Tá sé ráite ag an bhFeisire Eorpach do Shinn Féin Kathleen Funchion go bhfuil “freagracht” ar Fheisirí Eorpacha de chuid na hÉireann an Ghaeilge a úsáid in Institiúidí an Aontais Eorpaigh.
Dúirt Funchion, a toghadh ina Feisire Eorpach anuraidh, go bhfuil iarracht déanta aici féin óráid amháin sa mhí, ar a laghad, a thabhairt i nGaeilge i bParlaimint na hEorpa. Mhaígh sí freisin go ndéanann sí iarracht ceisteanna a chur i nGaeilge agus leasuithe ar reachtaíocht a mholadh i nGaeilge nuair is féidir léi.
“Is dóigh liom gur cinnte go bhfuil freagracht ar Fheisirí na hÉireann an teanga úsáid. Le deich mí anuas, tá mé ag tabhairt óráid amháin as Gaeilge, agus tá muid ag iarraidh ceisteanna agus leasuithe a dhéanamh as Gaeilge freisin,” a dúirt sí.
Ag labhairt di le Tuairisc sa Bhruiséil an tseachtain seo, dúirt Funchion go bhfuil sé “thar a bheith tábhachtach” go gcuirfí deireadh leis an maolú atá ar lánstádas na Gaeilge mar theanga oibre san Aontas Eorpach ach nach bhfuil sí “100% cinnte an bhfuil muid níos gaire dó sin anois”.
“Tá go leor oibre le déanamh againn, agus ba mhór an cúnamh é dá mbeadh [an teanga] á húsáid go forleathan. Bheadh sé deacair argóint a dhéanamh ina haghaidh, agus tá sí ina teanga oibre agus ina teanga laethúil ag méid mór daoine in Éirinn. Ba cheart go mbeadh stádas iomlán aici anseo,” a dúirt sí.
Dúirt Funchion go bhfuil an saol athraithe ó bhí sí féin ina cailín óg agus go bhfuil “ré nua” ann anois don Ghaeilge is “deas [léi]” a fheiceáil. Dúirt sí go bhfuil feabhas ag teacht ar a scileanna teanga féin de réir a chéile agus gur mhaith léi coinneáil uirthi á foghlaim. Ní raibh Funchion i measc na bhFeisirí a thug le fios do Tuairisc nuair a toghadh í go raibh an Ghaeilge ar a toil aici ocht mí dhéag ó shin nuair a toghadh an Pharlaimint nua.
Ghlac an tAontas Eorpach le hiarratas ó Rialtas na hÉireann i mí an Mheithimh 2005 go ndéanfaí teanga oifigiúil agus oibre den Ghaeilge san Aontas. Deir lucht na Parlaiminte, áfach, go bhfágann easpa aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge san AE i láthair na huaire nach bhfuil an Pharlaimint in ann lánseirbhís a chur ar fáil sa teanga.
Bhain an Ghaeilge lánstádas amach ag deireadh na bliana 2022 agus dúirt Rialtas na hÉireann go raibh “todhchaí nua ar leac an dorais don Ghaeilge” ach chinn Parlaimint na hEorpa srian a chur arís ar an dualgas ábhar a chur ar fáil sa teanga de thoradh easpa foirne.
Vótáil an Pharlaimint i mí an Mhárta 2024 síneadh a chur le riail a fhágann nach gá seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge ná i Máltais. Beidh an maolú sin i bhfeidhm go deireadh théarma na Parlaiminte seo in 2029.
Tá ráite cheana ag an bhFeisire d’Fhianna Fáil, Cynthia Ní Mhurchú gur cheart deireadh a chur “láithreach” leis an maolú ar an nGaeilge agus go dtugann an riail atá i bhfeidhm “neamhaird ar ár dteanga náisiúnta in institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil”.
Sa bhliain 2015, chuaigh an t-iarfheisire de chuid Shinn Féin, Liadh Ní Riada as Gaeltacht Mhúscraí, ar ‘stailc teanga’ in 2015 nuair nár labhair sí ach Gaeilge amháin sa Pharlaimint mar agóid i gcoinne an mhaolaithe.
Deir Parlaimint na hEorpa go bhfuil iarrachtaí leanúnacha ar bun chun cur le líon na n-aistritheoirí agus ateangairí ach gur “margadh an-teoranta” atá ann agus go raibh iomaíocht ghéar ann do dhaoine cáilithe.
Eoghan Ó Néill
Féar plé dí ag brú in aghaidh an dearcaidh go bhfuil an t-ádh orainn gur fágadh Übersprache an bhéarla againn agus muid beagnach inár nAnglos anois…