Tá mé 73 bliain d’aois agus chuaigh mé ag surfáil den chéad uair an lá eile..

Níl aon bhuille snámha ag ár gcolúnaí, atá 73 bliain d’aois. Chuaigh sé ag surfáil den chéad uair riamh nuair a scaoileadh na bannaí taistil air le gairid

Tá mé 73 bliain d’aois agus chuaigh mé ag surfáil den chéad uair an lá eile..

Cos níor thumas i bhfarraige ó bhí mé seacht mbliana d’aois. Cuireann an fharraige sceimhle dubh orm. Níl snámh agam. Chuas ag surfáil den chéad uair an lá eile.

Cuirim an milleán ar na Beachboys. Agus ar Billy Brown agus na Freshmen, a rinne aithris iontach orthu. Ba iad a phréamhaigh an fhantaisíocht sceonmhar ionam sna déaga.

Mise ag surfáil. Leadhbanna breátha de mhná fionna California im chuideachta. An Corvette díon-oscailte fá mo thóin. An clár surfála faoi m’ascaill…

Ar bhealach éigin, níor oibrigh mar ba cheart an maighnéadas ainmhíoch a shamhlaíos ionam féin ar bhéithe Léigiún Mhuire m’óige. 

Sinn sa bpuball leis an mbraon anuas i mBaile an Chuainín. 

Gaineamh sna ceapairí uibhe, an rothar lasmuigh pollta – fáiscíní rothaíochta, seachas eochracha gluaisteáin a bhí ag gobadh as mo chúlphóca. 

Ach d’imigh sin agus tháinig seo. Tá Dia láidir, agus bíonn súil le muir.

Ba bheag an dua a chuireas orm féin ag cothú geáitsí an tsurfálaí, admhaím. Géillim, bhí MG Midget díon-oscailte agam ar feadh cúig bliana déag, ach b’in scéal eile. 

Níor fhoghlaim mé snámh riamh. Bhí cúis mhaith leis sin. 

Spreagann an fharraige sceimhle marfach ionam. Chaith buíon bligeard sráide isteach i linn snámha Bhardas Chorcaí mé nuair nach raibh ach na sé bliana agam. 

Isteach im dhiaidh leo agus choimeádadar fán uisce mé go dtí gur léim athair duine éigin isteach dom’ fhuascailt.

Fiú is mé ag spaisteoireacht ar thránna New South Wales, ní mheallfadh naofacht thránna na mbundúchasach ná uiscí teo an Aigéin Chiúin mé chun méar coise a thumadh isteach sa taoide.

Ansin, coicís i ndiaidh an dara gála den Pfizer-BionTech dul isteach im ghéag, scaoileadh an glas ar an taisteal trastíre agus avae liom i mo Fiesta beag umhal go Baile na hInse, contae Thiobraid Árann, áit a bhfuil cónaí ar an mac is sine liom.

‘Táimid chun turas bóthair a thógaint ar maidin,’ ar seisean. ‘Lá brothallach atá geallta. Beir leat do cheamara. Tógfaimid Slí an Atlantaigh Fhiáin aduaidh chomh fada le Leacht Uí Chonchubhair,’ ar sé. Tost beag. 

‘Beidh an fharraige ‘glan’ agus ‘ciúin’, ar seisean. Tost fada.

‘Cén bhaint atá ag an bhfarraige liomsa?’ arsa mise le hamhras agus ruainne beag den mhíchompord.

‘Braitheann sin ort féin,’ ar seisean. D’fhágamar mar sin eadrainn go maidin é.

Fiú is mé ar an mbóthar 40 bliain le RTÉ níor thaistealaíos riamh an bóthar cois chósta aduaidh ó Bhá na Gaillimhe. Oscailt súl cheart a bhí ann…..

Ghéilleadar, ceann dá chéile, seoda ar phaidrín an Chláir: Baile Uí Bheacháin, Muiríúch, Fánóir, Dúlainn, Aillte an Mhothair, Lios Ceannúir, agus an ceann scríbe bagrach, Leacht Uí Chonchubhair.

Fear lách, mórchroíoch is ea mo mhac Daragh, duine des na dea-dhaoine maithe. Cara liom a bhfuilim an-mhórálach as.

Mac a chuir a chuid cúraimí féin i leataobh chun an t-am seo a chaitheamh lena athair.

Bhí an chulaith fhliuch agus gach a mbaineann léi curtha in áirithint aige roimh ré dom.

‘Cuir ort í. Siúlaimid isteach le chéile ar dtús gan an clár. Fútsa atá sé as sin amach.’

Isteach liom beagán chun tosaigh air. Choimeád an chulaith te mé. An ghrian um théamh, an fharraige beag, thit suaimhneas orm. 

N’fheadar cad a tháinig orm. Bhíos iomlán ar mo chompord. Eisean an t-athair. Mise an leanbh. Baiste ag an tsacraimint a bheannaigh sé dom. 

Chneasaigh grá an mhic sceimhle an athar.

Ceithre huaire a chuas in airde ar an gclár surfála. Thóg na tonnta a roghnaigh sé dom ar cheithre ruathar buile mé an caoga slat chun cladaigh. Gan ach sé horlaí idir mo smig agus an t-uisce.

Aililiú!

Níor bhraitheas sruth aidréanailín dá leithéid ón gcéad uair a thiomáineas an MG Midget díon-oscailte fá luas ar bhóithre beaga Chill Mhantáin i 1992.

Bosa in airde! Leag ansin í! 

‘Is surfálaí anois thú!’ ar seisean. ‘Fáilte don gclub.’

Cheannaigh an mac ’99’ dá athair agus ghlac sé an grianghraf agus mise in aice leis an leadhb bhreá de bhean California sa bhicíní atá greanta ar fhalla an ionaid surfála.

Ciú ‘Surfin’ USA’ (Márta 25, 1963) leis na Beachboys, ar chóras ceoil an ghluaisteáin ar an mbóthar abhaile go Baile na hInse.

Lá sna ceithre fichidí. 

Fág freagra ar 'Tá mé 73 bliain d’aois agus chuaigh mé ag surfáil den chéad uair an lá eile..'

  • S. Mac Muirí

    Tréaslaím an téarnamh leat a Pat. Iarbhuachaill, nó fear inste scéil, ina Bhuachaill Cladaigh i ndeireadh thiar; is maith an scéal!