Tá impleachtaí móra ag a bhfuil ar siúl sa nGearmáin dúinne agus don Eoraip ar fad

Réitíonn an socrú comhrialtais sa Ghearmáin an bóthar dóibh siúd atá ag iarraidh tuilleadh cumhachta fós a thabhairt don Aontas Eorpach

Tá impleachtaí móra ag a bhfuil ar siúl sa nGearmáin dúinne agus don Eoraip ar fad

Is cinnte go bhfuil an bóthar réidh anois chun comhtháthú breise a dhéanamh ar an Aontas Eorpach mar gheall ar chinneadh chomhdháil Pháirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine (SPD) dul i mbun cainteanna oifigiúla le comhrialtas eile a bhunú faoi cheannaireacht Angela Merkel.

Tubaiste don SPD a bhí sa toghchán deireanach mar gheall go raibh siad ina gcrann taca ag an eite dheis, díreach mar a tharla do Pháirtí an Lucht Oibre anseo in Éirinn.

Bhí an páirtí aontaithe nár chóir dóibh dul ar ais sa gcomhrialtas le hAngela Merkel agus an CDU. Ach nuair a theip ar na cainteanna a bhí ag an CDU leis na Liobrálaigh agus Glasaigh, bhí an chuma air nach mbeadh rialtas ar bith ag an nGearmáin agus go mbeadh gá le toghchán eile – toghchán, b’fhéidir, a thabharfadh tuilleadh vótaí do lucht na heite atá i bhfad ar dheis, an AfD, agus a bhainfeadh tuilleadh vótaí ón SPD féin.

Níor ghnóthaigh an SPD ach 20.5% sa toghchán deireanach, an figiúr ab ísle acu ó 1949, ach tugann pobalbhreitheanna le fios go bhfuil siad tite arís ó shin agus iad anois ag 18%. Agus creideann a lán go dtitfidh an páirtí níos mó má théann siad i gcomhrialtas eile.

Le teachtaí a mhealladh ar son tús a chur le cainteanna oifigiúla, ghéill ceannaireacht an pháirtí go mbeadh vóta ag na baill uilig faoin socrú deiridh. Os cionn 400,000 vótóir a bhí i gceist ansin.

Mar sin féin, beidh brú mór ar bhaill an pháirtí géilleadh do cibé socrú a dhéanfar.

Níl mórán á thairiscint don SPD sa dréachtmhargadh a d’aontaigh na ceannairí cheana maidir leis an saibhreas a roinnt nó feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí, ach tá go leor géillte ag an CDU maidir leis an Eoraip. Teastaíonn ón SPD (agus óna gceannaire Martin Schultz go háirithe) go gcuirfí dlús leis an iarracht tuilleadh cumhachta a thabhairt don Aontas, agus tacaíonn uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, leis sin.

Ar na pointí is tábhachtaí dúinne sa bplean seo tá moltaí faoi chúrsaí cánach agus Schultz agus Macron ag iarraidh go mbeadh polasaí aontaithe cánach ann i limistéar an euro.

Thiocfadh a leithéid salach ar pholasaí cánach dá cuid féin a bheith ag Éirinn, mar atá i gcúrsaí cánach corparáide faoi láthair, agus thiocfadh sé salach freisin ar an óráid a thug an Taoiseach Leo Varadkar sa mBruiséil an tseachtain seo caite.

Ar an taobh eile de, is cosúil go bhfuil maolú tagtha ar dhearcadh Macron i dtaobh an Bhreatimeachta.  Tá sé ag caint anois faoi mhargadh saincheaptha a dhéanamh idir an tAontas agus an Bhreatain.  Beidh deacrachtaí ann maidir lena bhfuil ag teastáil ó na Sasanaigh i dtaobh seirbhísí airgeadais a aontú, ach níl aon rud curtha as an gcomhaireamh ag Macron.

Ní de thaisme a tháinig an t-athrú poirt seo acu.  Tá lucht gnó na Gearmáine ag iarraidh margadh a d’fheilfeadh dóibh féin a dhéanamh leis an mBreatain, mar is í an Bhreatain an tríú tír is mó lena ndéanann an Ghearmáin trádáil agus an tír is mó ar fad a bhfuil barrachas trádála ag an nGearmáin léi.

Sin cuid den chúiteamh a rinne Schultz le Angela Merkel as aontú leis faoi chomhoibriú leis an bhFrainc maidir le comhtháthú na hEorpa.

Chuirfeadh an rialtas s’againne fáilte roimh shocrú sásúil dá leithéid ar ndóigh, mar chabhródh sé linne maidir le trádáil leis an mBreatain agus leis an Aontas araon, ach níl an rialtas róchinnte an seasfaidh an tAontas ag deireadh thiar lena gcuid geallúintí faoin teorainn in Éirinn mura n-oireann a leithéid don socrú a chuirfidh an Ghearmáin agus an Fhrainc le chéile.

Feictear domsa go dteastóidh ón dá mhórthír sin ceist an Bhreatimeachta a chur as an mbealach le cosán a ghlanadh don chomhtháthú.

Ach mar a mhínigh David McWilliams san Irish Times le deireanas, tá fadhb ag an tír seo sa mhéid is go rabhamar in ann dul i bhfolach taobh thiar de na Sasanaigh agus ceist an chomhtháthaithe á plé roimhe seo. Ach ní bheidh siadsan ann a thuilleadh agus beidh comhghuaillithe eile ag teastáil uainn má tá seans ar bith le bheith ann go gcoinneoidh muid ár gcóras cánach féin.

Agus mar a mhínigh McWilliams, is é an t-aon seans comhghuaillíochta atá againn ná na tíortha Visehrad – an Pholainn, an Ungáir, Poblacht na Seice agus an tSlóvaic.

Ach tá rialtais den eite dheis sna stáit seo, agus boladh láidir an chiníochais uathu.

Níl aon rogha eile ann maidir le comhghuaillithe, ámh, fiú má cheapann an Rialtas na tíortha sin a bheith rófhrith-Eorpach.

Toisc go ndiúltaíonn muid féin idirbheartaíocht a dhéanamh le Sasana agus leis an Aontas maidir leis an mBreatimeacht, ag fanacht i bpoll an amhrais a bheimid go bhfeicfidh muid cén cinneadh a ghlacfaidh siadsan inár dtaobh.

’Sea, tá impleachtaí móra ag a bhfuil ar siúl sa nGearmáin dúinne agus don Eoraip ar fad.

Fág freagra ar 'Tá impleachtaí móra ag a bhfuil ar siúl sa nGearmáin dúinne agus don Eoraip ar fad'