Tá mé ag súil go dtabharfaidh an rialtas tacaíocht do cheoltóirí agus ealaíontóirí le rudaí a chur ar bun arís mar a bhí siad’

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar 2021 i dteannta Diane Ní Chanainn, amhránaí agus bunaitheoir Donegal Music Trails

Tá mé ag súil go dtabharfaidh an rialtas tacaíocht do cheoltóirí agus ealaíontóirí le rudaí a chur ar bun arís mar a bhí siad’

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2021?

Cosúil le go leor daoine, ag tús na bliana bíonn liosta mór de rudaí ar mhaith liom a bhaint amach, domsa go pearsanta baineann siad leis an cheol i gcónaí agus i mbliana cuireadh go leor de na pleananna sin chun siobarnaí. Ach ceann amháin a bhí i gcónaí ag bun an liosta agam nó go dtosóinn mo ghnó féin ag baint leis an turasóireacht chultúrtha agus sin rud a thosaigh mé i mbliana. Mar sin de is é an rún atá agam do 2021 ná fáil ar ais go dtí an leibhéal a raibh mé aige ó thaobh an cheoil de, ag dul ar chamchuairteanna go Meiriceá agus go dtí áiteacha eile san Eoraip a bhí beartaithe don bhliain seo ach nár tharla mar gheall ar Covid-19. Go pearsanta ansin ba mhaith liom coinneáil leis an ghnó a thosaigh mé, Donegal Music Trails.

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2021?

Go dtiocfaidh biseach ar rudaí ó thaobh na géarchéime de agus go rachaidh rudaí ar ais mar a bhí siad, go háirithe ó thaobh na n-ealaíon de agus go dtabharfaidh an rialtas tacaíocht do cheoltóirí, ealaíontóirí agus daoine a bhíonn ag reáchtáil féilte agus imeachtaí leis na rudaí sin a chur ar bun arís mar a bhí siad.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2021?

Níl an oiread sin rudaí nach bhfuil mé ag súil leis i ndáiríre, tá an chuma air, le cuidiú Dé, go mbeidh dea-scéala sa bhliain úr mar gheall ar theacht na vacsaíne. Rud amháin mar sin féin, bhí achan duine chomh gnóthach sular tháinig an víreas chun cinn agus iad i gcónaí ag obair nó cibé agus nuair a tharla seo thug sé seans do dhaoine am a chaitheamh lena gcuid teaghlach agus a gcairde. Léirigh sé dúinn nach bhfuil obair agus airgead chomh tábhachtach sin ag deireadh an lae agus cosúil le hachan rud, déanann daoine dearmad ar na rudaí bunúsacha sin go gasta. Tá súil agam nach ndéanfaidh daoine dearmad ar na rudaí bunúsacha sin – teaghlach agus cuideachta agus rudaí mar sin.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2021?

Go pearsanta, bím féin ag reáchtáil imeachtaí agus féilte áirithe ó bhliain go bliain, ceann acu, Féile Nasc na nGael agus ní bhfuair muid seans é á reáchtáil an bhliain seo caite. Beidh mé ag súil leis sin a chur le chéile agus á reáchtáil i mbliana agus an ceangal sin a dhéanamh le muintir na hAlban arís agus go cinnte ba mhaith liom dul anonn go Sabhal Mòr Ostaig agus na hoileáin eile mar gur sin buaicphointe mór na bliana domsa. Tá neart féilte eile a bhfuil mé ag súil leo ach tá sé deas deireadh a chur leis an bhliain anseo sa bhaile ag Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair agus tá dúil mhór agam féin san fhéile Celtic Connections a bhíonn ar siúl i mí Eanáir. Sin ráite tá sé doiligh imeacht amháin a phiocadh mar gur chaill muid an oiread sin anuraidh agus sílim féin go mbainfidh muid sult as gach uile cheann amach anseo agus beidh i bhfad níos mó airde againn orthu.

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2021?

Go gcoinneoidh daoine cuimhne ar na rudaí bunúsacha sa tsaol mar atá luaite agam agus níos mó ama a chaitheamh lena dteaghlaigh agus daoine leo féin. Chomh maith leis sin bhí go leor daoine ag tacú le siopaí áitiúla ag an Nollaig agus tá súil agam go dtógfaidh muid ar an chleachtas sin in 2021 agus go mbeidh achan duine go maith dá chéile.

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2021?

Ba mhaith liom tógáil ar na spriocanna a bhí agam ag tús na bliana seo caite ó thaobh an cheoil de, dul ar chamchuairteanna agus forbairt a dhéanamh ar an ghnó a thosaigh mé i mbliana.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2021, céard a d’athrófá?

Tá blianta caite againn ag streachailt agus ag troid ar son ár gcearta sa tír seo agus anois tá muid ag troid eadrainn féin agus ba mhaith liom go mbeadh rialtas ann a bheadh ábalta tarraingt le chéile agus meas a léiriú ar na rudaí atá againn sa tír. Ba mhaith liom go gcuirfí polasaithe i bhfeidhm le fostaíocht a chur ar fáil do dhaoine óga na tíre sa bhaile agus deireadh a chur leis an imirce agus ba mhaith liom go ndéanfaí infheistíocht i gceantair thuaithe go háirithe.

Fág freagra ar 'Tá mé ag súil go dtabharfaidh an rialtas tacaíocht do cheoltóirí agus ealaíontóirí le rudaí a chur ar bun arís mar a bhí siad’'