‘Tá gá le plean B agus tá gá le cinneadh’ – cás na gcoláistí samhraidh pléite sa Dáil

Chosain Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil aréir a chur chuige i leith na gcoláistí samhraidh Gaeltachta

‘Tá gá le plean B agus tá gá le cinneadh’ – cás na gcoláistí samhraidh pléite sa Dáil

Cuireadh brú ar Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil aréir cinneadh a fhógairt faoina bhfuil i ndán do na coláistí samhraidh agus faoi cén cúiteamh airgid a íocfar leis an earnáil an samhradh seo.

Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, nach raibh an tAire Stáit ná a Roinn “ionraic go leor” a rá leis na coláistí samhraidh níos luaithe sa bhliain nach raibh “seans ar bith” ann go mbeadh na cúrsaí ar siúl i mbliana.

Ba chóir “ag an staid sin” cinneadh a bheith déanta faoi “phacáiste tacaíochta” agus bheadh “gach duine i bhfad níos sásta”.

Meastar go bhfógrófar go luath nach mbeidh na cúrsaí samhraidh Gaeltachta ar siúl don dara bliain as a chéile de dheasca na paindéime. Má tharlaíonn sin, bheadh ar Roinn na Gaeltachta féachaint air “cad is féidir a íoc agus cad is gá a íoc” leis an earnáil, a dúirt an tAire Stáit Jack Chambers sa Dáil aréir.

“Mura mbeidh na cúrsaí ag dul ar aghaidh beidh mo roinn ag breathnú go géar ar an leibhéal tacaíochta a theastaíonn don earnáil le haghdaidh í a thabhairt isteach slán in 2022. San áireamh anseo beidh mná tí, halla pobail agus na coláistí féin,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go gcaithfí “a chur in iúl don Dáil” go dtuigtear “chomh tábhachtach is atá an earnáil seo do na ceantair Ghaeltachta, do na gasúir, do na coláistí, do na mná tí, atá ag brath ar na híocaíochtaí, agus don teanga atá chomh leochaileach sin”.

Dúirt sí go raibh práinn ag baint le cinneadh faoi cheist na gcoláistí agus faoi cheist an chúitimh.

“Seo an dara bliain, níl an locht ort as Covid, ach tá ort anois cinneadh a dhéanamh cad atá i ndán do na coláistí samhraidh, do na mná tí agus do na gasúir an samhradh seo,” arsa Catherine Connolly.

Dúirt Jack Chambers go raibh sé “tiomanta” d’earnáil na Gaeltachta a thabhairt slán agus chosain sé chur chuige a Roinne.

Bhuail Jack Chambers le fir agus mná tí ó gach coláiste samhraidh Dé hAoine seo caite chun na treoirlínte paindéime a d’fhoilsigh Roinn na Gaeltachta a phlé agus bhí cruinniú eile ann idir oifigigh na Roinne agus CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar choláistí samhraidh, Dé Luain.

Dúirt Chambers go raibh sé “an-tábhachtach cloisteáil go díreach” ó na mná tí agus na coláistí “sula ndéanfaí aon chinneadh”.

Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly gur eagraíodh cruinnithe na Roinne leis na mná tí le treoirlínte Covid-19 a phlé, ach go gcaithfí dul i ngleic láithreach freisin le ceist an chúitimh.

“An cheist atá againne agus agamsa go díreach ná cén uair a mbeidh cinneadh déanta an mbeidh pacáiste tarrthála i gceist cosúil leis an mbliain seo caite.

“Tá a fhios agat ón mbliain seo caite cad atá ag teastáil. Tá plean B ag teastáil i gcónaí.”

De réir cosúlachta, ní bheadh aon chúrsaí i mbliana ann, arsa Catherine Connolly.

“Tá gá le plean B, tá gá le cinneadh agus tá práinn leis. Más é do thoil é – beagáinín soiléireachta…”

Dúirt an tAire Stáit gurb é an sprioc a bhí leis na treoirlínte agus leis an bplé ná féachaint “an féidir cúrsaí a reáchtáil go sábháilte” an samhradh seo.

“Níl aon cheist ach gurb í sláinte an phobail an rud is tábhachtaí i gcónaí dúinn ar fad agus bhí sé sin le sonrú sa phlé ar fad.”

Íocadh os cionn €4.7 milliún le coláistí samhraidh agus mná tí na Gaeltachta mar chúiteamh ar chúrsaí na bliana seo caite a bheith curtha ar ceal. Meastar go n-íocfar cúiteamh leis na mná tí arís i mbliana agus go bhféadfadh go n-íocfar cúiteamh an babhta seo leis na hallaí pobail a mbaineann na coláistí samhraidh úsáid as.

Tá ceist ann faoi an mbeidh an cúiteamh céanna ar fáil do na Coláistí Samhraidh féin is a bhí anuraidh.

 

Fág freagra ar '‘Tá gá le plean B agus tá gá le cinneadh’ – cás na gcoláistí samhraidh pléite sa Dáil'