsáil a raibh ina dtimpeall agus a dhóigh an eaglais Phreispitéireach ar an mbaile go talamh.

Ina dhiaidh dúirt an giúistís go mba Phreispitéirigh iad siúd ar fad a gabhadh, cé is moite d’aon Chaitliceach amháin agus aon bhall amháin d’Eaglais Shasana.

Ar an 19 Meitheamh 1798, crochadh Watty Graham de chrann taobh amuigh de shéipéal Eaglais na hÉireann i Machaire Rátha. Tugadh a chloigeann ar cheann píce feadh an bhaile sin.

Fág freagra ar 'Tá níos mó ná seo tuillte ag Cumann Watty Graham'

  • Lorcán Mac Gabhann

    Is fiú é seo a rá, a Mhartan,

    “Tá níos mó ná seo tuillte ag Na Crócaigh”.

  • Seán

    Ainneoin go raibh riail sáraithe acu, tá an corn ag na Crócaigh, tuillte nó gan a bheith. Dáiríre beidh éagóir i gceist cuma cén deireadh a bheas ar an scéal.

  • file

    Ach seo an cheist: ar sháraigh na Crócaigh an riail d’aonturas?

  • Sean

    Is lag an chosaint in aon chúirt a rá nach thuig tú go raibh an dlí á shárù agat.