Tá na Gasóga i sáinn. An féidir an eagraíocht a tharrtháil?

An dtiocfaidh na Gasóga slán mar eagraíocht ón ngéarchéim seo, nó an bhfuil deireadh ré ag bagairt orthu cheal muinín an phobail?

Tá na Gasóga i sáinn. An féidir an eagraíocht a tharrtháil?

Thug cathaoirleach Tusla Pat Rabbitte neamhfhreagra macánta ar cheist a chuir Seán O’Rourke air ar a chlár raidió Dé hAoine.

An mbeadh aon imní ort, a dúirt an láithreoir leis, dá mbeadh do pháiste nó do gharpháiste ag dul as baile leis na Gasóga ar feadh an deireadh seachtaine?

‘Ní féidir liom freagra a thabhairt ar do cheist agus cúrsaí mar atá,’ ara Pat Rabbitte. Bhí idir admháil stuama agus ábhar imní sa fhreagra sin.

Ceapadh an t-iar-aire anuraidh mar chathaoirleach ar an bhforas stáit atá freagrach as seirbhísí do pháistí agus do theaghlaigh, cosaint leanaí san áireamh. B’ionann an cheist nach raibh sé ábalta a fhreagairt agus an cheist is bunúsaí dá gcuirtear ar cheannasaí ar bith faoi eagras ar bith: an bhfuil muinín agat as?

Nuair a sheachnaíonn Taoiseach nó aire ceist dá leithéid, léirítear láithreach do chách go bhfuil atheagrú beartaithe agus/nó briseadh as a phost ag bagairt ar phríomhfheidhmeannach an eagrais.

Níl an pointe sin sroichte fós sa chonspóid seo, ach bhí imní an

Aire Leanaí Katherine Zappone follasach agus ceisteanna á bhfreagairt aici sa Dáil Dé Céadaoin.

Níor fiafraíodh di an raibh muinín aici as Gasóga Éireann nó as na daoine atá i gceannas ar an eagraíocht, ach bhí go leor cúiseanna imní follasach sa chur síos a rinneadh ar litir a chuir Tusla chuig na Gasóga ar 18 Eanáir. Dúradh sa litir nach raibh dóthain á déanamh ag na Gasóga chun a ndualgais de réir dlí maidir le cosaint páistí a chomhlíonadh.

Tugadh le fios níos deireanaí gur chinn an tAire gur chóir di litir Tusla a fhoilsiú ina hiomláine (féach thíos) tar éis d’Ian Elliott, saineolaí ar chosaint leanaí atá fostaithe ag na Gasóga, scéala a chur chuici nár aontaigh sé leis na tuairimí ná leis na moltaí a chuir Tusla chucu.

Ba léir imní agus éiginnteacht araon i ráiteas an aire sa Dáil, agus sa bhfreagra seachantach a thug Pat Rabbitte ar an raidió. Ní raibh aon éiginnteacht áfach sa bhunphrionsabal a d’fhógair Katherine Zappone. Caithfear tús áite a thabhairt i gcónaí do chosaint leanaí, a dúirt sí, agus ní ghlacfar le comhréiteach ar bith chomh fada agus a bhaineann lena sábháilteacht.

Gan dabht is é foilsiú litir Tusla (atá le léamh anseo) an comhartha imní agus míshásaimh is soiléire a thug Katherine Zappone. Ní féidir leis an aire ná le duine neamhchlaonta ar bith eile breithiúnas stuama a thabhairt faoi láthair ar an lochtú a dhéantar ar na Gasóga sa litir, ná ar an mhaíomh Ian Elliott, ar son na heagraíochta, nach bhfuil an lochtú sin tuillte acu.

Ach ní féidir an scéal a fhágáil mar atá sé, go háirithe ó mhol Tusla go mb’fhéidir gur chóir do na Gasóga turais thar oíche a chur ar ceal. Is dlúthchuid den oiliúint agus den spraoi a ghabhann le ballraíocht sna Gasóga dul as baile leo, mar is eol do scríbhneoir an cholúin seo agus do gach iarghasóg.

Is díol suntais é nach bhfuil treoir shoiléir maidir le turais as baile tugtha ag Tusla ná ag an Aire Leanaí do na Gasóga ná do thuismitheoirí. Is léir do gach duine stuama nach féidir barántas iomlán sábháilteachta a thabhairt, ach ní bheidh na Gasóga ná na tuismitheoirí slán ó bhuairt go mbeidh deireadh leis an éiginnteacht ag an leibhéal oifigiúil.

Tá cuireadh tugtha ag Coiste Leanaí an Oireachtais d’ionadaithe ó Tusla agus ó na Gasóga freastal ar chruinniú go luath. Faoi láthair, ní

léir go mbeadh ceachtar eagraíocht

ábalta freagra sásúil a thabhairt ar an gceist a sheachain Pat Rabbitte agus cúis réasúnta aige.

Ní féidir, agus an scéal amhlaidh, ceist níos bunúsaí a chur as an áireamh. An dtiocfaidh na Gasóga slán mar eagraíocht ón ngéarchéim seo, nó an bhfuil deireadh ré ag bagairt orthu cheal muinín an phobail?

Fág freagra ar 'Tá na Gasóga i sáinn. An féidir an eagraíocht a tharrtháil?'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Chomh luath agus a bheidh an cheist seo scrúdaithe agus pléite go mion agus go poiblí ag Coiste Leanaí an Oireachtais is fearr. Tá mearbhall ar ghnáthphobail na tíre. Ar thaobh amháin, tá Tusla: nach ró-fhada ó shin gur dhein an eagraíocht chéanna líomhaintí bréagacha i gcás suantasach Maurice McCabe. Ar an taobh eile, tá Ian Elliot go bhfuil cáil agus aitheantas náisiúnta air mar shaineolaí ar shábháltacht agus cosaint leanaí. Agus ansan tá Katherine Zappone, nach é an chéad uair a dhein sí turas aonair, agus Pat Rabbitt (“keeping it simple” arís?).