Tá na crainn is sine ar domhan ag fáil bháis agus ní fios cén fáth

NOD DON EOLAÍ: Meastar go bhfuil athruithe sa chóras aeráide ag cur isteach ar éiceachóras na hAfraice. B’fhéidir go bhfuil na hathruithe céanna ag cur isteach ar an bhaobab agus ag cur an ruaig ar an chrann íocónach seo.

Tá na crainn is sine ar domhan ag fáil bháis agus ní fios cén fáth

Is é an baobab an crann bláthanna is sine agus is mó ar domhan.  De réir taighde a foilsíodh an tseachtain seo caite fuair na crainn bhaobab is sine bás le 13 bliain anuas.  Ní fios cén fáth go bhfuair siad bás, ach síltear go bhfuil baint ag athrú aeráide na hAfraice leis.

Tá crainn ann atá gan bhláthanna (buaircínigh) agus crainn le bláthanna (angaispeirmeacha). Is é an péine colgach (Pinus longaeva) an buaircíneach is sine ar chlár an domhain. Tá cuid de na crainn seo níos mó ná 5,000 bliain d’aois. Tá siad le fáil inniu sna fásaigh i Meiriceá Thuaidh. 

Is é an baobab (Adansonia digitata) an planda le bláthanna is sine a mhaireann ar domhan.  Fásann an baobab i measc na gcrann agus na bhféar éagsúil i sabhána na hAfraice. 

Tá líon na bplandaí sa sabhána ag athrú le blianta anuas. Tá foireann eolaithe ag déanamh taighde faoi láthair ar an bhaobab sa sabhána chun a fháil amach an gcuirfidh na hathruithe seo isteach ar an gcrann ársa seo.  Sa bhliain 2005 foilsíodh taighde a léirigh gur bhain an baobab aois an-mhór amach.  Thángthas ar bhaobab sa tSiombáib a bhí 2,500 bliain d’aois.  Go dtí sin ní raibh a fhios againn go raibh na crainn chomh sean sin.

Ó shin i leith, bíonn lucht taighde ag déanamh anailíse ar fhás na bplandaí is ársa.  De réir na tuairisce a foilsíodh san iris Nature Plants ar na mallaibh, fuair cuid de na crainn is sine bás idir 2005 agus 2017. 

Bhí clú faoi leith ar chuid de na crainn agus dá bharr bhí a n-ainm féin tugtha ar chuid acu.

Fuair an crann is sine, an baobab Panke sa tSiombáib a bhí 2,500 bliain d’aois, bás idir 2010 agus 2011.

Fuair an baobab Platland san Afraic Theas, a bhí 1,100 bliain d’aois, bás in 2017.

Thit an baobab Chapman, a bhí 1,400 bliain ag fás sa Bhotsuáin, go tobann ar an 7 d’Eanáir 2016.

Tá fianaise ann go bhfuil crainn de chuid an bhaobab ag fáil bháis ar fud na hilchríche.

Ní fios cad ina thaobh a bhfuil siad ag fáil bháis.  Ní raibh galar d’aon saghas ar na baobab Panke, Platland, ná Chapman.  Síltear gurb é an t-athrú aeráide i ndeisceart na hAfraice is cúis le bás na gcrann. Ach ní fios go cruinn cad é ba chúis leis.

Tuigtear go bhfuil athruithe sa chóras aeráide san Afraic taobh thiar d’athruithe eile sa sabhána.  Cuir i gcás, tá níos mó crann agus níos lú féir ag fás sa sabhána inniu ná mar a bhíodh.  B’fhéidir gurb iad na hathruithe céanna sin atá ag cur isteach ar an bhaobab agus ag cur an ruaig ar an chrann íocónach seo.

Fág freagra ar 'Tá na crainn is sine ar domhan ag fáil bháis agus ní fios cén fáth'

  • wtf

    Is trua sin ach sín chugam eochair mo ghluaisteáin.

  • sinead

    Is comharthaí é sin go bhfuilimid ag druidim le deireadh, tá fhios ag na crainn é.