‘Tá na Corcaígh ag teacht ach níl deireadh tagtha le ré Luimnigh go fóill’

Deir iarimreoir Luimnigh Mark Foley go bhfuil sé cinnte go mbeidh an lá le foireann seo Chorcaí gan mhoill ach go bhfuil sé róluath acu sárfhoireann seo Luimnigh a chur dá mbuille

‘Tá na Corcaígh ag teacht ach níl deireadh tagtha le ré Luimnigh go fóill’

Bíonn sé deacair an ceann is fearr a fháil ar fhoirne Chorcaí nuair a bhíonn siad lán de mhuinín agus is maith a thuigeann iarimreoir Luimnigh, Mark Foley sin. Chaith Foley 15 bliain ag imirt dá chontae agus cé go bhfuil gnéithe áirithe den iomáint athraithe go mór ó d’éirigh sé as in 2009, tá rudaí eile nach bhfuil athraithe ar chor ar bith.

“Tá Corcaigh mar a bhí Corcaigh sna nóchaidí, sna hochtóidí, sna seachtóidí. Leis an seantraidisiún atá acu, nuair a bhíonn muinín acu bíonn siad ag tnúth leis an gcluiche a bhuachan,” arsa Foley.

Is cinnte go mbeidh a dtaispeántais i gcluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh Chill Chainnigh tar éis borradh a chur faoi imreoirí Chorcaí ach dúshlán éagsúil atá rompu Dé Domhnaigh agus iad ag tabhairt aghaidh ar shárfhoireann Luimnigh. Measann Foley go léireofar sin ag an deireadh seachtaine.

“Cé go bhfuil Corcaigh ag teacht agus iad lán de mhuinín, agus nach bhfuil aon amhras orm ach go mbuafaidh siad Craobh na hÉireann faoi cheann bliana nó dhó, ní dóigh liom go bhfuil siad réidh faoi láthair.”

Is beag duine a bhí ag súil go mbainfeadh Corcaigh áit amach sa chluiche ceannais i mbliana. Bhí imreoirí maithe ag teacht chun cinn sa chontae ach, mar a deir Foley, measadh go mbeadh cúpla bliain eile orthu sula mbeadh siad in ann iarracht mhaith a thabhairt faoin gcraobh a bhuachan.

A mhalairt a bhíothas a rá faoi Luimneach agus súil ann i gcónaí go mbeadh áit acu sa chluiche ceannais. Mar sin féin cé go raibh an chuma ar an bhfoireann i gcraobh 2020 nach raibh a sárú ann, ní rabhadar gan locht i mbliana.

Bhíodar gan aon chluiche a bhuachan agus trí bhabhta den tsraith imeartha acu ach níor thóg sé i bhfad ar fhir Luimnigh a gcumas a léiriú agus thug siad greadadh d’fhoireann óg Chorcaí agus don Iarmhí roimh thús na craoibhe.

“Cé go raibh cúpla duine buartha faoi na torthaí i rith na sraithe, an rud is tábhachtaí ná go raibh an fhoireann ag dul i bhfeabhas i gcónaí,” a deir Foley.

Mar sin féin, bhí Luimneach fós deich bpointe chun deiridh ag leath ama i gcluiche ceannais na Mumhan in aghaidh Thiobraid Árann ach d’éirigh leo rudaí a chur ina gceart sa dara leath le ceann de na taispeántais is fearr atá tugtha ag aon fhoireann riamh. An lá sin i nDurlas, cuireadh stop leis an gcaint nach raibh Luimneach go hiomlán istigh leo féin.

Wake-up call ceart a bhí ann,” a deir Foley. “D’athraigh siad struchtúr na foirne sa dara leath den chluiche sin agus bhí William O’Donoghue agus Darragh O’Donovan in ann cúlú siar i lár na páirce chun bearnaí a líonadh.

