‘Tá gach ab fhéidir déanta agam’ – príomh-aire nua don Bhreatain faoi lár mhí Iúil agus May ag imeacht

Tiocfaidh deireadh an mhí seo chugainn le tréimhse trí bliana an-chorrach Theresa May mar phríomh-aire, tréimhse inar theip ar a hiarrachtaí go léir an Breatimeacht a chur i gcrích

‘Tá gach ab fhéidir déanta agam’ – príomh-aire nua don Bhreatain faoi lár mhí Iúil agus May ag imeacht

Beidh príomh-aire nua ag an mBreatain faoi lár mhí Iúil agus é fógartha ag Theresa May go mbeidh sí ag éirí as an mhí seo chugainn.

Ghéill May faoi dheireadh don bhrú millteach a bhí uirthi agus d’fhógair sí ar maidin go bhfuil fúithi éirí as ar an 7 Meitheamh.

D’fhógair coiste cúlbhinseoirí na dTóraithe ina dhiaidh sin go gcaithfeadh na hainmniúchán don chomórtas ceannaireachta a bheith istigh faoin dara seachtain den mhí seo chugainn agus go mbeadh toradh ann faoi lár mhí Iúil.

Meastar go mbeidh coimhlint lán gangaide agus nimhe anois ann eatarthu sin ar spéis leo teacht i gcomharbacht ar May.

Cuirfear spéis mhór sa chomórtas abhus toisc go mbeidh tionchar mór ag an toradh ar scéal an Bhreatimeachta.

Cuirfidh cinneadh May éirí as mar cheannaire na dTóraithe deireadh lena tréimhse trí bliana an-chorrach mar phríomh-aire, tréimhse inar theip ar a hiarrachtaí go léir an Breatimeacht a chur i gcrích.

Agus tocht ina glór inniu, dúirt May gurbh é “pribhléid mhór a saoil” a bheith ina príomh-aire agus nach le “droch-chroí” a bhí sí ag fágáil ach í fíorbhuíoch den deis a bhí aici.

“Tá gach ab fhéidir liom déanta agam,” arsa May.

Dúirt sí gurb é leas na tíre é go mbeadh príomh-aire nua freagrach feasta as próiseas an Bhreatimeachta.

“Táim chomh siúráilte inniu is a bhí mé trí bliana ó shin go bhfuil dualgas ort i ndaonlathas rogha na muintire a chur i gcrích nuair a thugann tú rogha dóibh. Tá mo dhícheall déanta agam é sin a dhéanamh.

“Tá gach ab fhéidir liom déanta agam chun a chur ina luí ar fheisirí parlaiminte tacú leis an margadh [Breatimeachta]. Faraor, níor éirigh liom é sin a dhéanamh,” arsa May. 

Tháinig fógra May sna sála ar chruinniú a bhí aici le Graham Brady, cathaoirleach choiste cúlbhinseoirí na dTóraithe, an Coiste 1922, a bhí ag bagairt vóta mímhuiníne i May a chur síos den dara huair mura n-imeodh sí uaithi féin. 

Theip Dé Máirt ar an iarracht ba dhéanaí ag May feisirí a mhealladh chun tacú lena plean Breatimeachta nuair a rinneadh beag is fiú dá ‘margadh nua’.

Thuill díocas agus diongbháilteacht May meas ach bhí sí faoi léigear ar feadh i bhfad, go háirithe ó chuaigh a plean le cur lena cumhacht in olltoghchán 2017 in abar. Ó shin i leith bhí sí ag brath ar an DUP dá móramh beag sa pharlaimint.

Mhéadaigh an brú uirthi an mhí seo nuair rinneadh slad ar na Tóraithe sna toghcháin áitiúla agus an pobal dubh dóite den útamáil faoin mBreatimeacht agus an síoraighneas inmheánach sa pháirtí.

Bhí scoilteanna móra chomh maith i rialtas May mar gheall ar a cur chuige i leith an Bhreatimeachta agus bhí sí sáinnithe go maith ag an AE a bhí aontaithe, diongbháilte ina gcur chuige idirbheartaíochta agus faoi cheisteanna amhail an cúlstop. 

Meastar gur ar éigean a éireoidh lena comharba aon mhargadh eile seachas an ceann a fuair May a fháil ón AE. 

Bhí roinnt boc mór sa páirtí ag tochailt fúithi go ciúin cleasach le tamall agus meastar go gceapfar ceannaire nua roimh dheireadh mhí Iúil.

I measc na mBreatimeachtóirí móra a bhfuil spéis sa phost acu tá an t-iar-rúnaí gnóthaí eachtracha Boris Johnson, an  t-iar-rúnaí Breatimeachta, Dominic Raab agus Andrea Leadsom, a d’éirigh as a post rialtais an tseachtain seo.

Ar na daoine eile atá á lua tá an Rúnaí Gnóthaí Eachtracha Jeremy Hunt, an Rúnaí Comhshaoil Michael Gove agus an Rúnaí Baile Sajid Javid.

Mhol an Taoiseach Leo Varadkar inniu díocas Theresa May agus dúirt sé go raibh sé ag súil le bheith ag comhoibriú lena comharba.

Fág freagra ar '‘Tá gach ab fhéidir déanta agam’ – príomh-aire nua don Bhreatain faoi lár mhí Iúil agus May ag imeacht'