Tá na gnóthaí beaga tuaithe ag imeacht as agus ní chomhaireann daoine na mílte ná na ciliméadair go Lidl…

Ní thuigeann muintir an bhaile mhóir an tubaiste a bhaineann le gnó beag a bheith ag imeacht as saol an tsráidbhaile

Tá na gnóthaí beaga tuaithe ag imeacht as agus ní chomhaireann daoine na mílte ná na ciliméadair go Lidl…

Chuir sé alltacht ar go leor daoine an tseachtain seo nuair a d’fhógair An Post go rabhadar le 159 Oifig Poist eile ar fud na tíre a dhúnadh. Thit an tua go trom ar mhuintir an iarthair, go háirithe. Ní thuigeann muintir an bhaile mhóir an tubaiste a bhaineann le gnó beag mar sin, atá lárnach do shaol an tsráidbhaile, a bheith imithe ar fad.

Deir Ceannasaí An Post, David McRedmond, gurb é an trua é nár chuir an Rialtas níos mó seirbhísí poiblí – ar nós ceadúnais agus cáin bhóthair – isteach faoi chúram na n-oifigí poist. Agus cén fáth nár chuir?

Déantar dearmad de sa lá atá inniu ann, go raibh níos mó ná seirbhísí poist, á gcur ar fáil iontu uair amháin. An bhfuil an malartán teileafóin ligthe i ndearmad ar fad?

Cuimhním ar an uair a mbíodh mé féin ag obair don pháipéar Amárach sna 1980idí. Dá mbeadh fonn ort glaoch a chur, abair, ar an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, bheadh ort iarraidh ar an rúnaí glaoch a chur tríd agus fanacht go nglaofadh sise ar an malartán i nGaillimh agus go nglaofadh siadsan ar an malartán i mBaile an Róba. Uaidh sin théadh sé go dtí oifig an phoist i gCorr na Móna agus ghlaodh siadsan ar oifig an Teachta Dála.

Ní ligfeadh an náire duit glaoch ar ais dá mba rud é go ndearna tú dearmad ar rud éigin.

Bhí sé de cháil ar oifig poist áirithe ar oileán Gaeltachta nár chóir glaoch ‘a chur tríd’ idir 7pm agus 7.30pm toisc go mbíodh sí ag éisteacht leis an Nuacht ar Raidió na Gaeltachta ag an am. Nach raibh a fhios sin ag gach éinne?

Bhí agus bhí a ‘fhios ag gach éinne’ faoi níos mó ná sin mar faoin seanchóras poist agus teileafóin, bhí madraí an bhaile ar an eolas faoi gach ar bhain le madraí eile an bhaile.

An bhfuil an ‘party line?’ dearmadta freisin ag daoine? Is cuimhin liom a bheith i dteach m’uncail i mbaile beag tuaithe i Sligeach. Aon uair a ghlaoigh an teileafón, b’éigean na ‘cloigíní’ a comhaireamh. Má bhí níos mó ná trí chloigín ag bualadh, chiallaigh sé gur do theaghlach eile a bhí an glaoch teileafóin.

Ach d’fhéadfadh duine ar bith (agus an mháistreás poist san áireamh) éisteacht leis an gcomhrá! Bhí ciall eile le bheith ‘ar líne,’ an uair sin. Agus má chuala tú análú láidir ag cur isteach ar do chomhrá, d’fhéadfá fainic a chur ar chomharsana gan a bheith ag éisteacht! (Agus ní fhéadfaidís clamhsán a dhéanamh).

Bhí oifig poist Bhealach a’ Doirín an-ghnóthach agus beirt deirféaracha- na Misses McLoughlin, i mbun an ghnó. Chuireadh sé scanradh ar pháiste ar bith, dá n-iarrfaí orthu dul chomh fada leis an mbosca teileafóin agus glaoch a ‘chur tríd’. Dá mbeadh na McLoughlins  gnóthach ag an gcuntar, ag díol ‘aerogramme’ nó ag cur dúch sna buidéil, nó ag sórtáil beartáin as Meiriceá, bhí mí-ádh ort. Bheifeá ansin ar an gCearnóg, an teileafón i do láimh agat, os comhair an domhain mhóir, agus lucht na hoifige poist ag déanamh neamhaird díot.

Bhí an-tóir ag úinéirí siopaí ar ghnó oifig an phoist. Bhí a fhios acu go maith acu go dtabharfadh gnó an phoist gnó eile isteach sa siopa. Ní haon timpiste é go mbíonn an cuntar poist suite i gcúl aon siopa a mbíonn gnáthearraí grósaera ann chomh maith. Is cuimhin liom mo mháthair ag rá go mbeifí ag súil go gcaithfeadh tú ar a laghad cuid den airgead as, abair, an liúntas leanaí, sa siopa ar do bhealach amach.

