‘Tá Meiriceá ag dul i léig’ – fógra déanta ag Donald Trump go bhfuil sé ag seasamh d’uachtaránacht SAM arís

Beidh Trump, ar deineadh é a tháinseamh faoi dhó agus é ina uachtarán, mar rogha láidir na coitiantachta chun ainmniúchán na bPoblachtánach a fháil, ach níl an stádas céanna aige sa pháirtí is a bhíodh

‘Tá Meiriceá ag dul i léig’ – fógra déanta ag Donald Trump go bhfuil sé ag seasamh d’uachtaránacht SAM arís

Tá fógartha ag Donald Trump go mbeidh sé ag seasamh arís d’uachtaránacht Stáit Aontaithe Mheiriceá in 2024.

“Láithreach bonn a thosaíonn teacht aniar Mheiriceá,” arsa Trump agus a fhógra á dhéanamh aige ina theach cónaithe i Mar-a-Lago in Florida.

Beidh Trump, ar deineadh é a tháinseamh faoi dhó agus é ina uachtarán, mar rogha láidir na coitiantachta chun ainmniúchán na bPoblachtánach a fháil, ach níl an stádas céanna aige sa pháirtí is a bhíodh.

Theip ar chuid mhór de na hiarrthóirí ar thacaigh Trump leo i dtoghcháin lár téarma na seachtaine seo caite nuair a d’éirigh leis na Daonlathaigh smacht a choimeád ar an Seanad.

Dúirt Trump aréir gur “náisiún” atá “ag dul i léig” é Stáit Aontaithe Mheiriceá.

“Do na milliúin Meiriceánach, bhain pian, anró, imní agus éadóchas leis an dá bhliain deireanach faoi Joe Biden.

“Chun go mbeadh Meiriceá iontach agus glórmhar arís táim ag fógairt anocht go mbeidh mé i m’iarrthóir le bheith mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe,” arsa Trump.

Cé gur chaill Trump an toghchán deireanach in 2020 le breis is seacht milliún vóta, ó shin i leith sheas sé leis an scéal gur aige a bhí an bua, bréag a spreag daoine chun ruathar a thabhairt faoin gCaipeatól i mí Eanáir na bliana seo caite.

Tá mórán den tuairim gur chuir iompar Trump roimh agus i ndiaidh thoghchán 2020 i mbaol an traidisiún gur go síochánta a dhéantar an chumhacht a aistriú i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá Trump á fhiosrú faoi láthair mar gheall ar an láimhseáil a rinne sé ar cháipéisí rúnda i ndiaidh dó an Teach Bán a fhágáil agus mar gheall ar an mbaint a bhí aige leis an ruathar ar an gCaipeatól in Washington anuraidh.

B’fhearr le go leor sa pháirtí gurbh é Ron DeSantis a gheobhadh ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh do 2024. Atoghadh DeSantis mar gobharnóir ar Florida an tseachtain seo caite agus farasbarr mór aige.

Ar an an taobh eile den scéal, meastar gur deineadh cuid mhór dochair do Trump nuair nár tháinig an tuar faoin “maidhm dhearg” a raibh tuairisceoirí is saineolaithe ag trácht uirthi le linn an fheachtais.

Ba é Herbert Hoover, a chaill an rás don Teach Bán i 1940, an t-iar-uachtarán deireanach a dhein iarracht filleadh ar an Oifig Ubhchruthach, iarracht ar theip uirthi.

Ba é Grover Cleveland, in 1892, an t-aon iar-uachtarán riamh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá ar éirigh leis an ceann is fearr a fháil ar an té a bhuaigh air chun an post a fháil arís.

Fág freagra ar '‘Tá Meiriceá ag dul i léig’ – fógra déanta ag Donald Trump go bhfuil sé ag seasamh d’uachtaránacht SAM arís'