Níor shamhlaigh mé, nuair a bhris mo mháthair a gualainn dheas i dtús mhí Lúnasa, go mbeadh sí fós i gcathaoir rothaí mí ina dhiaidh sin.
Maithfidh mé duit é má tháinig dreach aisteach ar d’aghaidh ar léamh na habairte thuas duit. Gualainn? Cathaoir rothaí? Is ea, ní raibh coinne agamsa leis an gceann sin ach oiread.
Ach is é an chaoi go mbaineann mo mháthair, a bhfuil cónaí uirthi in ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu, úsáid as siúladán chun siúl, agus toisc gur bhris sí a gualainn, níl sí in ann greim a choinneáil ar hanla deas an tsiúladáin i gceart.
Lena chois sin, agus tá sé seo i bhfad níos tromchúisí, d’athraigh an titim rud éigin ina haigne.
Ní hé gur bhuail sí a ceann (ar ámharaí an tsaoil chuir sí a dhá lámh amach roimpi nuair a thit sí) ach bhí drochthionchar ag an titim uirthi go síceolaíoch: chaill sí an mhuinín sa smacht atá aici ar a géaga féin, agus is é an chaoi go bhfuil faitíos uirthi roimh an siúl anois.
Ní hamháin sin, ach bhí drochthionchar ag an timpiste ar an gcúrsa atá galar Alzheimer ag tógáil ina hintinn. De bharr an ghalair ní cuimhin léi féin céard a tharla, ach mothaíonn sí an phian, agus dá bharr sin tá uirthi dul i ngleic leis an bpian sin agus leis an gcathaoir rothaí ina bhfuil sí go síoraí seasta, ní féidir léi é a chur taobh thiar di – agus súnn sé sin an fuinneamh aisti.
Ar mhí-ámharaí an tsaoil bíonn giúmar an-ghuagach uirthi ó thit sí. Lá amháin bíonn sí sásta cuairteoirí a fheiceáil, ach an chéad lá eile bíonn sí go hiomlán dúnta isteach inti féin agus is ar éigean go n-éireodh leat teagmháil ar bith a dhéanamh léi.
Tháinig imní ar fhoireann an ionaid cúraim chomh maith liom féin. Seachtain ó shin, bhí ardaitheoir in úsáid acu chun mo mháthair a ardú den leaba agus a chur sa chathaoir rothaí agus ní raibh sé á chur as an áireamh againn nach siúlfadh sí féin go deo arís. Maidin amháin rinne mé féin agus duine de na cúramóirí iarracht mo mham a chur ina seasamh, ach theip orainn. Bhí mo mháthair chomh míshocair sin ar a cosa, an oiread faitís sin uirthi roimh an siúl, gur chuir muid ina suí arís í ar eagla go mbeadh timpiste eile aici.
Ar éigean a chreid mé mo dhá chluas féin mar sin nuair a chuir dochtúir an ionaid cúraim glaoch orm an tráthnóna céanna sin chun a insint dom gur éirigh léi féin agus leis an bhfisiteiripeoir mo mháthair a chur ag siúl.
Ar an gcéad radharc, b’fhéidir go bhfuil cuma na cruálachta ar an modh oibre a d’úsáid an fisiteiripeoir, ach d’oibrigh sé. A luaithe is a bhí mo mháthair curtha ina seasamh ag an dochtúir agus ag an bhfisiteiripeoir, agus mo mháthair ag creathadh ar a cosa, thug an fisiteiripeoir sonc sa droim di – agus gan smaoineamh, go huathoibríoch nach mór, thóg mo mháthair cúpla coiscéim.
Níor baineadh úsáid as an ardaitheoir chun í a bhaint den leaba agus a chur isteach sa chathaoir rothaí (agus an bealach eile timpeall) ó shin, agus gan mhoill, nuair a bheidh an ghualainn go hiomlán cneasaithe, beimid ar fad ag cabhrú léi siúl arís.
An chuma atá ar chúrsaí anois ná go mbeidh sí nach mór ar a seanléim – is é sin le rá, ag an leibhéal ag a raibh sí sular thit sí – ach is cinnte gur bhain an timpiste agus na deacrachtaí a lean í geit, ní hamháin aisti féin, ach asainne go léir.
Bfinn
Tuigim do chás. Tá sé ana-dheacair.