Tá mo chroí-se chomh dubh le hairne agus gan aon Oireachtas againn i mbliana

Braithim uaim na scéalta á n-insint, na hamhráin á rá, na steipeanna á gcleachtadh, na leibidí á seachaint, na moltóirí á gcáineadh, na béil á bpógadh, na coirn á líonadh is an Ghaelainn ar bharr a ngoib ag gach bean, fear is páiste

Tá mo chroí-se chomh dubh le hairne agus gan aon Oireachtas againn i mbliana

Tá mo chroí-se chomh dubh le hairne, nó le gual dubh a dhófaí i gceárta toisc ná beidh ann don Oireachtas i mbliana. Níor shíleamar bliain ó shin agus sinn ag tógaint na seolta go dtís na ceithre hairde nach i bhfochair a chéile a bheimis sa bhliain 2020 ag féachaint amach ar chuan cáiliúil na Gaillimhe. Faraor is im shuí cois an chuain chéanna i mbliana atá mise go tréithlag faoi bhrón agus gan de chomhluadar agam ach na himeachtaí ar líne. Is dócha gur fearr leathbhuilín ná a bheith gan arán!

Braithfidh mé uaim an deoch suain, an deoch mheafarach a chuireann faoi gheasa mé ón uair a leagaim súil ar na comharthaí fáiltithe cúpla míle ó láthair na féile agus chuireann faoi deara dom dearúd a dhéanamh de ghnáthchúraimí an tsaoil ar feadh cúpla lá. Tá an Ródaí páirceáilte ag an doras, tá fearadh na fáilte ag Liam romham féin is an comhluadar, tá Joe, Ray is Gearóid cois cuntair, tá stuairí agus staiceanna na teilifíse ann, tá an píobaire breac, Cabrini, ann agus scata páistí ag rith ina diaidh, tá Máirtín Chóil Neaine Pháidín ann is é chomh tráthúil is a bhí sé riamh, tá Colm Ó Coistealbha ann lena cheamara. Tá dlúthdhioscaí á seoladh, cláir á gcraoladh, scéalta á n-insint, amhráin á rá, steipeanna á gcleachtadh, leibidí á seachaint, moltóirí á gcáineadh, béil á bpógadh, coirn á líonadh is tá an Ghaelainn ar bharr a g(h)oib ag gach bean, fear is páiste. Táim ar ais i gceartlár mo dhaoine agus tá an saol ina cheart!

Braithfidh mé uaim mo mhuintir: Sorcha agus a comhluadar; mo mháthair is m’athair a thagann, mar dhea, chun aireachas a thabhairt do na páistí ach a imíonn leo ag fánaíocht agus mo dheartháir Ógie a mbíonn na scéalta ar fad aige ó chlub na féile agus rudaí eile a tharlaíonn déanach san oíche!   Braithfidh mé uaim an fuadar agus an phrapáil a bhaineann le comórtaisí na n-óg Déardaoin is Dé hAoine: na hamhráin, na lúibíní, na hagallaimh bheirte agus na comórtais rince. Bíonn deis agam féin is Mícheál anáil a tharraingt Dé Sathairn agus braithfidh mé uaim an uair nó dhó a chaithim ag na comórtaisí rince ag éisteacht le scoth na mboscadóirí, leithéidí Johnny Óg, PJ agus Tommy Doherty, cé go gcuireann an méid Béarla a bhíonn ag cuid den lucht freastail as dom.

Ach is é an rud is mó a bhraithfidh mé uaim ná na hamhráin; ardaíonn sé mo chroí nuair a airím na hamhráintí ó na Gaeltachtaí ar fad, go háirithe ag na seisiúin bheaga a thosnaíonn gan choinne i gcúinní beaga mórthimpeall an óstáin. Braithfidh mé uaim teannas na gcomórtas, tuairimí na n-iománaithe ar an gclaí agus uair na cinniúna nuair a fhógraítear na buaiteoirí.

Ní bhraithfidh mé uaim an scéin agus an scanradh a bhain le corn a chailliúint, rud a tharla thíos i gCill Airne dhá bhliain ó shin nuair a chuaigh an trófaí a bhuaigh Déithín is Neans amú. Shiúlamar an Glen Eagle, chuireamar scéal amach ar Facebook, bhí fógra ar Togha is Rogha faoi agus cuardaíodh an ‘Lost & Found’ deich n-uaire! Thángthas air faoi dheireadh ach is dóigh liom gur sinn an dream deireanach a d’fhág an t-óstán an Domhnach úd!

Cuimhneoidh mé ar chairde an Oireachtais i mbliana, an dream ná casann orm ach uair sa bhliain agus aireoidh mé uaim a gcomhluadar. Tá buidéal deas de gin Mhicil ceannaithe agam agus ólfaidh mé a sláinte!  Caoinfidh mé comrádaithe eile chomh maith, cairde agus carachtair ná casfaidh arís orm ar an saol seo ach is cinnte go mbeidh Oireachtas acusan sna Flaithis!

Fág freagra ar 'Tá mo chroí-se chomh dubh le hairne agus gan aon Oireachtas againn i mbliana'

  • Liam

    Deas uait a Ódí
    Bain sult as an Gin !
    Liam

  • Caitríona Budhlaeir

    Píosa álainn faoin Oireachtas, a Odí. Bhí uaigneas orainn ar fad, idir óg is aosta nach rabhamar ann i mbliana. An bhliain seo chugainn le cúnamh Dé.
    Caitríona