Tá leagan gránna de Just a Minute Quiz ar siúl ag an Rialtas faoi láthair

Agus sinn á gcrá ag an ngalar, aithníonn muintir an Tuaiscirt eagla fhada bhuan an duine a bhí i gcontúirt

Tá leagan gránna de Just a Minute Quiz ar siúl ag an Rialtas faoi láthair

Pictiúr: Sasko Lazarov/Rollingnews.ie

Bheith faoi eagla ruda. Eagla a chur ar dhuine. Tháinig eagla air. Bhuail eagla é. Eagla Dé. Eagla an bháis, na tubaiste. Tá eagla a bháis, a anama, air. Bhí eagla mo chroí orm. Chuir tú eagla a choirp, a chraicinn, air. Má ligeann an eagla duit. Tá eagla orm.

Sin rogha bheag as Foclóir Uí Dhónaill agus seans, le roinnt míonna anuas, seans go raibh an focal ‘eagla’ ar bharr do bhéil agat nó i do chroí istigh agus tú ag amharc ar do chuid páistí, ar do ghrá geal nó ar do thuismitheoirí aosta.

Maireann muid i ré na heagla. Tá muid faoi eagla ag paindéim; cuireann sí eagla orainn. Tháinig eagla orainn mar gheall uirthi. Bhuail eagla muid, eagla an bháis agus na tubaiste. Tá eagla ár n-anama orainn, eagla ár gcroí, ár gcoirp agus ár gcraicinn.

Ní cosúil go bhfuil aon cheannaire tuata ná spioradálta in ann muid a shaoradh ar an eagla chéanna. A mhalairt; bagraíonn siad orainn go laethúil lena gcuid ráiteas agus cuireann siad laincisí breise orainn de réir mar a fhóireann. Baineann siad úsáid as an eagla – mar mhaithe linn féin – le go mbeimis ciallmhar. Siúlann an bhean sí inár gcuideachta agus Covid-19 is ainm di, a deir siad.

Tá an Rialtas abhus ag cur laincisí breise sláinte i bhfeidhm san ardchathair; tá príomh-aire na Breataine, Boris Johnson, ag caint ar laincisí go ceann sé mhí eile; déanann rialtais bheaga na Breataine Bige, na hAlban agus Thuaisceart Éireann, déanann siad aithris ar a chéile. Aon champa géibhinn amháin atá sna hoileáin ar fad de bharr na paindéime.

Ag brath ar an áit a chónaíonn tú, deirtear leat na páistí a chur chun na scoile ach obair a dhéanamh sa bhaile; dúradh leat lá den tsaol nach raibh cosaint ar bith i masc ach iarrtar ort é a chaitheamh sa tsiopa anois ach gan a bheith buartha faoi sa bhialann. Tá cead agat cuairt a thabhairt ar chairde agus ansin níl cead agat dul go dtí an leithreas.

Iarrtar ar mhic léinn íoc as cúrsaí costasacha ollscoile agus iarrtar orthu chomh maith bheith ina gcléir chomhaimseartha agus gan mainistir ná clochar a gcuid árasán a fhágáil.

Seans go mbeidh cuimhne agat ar an Just a Minute Quiz le Larry Gogan. Fadó, fadó, ba mhór an pléisiúr bheith ag éisteacht le Gogan agus an iarraidh laethúil sin aige: ‘I’m looking for a caller from Wicklow today, anyone from Wicklow.’

Agus bheifeá ar bís le fáil amach an mbeadh duine ar bith as Cill Mhantáin ag éisteacht agus an nglaofadh siad (ar an líne talaimh gan amhras) agus cad é mar a d’éireodh leo sa chomórtas. Níor luaithe a gcuid ráite acu go mbeifeá ag fiafraí díot féin cad é an chéad chontae eile a bheadh ann an lá dár gcionn.

Tá leagan gránna den Just a Minute Quiz ar siúl ag an Rialtas faoi láthair ach amháin nach bhfuil tú ag iarraidh go luafaí do chathair ná contae. A luaithe agus a chluineann tú do cheantar dúchais á lua, tá a fhios agat go bhfuil an Rialtas ag bronnadh gradam an ghalair air.

Itheann an eagla an croí asat, lá ar lá. Labhair le duine ar bith in aois áirithe faoi Thrioblóidí an Tuaiscirt agus labharfaidh siad ar ócáidí foréigin a chuir eagla, brón agus fearg orthu. Labharfaidh siad fosta faoin eagla laethúil, faoin mhothú sin nár ruaigeadh in am ar bith go raibh baol báis ann, baol laethúil báis, eagla nár labhair tú uirthi go minic ach eagla fhada bhuan an duine a bhí i gcontúirt. Bhí aithne agat ar dhaoine a fuair anbhás gan choinne; daoine a d’fhág an teach le ‘Cheerio’ croíúil agus nár phill.

Tá eagla den tsórt chéanna orainn uilig anois mar gheall ar Covid-19, eagla laethúil, eagla a thugann ort sracfhéachaint imníoch a thabhairt amach ar an tsráid agus bheith coimhthíoch le clann, cairde agus comharsana.

Tharla go raibh mé i lár Bhéal Feirste an tseachtain seo caite. Bhí soiscéalaithe sráide i mbun cainte, radharc coitianta sa chathair, agus iad ag fógairt Soiscéal Dé go poiblí. Ba ghá grá a thabhairt do Chríost agus a chuid aitheanta a leanstan le go mbainfeá neamh amach, a dúirt siad. (Sin a ndeir siad i gcónaí.) Ach bhí dóchas acu; bhí dóchas acu go dtiocfá slán ach na haitheanta a chomhlíonadh.

An bhfuil an dóchas céanna ag ár gcuid polaiteoirí go dtiocfaidh muid slán ach na rialacha agus an chomhairle a chomhlíonadh? Ní chreidfeá é. Tá an saol ina stad de bharr na hulpóige uiledhomhanda. Is beag dóchas a léiríonn na polaiteoirí ina leith; is fearr leo an sciolladh agus an damnú – mar mhaithe linn féin.

Déanta na fírinne, is fearr liom soiscéalaithe na sráide.

Fág freagra ar 'Tá leagan gránna de Just a Minute Quiz ar siúl ag an Rialtas faoi láthair'