Tá meas tuillte ag luach saothair lucht 1916 agus ag polaiteoirí na linne seo dá réir

Áibhéil. Bréaga. Cambheartais… Dúire. Claidhreacht. Fimínteacht. Gearr-radharc. IdirDháChomhairleacht. Mar sin féin...

23/5/2014 Elections Campaigns
Pictiúr: Photocall Ireland

Mórshiúl mór agóide eile. Cearta saor-uisce á n-éileamh arís. Míshásamh na sluaite ag meabhrú dúinn arís eile go bhfuil bearna mhór mímhuiníne ann i gcónaí idir polaiteoirí agus scata mór vótóirí.

Fiú mura gcuirtear ach cúrsaí uisce sa meá, is léir na fáthanna go bhfuil an míshásamh seo tuillte go háirithe ag na páirtithe a bhí i gceannas sa tír, i dteannta a chéile nó ina n-aonar, ó bunaíodh an stát. Níl an riachtanas ná na costais ná an cur chuige cothrom a theastaíonn pléite i gceart ná curtha i bhfeidhm i gceart fós. Cibé trioblóid a spreagfaidh fadhbanna uisce, níl sé de cheart ag Fine Gael, an Lucht Oibre, Fianna Fáil, ná déanta na fírinne ag Sinn Féin ach oiread, a rá leis an bpobal: “táimidne gan locht.”

Ní tearc na hábhair ghearáin. Níl aon cheal fianaise ann a léiríonn feall agus faillí (féach thuas). Ach ainneoin gártha géara an tslua i Sráid Uí Chonaill, tá ómós tuillte, sílim, ag Enda Kenny, Joan Burton, Micheál Martin, Gerry Adams, Paul Murphy, agus ag gach Teachta Dála i dTeach Laighean. Tuillte freisin fiú amháin ag Michael Lowry, a bheas os comhair cúirte arís sara i bhfad agus líomhaintí a bhaineann le cúrsaí cánach á séanadh aige.

Fáth an ómóis? Is i nDáil Éireann amháin atá grúpa daoine a thogh muintir na hÉireann, agus a chuirfear as oifig de réir thoil mhuintir na hÉireann. Níl dream dá leithéid i bhfeighil ar údarás ná foras ná eagraíocht de chineál ar bith eile sa tír. Ná ní hann d’aon ghrúpa oibrithe eile a bhfuil smacht chomh lag ar a ngairm acu.

Abair go n-oibríonn polaiteoir go dian, coinsiasach ar feadh cúig bliana. Cuir i gcás nach n-insíonn sí bréag ná leathbhréag, agus go gcomlíonann sí gach geallúint. Agus samhlaigh fear a mholtar go hard ar chaon taobh, fiú i measc a naimhde, roimh lá an olltoghcháin. B’fhéidir gur mar gheall ar chúis nach mbaineann leis in aon chor a fhágfar as obair é faoi cheann bliana.

Ní choinneoidh dea-rún, dea-shaothar ná dea-thoradh polaiteoir ar bith slán, ní hionann agus oibrí ar bith eile. Rogha an phobail a chuir ann iad, agus a chuirfidh as ar ball iad. Ní bheidís i mbun rialtais marach toil an phobail.

Fáth eile an ómóis? Níl córas rialtais níos fearr ná an córas daonlathach aimsithe againn fós, mar a dúirt Churchill fadó.

Cuir an milleán ar Theachtaí Dála agus ar airí más maith leat. Cuir do mhíshasámh in iúl ar na sráideanna más mian leat chun aird an phobail a tharraingt ar chúis an mhíshásaimh sin. Agus murar mian leat táillí uisce a íoc, ná híoc. Ach ná cuir bac ar fheidhmiú an daonlathais, mar a tharla faoi dhó i gcathair Chorcaí le mí anuas.

Beidh ócáid stairiúil á ceiliúradh in 2016. Ócáid a raibh sé mar aidhm ag gach duine a bhí páirteach inti saoirse agus daonlathas a bhaint amach in Éirinn. Tá meas tuillte ag toradh a saothair agus ag na hionadaithe a thoghaimid de réir ár dtola. Má chliseann siad orainn, beidh deis bhreá díoltais againn go léir san olltoghchán, faoi cheann bliana ar a mhéid.

– Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

 

Fág freagra ar 'Tá meas tuillte ag luach saothair lucht 1916 agus ag polaiteoirí na linne seo dá réir'

  • Gearóid de Grás

    “Áibhéil. Bréaga. Cambheartais… Dúire. Claidhreacht. Fimínteacht. Gearr-radharc. IdirDháChomhairleacht.”
    Ná glacaimis leis na rudaí seo. Agus ná bíodh meas againn ar aon dream ná ar aon duine is údar leo ar bhonn leanúnach, ciniciúil.

    Ní ghlacaim leis ach oiread go bhfágfaí polaiteoir neamhthofa ar bith “as obair” sa tslí chéanna is atá na céadta míle duine as obair sa tír seo nó imithe ar imirce.

  • Léitheoir nach maith leis fílíocht leamh

    Ní féidir glacadh le bréagdhóchas nach naithníonn gur beag cumhacht atá ag polaiteoirí a bhraitheann comh mór sin ar an AE agus corparáideachas d’uile chuneál.

  • padraig o donnchu

    Cen daonlathas? Cen diospoireacht a rinneadh ar bhille Uisce Eireann (gan tracht ar a thuilleadh mor eile acu) agus ce na daoine a bhain buntaiste as an easpa diospoireachta/daonlathais sin? Ni hansa, Denis O Brien agus Phil Hogan go mormhor agus muintir na hEireann a dhiolfaidh as arist eile, dar leo.. Diol is ceannach is ea an coras seo ‘gainne. Is iad na maistri Enda Kenny, Michael Noonan, Howling agus Burton a shocraioon na beartais don rialtas (an mbionn tu ag caint le leis na Teachta Dala ? an eistionn tu leo?) sa Choiste Inmheanach Eacnamaioch. Agus gealladh rialachas tredhearcach, cuntasach duinn? Mo thrua do cheann cipin ma cheapann tu gur ‘daonlathas’ e sin!