Tá mé curtha ag cumadh ceol tíre ag Gealach Ghorm Áine Hensey agus Tequila Tíre Jó Ní Chéide…

Tá dúshlán sa bhreis roimh an chraoltóir Ghaeilge – an rogha is fearr de cheol comhaimseartha an Bhéarla agus cúpla amhrán fiúntach i nGaeilge a chur leo

Tá mé curtha ag cumadh ceol tíre ag Gealach Ghorm Áine Hensey agus Tequila Tíre Jó Ní Chéide…

Jó Ní Chéide agus Áine Hensey

Mura gcuirfí an nuachtán seo ar líne ach idir 9 p.m. agus meán oíche oíche Shathairn agus oíche Dhomhnaigh amháin cá mhéad léitheoir a bheadh againn? Bhí mé ag machnamh faoi sin agus na cluasa greamaithe de An Ghealach Ghorm le hÁine Hensey agus le Tequila Tíre le Jó Ní Chéide oíche Shathairn agus oíche Dhomhnaigh faoi seach.

Ar chóir dúinn seal na hoíche nó seal na cille a thabhairt ar an tréimhse sin raidió sin? Is cinnte nach í an tréimhse is fearr ama é ag lucht na teanga ach go háirithe. Cá bhfuil an Gael measúil nach mbíonn leathólta faoin am sin nó leathchlocháilte ar dhrugaí sa chás gur Gaeil faoi bhun 30 iad?

Ceol tíre agus tuaithe is mó a bhíonn ag Hensey agus ceol tíre den chuid is mó ag Tequila Tíre. Níl a fhios agam nár chóir dom ‘athcheol’ tíre a thabhairt ar rogha Hensey agus leithéidí Gillian Welch aici ach níl amhras ar bith ann faoi bhéim Tequila Tíre – tá rhinestones go cluasa ann. Sea, ná bí tusa ag amharc anuas do ghaosán ar cheol tíre; cuimhnigh go dtiocfadh le Garth Páirc an Chrócaigh a líonadh go doras, oiread chéanna le U2, ach an ceadúnas a fháil.

M’anam le Dia, chuir Tequila Tíre cathú orm Stetson a cheannach. Seans go gceannóinn ach amháin go raibh cuimhne agam ar chlár faisnéise ar cheol tíre a rinne an fear grinn, Rich Hall, Countrier than you. Chum Hall amhrán ceol tíre dá chuid féin, Border Collie Song, agus rinne gach aon iarracht lucht Nashville a mhealladh leis. Níor éirigh leis ach ní raibh an fonn céanna Stetson orm ó shin.

Bíodh is go mbíonn siad ag tarraingt uisce as an tobar chéanna go minic, éiríonn leo beirt fuaim ar leith a chumadh dá gclár féin, rud nach éasca. Éiríonn leo grúpaí difriúla a chur roimh an éisteoir. Níor chuala mé trácht ar Flea Market Poets go dtí gur chuala mé clár Hensey agus cá bhfios nach n-éireodh le Daidí na Nollag dlúthdhiosca a aimsiú dom?

Oiread chéanna le glór file, is doiligh do

chraoltóir glór a aimsiú. Tá an oiread sin cluaschaca ann go mbeifeá bodhar agus tú ag éisteacht le Bieber agus Menzes agus agus agus… Is ionann iad. Tá dúshlán sa bhreis roimh an chraoltóir Ghaeilge – an rogha is fearr de cheol comhaimseartha an Bhéarla agus cúpla amhrán fiúntach i nGaeilge a chur leo. Tá go leor amhrán fiúntach Gaeilge le fáil sa dá chlár agus is deas mar a chuireann an chomparáid i gcuimhne duit feabhas an cheoil dhúchasaigh.

Agus a ghairmiúla agus atá na cláir. In ainm Dé, cá mhéad duine a bhíonn ag éisteacht an t-am sin oíche? Dá mbeinnse i mbun clár ceoil ar RnaG an t-am sin den lá, Belfast Booze a thabharfainn air agus ní bhacfainn ach leis an chuid is fearr de cheol Dolly a chasadh go síoraí agus cúpla traic de chuid Steve Earle a chaitheamh isteach anois agus arís le go léireoinn go raibh mé i dtiúin leis an taobh tuathail de m’aigne. (An t-ábhar maith as Copperhead Road; chan stuif Jerusalem.)

Ach tá barúil agam go mbíonn an bheirt seo i bhfad níos gairmiúla ná sin agus go mbíonn, bhuel, taighe agus obair agus iarracht mhacánta ar siúl le rogha chothrom cheoil a chur roimh chluasa na n-éisteoirí seachtain i ndiaidh a chéile.

Tá ábhar amhrán ceol tíre le fáil sa mhéid sin féin. Agus má tá cead ag Rich Hall amhrán a chumadh…

‘Ag obair liom ar sheal na hoíche; ag flipeáil na mburgar i RnaG; go dtí go dtig spéirbhean as Tennesee; babaí agus banjó ar a glúin; agus scéal iontach aici dom; yééhááá, yéééhááá, yéééhááá…’

Fág freagra ar 'Tá mé curtha ag cumadh ceol tíre ag Gealach Ghorm Áine Hensey agus Tequila Tíre Jó Ní Chéide…'

  • Seán Mag Leannáin

    Is minic a bhím ag tiomáint ag na hamantaí sin agus feileann sé dom ach aontaím leat go bhfuil amanntaí níos fearr tuillte ag an dá chlár seo, agus go mór mór ceann Áine Hensey ó d’éirigh sí as an gclár ceoil maidin Dé Sathairn.