Tá muineál ag na heaspaig a bheith ag praeitseáil linn faoin ngéarchéim tithíochta

Moltar sa Bhíobla ‘dídean a thabhairt do bhochtáin gan teach gan treabh’. Déanadh easpaig na hÉireann amhlaidh…

Tá muineál ag na heaspaig a bheith ag praeitseáil linn faoin ngéarchéim tithíochta

An troscadh is áil liom, nach é seo é?

dar briathar an Tiarna Dia:

Geimhleacha na héagóra a scaoileadh,

an ceangal a bhaint den chuing;

an dream a smachtaíodh a scaoileadh saor amach,

an uile chuing a bhriseadh;

do chuid aráin a roinnt le lucht ocrais,

dídean a thabhairt do bhochtáin gan teach gan treabh,

éadach a chur ar an té a fheiceann tú nocht

agus gan faillí a dhéanamh i do dhualgas i leith do mhuintire (Íseáia 58:6-7)

N’fheadar an bhfuil aon triúr eile in Éirinn go bhfuil níos mó measa ag muintir na tíre orthu ná an Bráthair Kevin, an tAthair Peter McVerry agus Sr. Stan. Tá a saol caite acu triúr ag teacht i bhfóirithint ar bhochtáin, ag cur bia agus fothain ar fáil do dhaoine gan dún gan áras, agus déanann siad amhlaidh gan gleo gan maíomh. Tríonóid na trócaire iad dóibh seo gurb é an páille a bpiliúr.

Nuair a deir éinne de thriúr acu go bhfuil an ghéarchéim tithíochta agus easpa dídine níos measa fé láthair ná mar a bhí aon uair ó thosnaíodar ag tabhairt déirce do dhaoine gan dídean, éistear leo, mar is ón gcroí amach atá sé ag teacht. Fíor-Chríostaithe is ea iad, ag déanamh beart de réir bhriathar Chríost. Tá a gcuid aráin á roinnt acu le lucht an ocrais, agus tá dídean á tabhairt acu do bhochtáin gan teach gan treabh.

Is ait an rud é, ach ba dhóigh leat gurb iad a leithéidí sin a bheadh i gceannas ar an eaglais a bhunaigh Naomh Peadar, ach mo léan, is léir nach bhfuil an Chríostaíocht nó an charthanacht sin ina choinníoll le bheith id’ easpag.

Agus an triúr thuas ag tindeáil ar dhaoine atá i ngátar, tá a mbasanna, easpaig na heaglaise Caitlicí, ag seanmóinteacht óna bpáláis agus óna n-altóirí órga ó cheann ceann na tíre. Goilleann an ghéarchéim go mór orthu, a deir siad; shamhlófá iad ag ceann an bhoird i bPálás an Easpaig, agus na deora ag sileadh leo agus ag titim isteach ina gcuid foie gras. Is dócha mura mbeadh buidéil de shean gach dí acu go gcaillfeadh an t-ochlán iad.

Déarfar liom gur áiféis chainte atá agam, ach is deacair géilleadh de chaint na n-easpag fé easpa tithíochta, ó tá an eaglais Chaitliceach ar cheann de na húinéirí maoine is mó agus is saibhre in Éirinn. Bhí tráth ann go raibh os cionn deich míle paiste talún nó foirgneamh ar fud na hÉireann ag an eaglais, agus cé go bhfuil roinnt de sin tugtha ar láimh acu don stát mar chúiteamh ar an díobháil a dheineadar do leanaí, níl aon drochspeilp fós orthu.

Féach an pálás atá ag Ardeaspag Átha Cliath. Cad ab áil d’aon easpaigín beag amháin do thigh chomh mór? Nach bhféadfaí dornán maith árasáin sóisialta a thógaint sa phálás, agus roinnt mhaith tithe sa ghairdín? Más rud é go bhfuil an ghéarchéim tithíochta ag cuir oiread san tinnis orthu, abair.

Chuireadar, na heaspaig, litir thréadach amach anuraidh fén ngéarchéim tithíochta agus an easpa dídine. Tá sé lán go gunail de mholtaí ar cad ba cheart (bhuel, cad ba cheart do gach éinne eile seachas iad féin) a dhéanamh fén ngéarchéim. Tá briathra breátha ag na bráithre dúinn sa cháipéis, a leithéid seo:

‘We believe that action must be taken to increase the supply and reduce the price of housing for purchase; that there needs to be an urgent and substantial increase in social housing provision.’

An stát agus na húdaráis áitiúla ba cheart é seo a dhéanamh, gan dabht. Deir siad chomh maith:

‘We wish to state unambiguously that we Christians must do all within our power to improve the current situation in which tens of thousands of people live without homes or in inadequate or unaffordable housing, for in the homeless and the poor, ‘it is Jesus who comes’.’

N’fheadar an bhfuilid féin chun beart a dhéanamh de réir a mbriathar? Bhfuilid féin chun scéimeanna móra tithíochta a chur ar bun ar a dtailte, a thabharfadh faoiseamh éigin do theaghlaigh éigin atá á cheal? Beag an baol, mhuise.

Seo an eagraíocht is mó a dhein dochar síceolaíoch fadtéarmach do shochaí na hÉireann, an t-eagras a thug cead a gcinn do chuid de na coirpigh is measa dá bhfacthas in Éirinn riamh ionsaithe a dhéanamh ar na daoine ba leochailí sa tsochaí, agus a shéan go raibh aon eolas acu fúthu, a dhíol leanaí beaga fé mar a dhíolfá beithígh agus a choimeád máithreacha ina sclábhaithe. Dá mbeinnse i gceannas ar an eagraíocht seo bheinn ag luí amach orm féin chun maithiúnas a thuilleamh ón bpobal ar son na heagraíochta. Bheinn ag sileadh allais chun rudaí a chur ina gceart. Nach cúiteamh éigin ar na faillíocha a dhein an eaglais ar na glúinte a tháinig romhainn a bheadh ann dá gcabhrófaí  le tithíocht a sholáthar don nglúin seo?

Beidh siad chugainn aríst um Cháisc, is dócha, na tiarnaí easpaig, agus a mbachall agus a bhfáinne órga acu, ag ceiliúradh aiséirí an fhir a bheadh ag dáileadh bia ar na bochtáin dá mairfeadh sé. Ní íoróin go dtí é.

Fág freagra ar 'Tá muineál ag na heaspaig a bheith ag praeitseáil linn faoin ngéarchéim tithíochta'

  • Seosaimhin Ni Bheaglaoich

    Aililiú. Is fada a teacht chùchu é.

  • Fearn

    Tá muineál i nDomhnach ag iriseoir a bheith ag praeitseáil linn faoin ngéarchéim tithíochta

    Ach nach chuig na hEaglaise atá sé? Muis, dá dtitfeadh crann sa choill bheadh an “Eaglais” coireach.

  • Pádraig

    Cad tá ar siúl agatsa chun na fadhbanna a réitiú?An phríomhchúis go bhfuil an méid daoine sa Tír seo gan dídean ná an inimirce,cruthú an iomarca fostaíochta agus saint.Gach lá níos mó daoine ag teacht anseo agus gá le lóistín.

  • Bibi

    Tá na mílte tithe móra ar fud na hÉireann ag na sagairt paróiste agus gan ach sagart amháin i gcuid mhaith le seomraí folamha….. Ach is measa an té a thugann aon aird ar aon fhocal a eascraíonn as bhéal an Fhimíneach.