Rinne Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne, cosaint ar an soláthar don teanga i mBuiséad 2025.
Dúirt Byrne go raibh géarchéim teanga sa Ghaeltacht ach nach é an t-airgead leigheas na faidhbe sin.
“Tá sé ráite agamsa go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht. Níl airgead chun an fhadhb sin a réiteach,” a dúirt an t-aire stáit.
Buiséad ‘díomách’ ‘suarach’ agus ‘tubaisteach’ atá i mBuiséad 2025 don Ghaeilge agus Gaeltacht, dar leis an fhreasúra agus le heagraíochtaí Gaeilge, ach dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta leis an ardú €6 milliún do Roinn na Gaeltachta.
“Tá €107 milliún beagnach á chaitheamh ar chúrsaí Gaeilge agus ar chúrsaí Gaeltachta – grúpaí pobail is dócha [a gheobhaidh] an chuid is mó agus grúpaí náisiúnta a bhaineann leis an nGaeilge,” arsa Thomas Byrne agus é faoi agallamh ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
“Tá an Roinn Sláinte ag obair i gceantair Ghaeltachta freisin, tá an Roinn Oideachais. Tá caiteachais eile ag dul isteach sa Ghaeltacht. Ní hé seo an t-aon chiste amháin don Ghaeltacht agus tá mise sásta leis an méadú atá tagtha.”
“Tá cúrsaí ealaíon Gaeltachta sa bhuiséad ealaíon, tá airgead do TG4 sa bhuiséad do na meáin. Sin an buiséad [€107 milliún] don rannóg sa Roinn maidir le Gaeilge agus Gaeltacht agus tá mise sásta go bhfuil méadú 6% ag teacht ar sin. Tá TG4 sa slot eile faoi na meáin agus méadú ag teacht ansin [€3 milliún].”
Dúirt sé go mbíonn daoine eile cáinteach faoi an iomarca airgid a bheith á chaitheamh ag an Rialtas.
“Bhí mise ar RTÉ aréir agus bhí daoine ag gearán go raibh muid ag caitheamh an iomarca airgid agus go gcaithfeadh muid méadú níos lú ná 5% a bheith againn.”
Dúirt Byrne go raibh níos mó airgid á chaitheamh ag Roinn na Gaeltachta “ná mar a bhí riamh”.
Níor ghlac Byrne leis go mbeadh níos mó airgid faighte don Ghaeilge dá mbeadh aire sinsearach seachas aire stáit ag plé go sonrach léi.
“Níl a fhios agam cén chaoi gur féidir toradh níos fearr a fháil. 6%, sin an méadú atá againn. Tá os cionn €100 milliún againn. Ní féidir na billiúin a fháil. Bhí ról lárnach agam san idirbheartaíocht agus freisin bhí an tAire Martin ag déanamh idirbheartaíochta maidir le TG4 agus maidir leis na healaíona freisin.”
Proinsias
Cur i gcéill agus béal bán arís ó FFFG.
“Tá an chuma air gur socraíodh nach gcaithfí ach costas teoranta, go háirithe ar cheapadh Oifigigh Pleanála Teanga…níl na scálaí pá rótharraingteach i gcomparáid leis an ualach oibre atá leagtha síos do na fostaithe, chomh maith leis na cáilíochtaí eile atá riachtanach don phost,”
sin a dúirt Dónal P Ó Baoill
https://tuairisc.ie/ta-se-in-don-fiorsceal-faoin-gcoras-pleanala-teanga-a-insint-ta-se-mireaduil-agus-ta-ga-le-clar-oibre-nua/