Ag triail ar an siopa áitiúil le linn an tsneachta

Bhí bá aici ar aon nós le húinéirí siopaí, toisc go raibh siopa acu féin sa mbaile nuair a bhí sí óg. Agus lean cúpla uncail liom leis an traidisiún sin. Ní raibh aon Ghaeilge ag mo sheanmháthair agus chualathas í uair amháin ag siúl an bhóthair ag rá ‘stampa, stampa, stampa’. Bhí sí tar éis iarratas a chur isteach ar oifig an phoist agus bhí sí ag iarraidh na téarmaí bunúsacha a fhoghlaim.

Níor éirigh léi. Ach, b’fhéidir nár thuig sí ach an oiread, go raibh polaitíocht lárnach sa scéal agus mura raibh an pholaitíocht cheart agat, ní bhfaighfeá duais chomh luachmhar le hoifig poist.

I ngan fhios di, bhí mac léi i mbun ‘fo-oifig poist’ sa siopa. Bhí brú damanta ar an bhfear poist áitiúil toisc go raibh bóthar fada le siúl aige gach maidin, cuma cén aimsir a bhíodh ann, le litreacha agus beartáin ina mhála. Bhí sé bréan de bheith ag seachadadh billí ag fear áirithe. D’fhógair sé ar m’uncail lá sa siopa – ‘I wish that man would pay his bill and not have me marching all the way to Mullach a’ tSí’. D’iarr sé ar  m’uncail an litir sa gclúdach donn a choinneáil ar an tseilf go dtiocfadh mo dhuine isteach sa siopa. Spréach mo sheanmháthair agus dhún an fho-oifig poist mhídhleathach chomh luath agus  a fuair sí amach fúithi.

Le cúpla lá anuas, a thosaigh an raic i gceart faoi dhúnadh na n-oifigí poist tuaithe. Chonaic mé go raibh ‘Ocean FM’ ag craoladh beo as Tigh Murray sa Ghoirtín i gcontae Shligigh an lá cheana, agus muintir an bhaile ag agóidíocht faoi dhúnadh na hoifige poist. Bhí cáil ar An Goirtín – agus Tigh Murray – sa teach s’againne mar gheall ar an gceangal le ceol traidisiúnta agus bíonn na sluaite fós ag tarraingt ar an mbaile chuile bhliain.

Níos gaire do bhaile bhí, agus tá, Mainistir Aodáin, baile sa chontae céanna a raibh an-cheangal ag mo mhuintir leis. Beidh an oifig ag dúnadh ansin freisin. Suite gar do Loch Uí Ghadhra, tá an oifig poist ansin ar ceann den chúpla gnó beag atá fanta ann. Uair amháin bhíodh óstán breá an Lough Gara Hotel ann chomh maith le teach ósta (Mattie Drury’s), siopa mór crua-earraí agus grósaera (Mahon’s), siopa grósaera agus troscáin (mo ghar-uncail Jack Surlis) agus oifig an phoist, agus iad ar fad cruinnithe thart ar an gcrosbhóthar. 

Ach ní hiad an Rialtas is cúis le imeacht na ngnóthaí beaga tuaithe. Ní chomhaireann daoine na mílte ná na ciliméadair go Lidl níos mó. Nuair a bhíonn siad ‘ar líne’ anois ní ag éisteacht le biadáin a bhíonn siad. Féach ar an méid ‘parcel motels’ agus veaineanna courier atá ar bhóithre na hÉireann anois, ag seachadadh earraí a ceannaíodh ar líne.

Nuair a bhí an sneachta mór ann cúpla mí ó shin, chuireamar aithne ar chomharsana nach bhfaca muid roimhe sin. Cosúil leis na seanlaethanta, chruinnigh gach duine isteach i siopa beag bídeach áitiúil a rabhamar ar fad in ann siúl chuige. Chuile dhuine ag caint agus ag roinnt scéalta faoin drochaimsir. Bhí atmaisféar iontach ann. Cineál ‘Mattie Towey’s’ i lár Bhaile Átha Cliath. Ghlan an sneachta agus ghlan na sluaite.

Dúnadh an siopa cúpla mí ó shin agus díoladh é ar mhaithe ‘le forbairt’.

Fág freagra ar 'Tá na gnóthaí beaga tuaithe ag imeacht as agus ní chomhaireann daoine na mílte ná na ciliméadair go Lidl…'

  • Valerie

    GRMA, bhain mé an-sult as an alt sin… tá Oifig an Phoist thar a bheith maith againn i gCarraig an Chabhaltaigh, Ceann Léime, fós, áit a bhfuil cuid mhór earraí áitiúla ar fáil inti, ‘leabharlann’ de leabhair saor in aisce agus ceol ón raidió á chraoladh amuigh sa tsráid. Cuireann sé atmasféar iontach ann do mhuintir na háite agus cuairteoirí beirt. Ar ndóigh, is é Pat an fear a chuireann sé sin uile ar fáil dúinn. GRMA Pat!