“Sin é an córas is oiriúnaí do Luimneach. Sin a bheidh le déanamh in aghaidh Chorcaí freisin, an spás a laghdú agus, nuair a bhíonn an sliotar acu, briseadh amach ar luas lasrach agus spás a chruthú do na tosaithe atá ag Luimneach.

“Beidh Corcaigh ag iarraidh go leor spáis a bheith ann ach caithfidh Luimneach a chinntiú go mbeidh an cluiche teann agus é lán le fisiciúlacht agus neart.”

Deir Foley gur féidir le Luimneach ceachtanna a fhoghlaim ón gcluiche a bhí idir iad féin agus Corcaigh i gCraobh na Mumhan i mbliana. Bhuaigh Luimneach le hocht bpointe ar deireadh ach thug Corcaigh a ndúshlán.

“Caithfidh mé a admháil go raibh na match-ups mícheart ag Luimneach in aghaidh Chorcaí i gCraobh na Mumhan. Caithfear a bheith níos cliste ar an Domhnach. Ní chuirfear an oiread béime ar na coimhlintí aonair sin agus díreofar ar struchtúr agus ar chóras imeartha na foirne chun a dhéanamh cinnte nach mbeidh an spás sin ag Corcaigh. Sin an príomhrud.

“Díreofar ar na pocanna amach, cinn Chorcaí go háirithe. Chuir siad an-bhrú ar phocanna amach Chorcaí sa chluiche sraithe, bhí siad in ann an high-press a úsáid agus chruthaigh sé an-deacrachtaí do Chorcaigh.”

Deir Foley nach bhfuil mórán cleachtaidh acu i Luimneach a bheith ag prapáil do chluichí móra i bPáirc an Chrócaigh agus iad ina rogha láidir na coitiantachta ach go bhfuil ardmholadh tuillte ag na himreoirí agus ag an mbainisteoir, John Kiely as an nguaim atá coinnithe ar na himreoirí le cúpla bliain anuas.

“Tá [Kiely] thar a bheith cliste agus an-stuama. Tá sé macánta chomh maith agus tá sé sin tábhachtach,” a deir Foley. “Na himreoirí féin, tá siad lán de mhuinín ach níl siad rómhuiníneach. Tá aithne agam orthu agus cuireann siad an-bhéim ar an taispeántas, thar aon rud eile, agus sin an meon atá ag John Kiely freisin.”

Tá gaisce déanta ag foireann Luimnigh seo nach bhfuil déanta ag foirne an chontae le blianta fada agus a gcomharsana sa chúige faoina scáth acu i láthair na huaire. Deir Foley gur thuig lucht iomána an chontae go raibh smaointe nua ag teastáil má bhíodar chun an ceann is fearr ar na boic mhóra sa tír.

“Nuair a fhéachann tú ar Luimneach mar chontae, tá muid taobh le Tiobraid Árann agus taobh le Corcaigh. Tá siad i bhfad níos mó ná Luimneach agus tá níos mó imreoirí acu.

“Caithfimid rud éigin difriúil a dhéanamh mar thoradh air sin agus tá go leor, leor oibre curtha isteach san Acadamh le roinnt blianta anuas chun an meon ceart a chothú sna himreoirí, na scileanna go léir a fhorbairt agus imreoirí difriúla a chruthú ar leibhéal difriúil.

“Chomh maith leis sin, tá go leor oibre déanta ó thaobh nirt agus fisiciúlachta de, ó thaobh béile de. Sin uile is cúis leis an rath atá orthu i láthair na huaire.”

Deir Foley go dtuigtear go maith freisin nach mbíonn in aon rud ach seal agus go gcaithfidh Luimneach gach deis a bhíonn acu ar chraobh na hÉireann a bhuachan a thapú. Tá tuairim aige go mbeidh a lá ag foireann óg seo Chorcaí ach tá súil aige go mbeidh siad tamall eile ag fanacht.

Fág freagra ar '‘Tá na Corcaígh ag teacht ach níl deireadh tagtha le ré Luimnigh go fóill’'