Tá fothoghchán míthráthúil roimh an Rialtas i mBaile Átha Cliath

Ní maith le rialtais fothoghcháin ach beidh an ceann i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas níos casta fós dóibh

Tá fothoghchán míthráthúil roimh an Rialtas i mBaile Átha Cliath

Is annamh a chuireann rialtas fáilte roimh fhothoghchán, mar is annamh a éiríonn le páirtí rialtais an bua a fháil iontu. Ach is measa scéal Chuan Bhaile Átha Cliath Theas mar is naimhde do na ceannairí is dóichí a bheas in iarrthóirí dhá cheann de na páirtithe rialtais.

Tháinig cinneadh Eoghan Murphy éirí as mar Theachta Dála aniar aduaidh ar an saol polaitiúil. Bunaithe ar fhigiúirí an olltoghcháin, ba chóir gur idir Fine Gael (a fuair 24.7% anuraidh) agus an Comhaontas Glas (a fuair 22.4%) a bheidh an chreach.

Ach cé a bheas mar iarrthóirí ag na páirtithe sin agus cén dearcadh a bheas ag na ceannairí fúthu?

Is í an t-iarrthóir is dóichí a bheidh ag Fine Gael ná Kate O’Connell a chaill a suíochán sa toghchán anuraidh. Ní haon chara le Leo Varadkar an bhean chéanna, ná baol air. Déanfaidh Varadkar a dhícheall, is dócha, iarrthóir eile a bhrú chun cinn, an comhairleoir James Geoghegan b’fhéidir. Ach tá tacaíocht mhór ag O’Connell sa bpáirtí áitiúil is ní bheidh sé éasca í a chur as an mbealach.

Tá an fhadhb chéanna ag an gComhaontas Glas. Fuair Hazel Chu, cathaoirleach an pháirtí agus Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, os cionn 4,000 vóta sna toghcháin áitiúla i bPeambróg i gcathair Bhaile Átha Cliath in 2019. Bhí sí ar cheann an chomhairimh le 33% den vóta iomlán.

Dhiúltaigh Eamon Ryan, ceannaire an pháirtí, ligean di seasamh san olltoghchán ar fhaitíos go mbuafadh sí suíochán agus gurbh é féin a bheadh thíos leis. Dhiúltaigh sé freisin ainmniúchán don Seanad a thabhairt di.

Sa bhfothoghchán Seanaid a bhí ar siúl le déanaí, dhiúltaigh an ceannaire Chu a chur chun cinn, agus sheas sí mar neamhspleách.

Léiriú ab ea an eachtra sin ar an scoilt bhunúsach atá taobh istigh den Chomhaontas Glas. Tá lucht tacaíochta Ryan sásta le polasaithe eacnamaíochta is sóisialta an rialtais, ach tá Chu bainteach le dream nach bhfuil sásta leo agus a bhfuil ‘athrú cóir’ á éileamh acu.

Luaitear Neasa Hourigan, Patrick Costello (céile Chu) agus roinnt ball a d’éirigh as an eagraíocht leis an ngrúpa seo.

Níl aon argóint shoiléir in aghaidh Chu á cur chun cinn. Ach i bhfianaise an vóta ard a fuair sí sna toghcháin áitiúla, níl aon dabht ach go ndéanfadh Ryan a dhícheall bealach a aimsiú le stop a chur léi, mar is baol mór dá shuíochán féin í.

Is scéal casta é freisin d’Fhianna Fáil. Tá an páirtí sin in ísle brí sna pobalbhreitheanna, agus go deimhin is measa an scéala i mBaile Átha Cliath. Bíonn an Teachta Dála áitiúil Jim O’Callaghan in adharca le ceannaire an pháirtí, Micheál Martin.

Dá n-éireodh go maith le hiarrthóir ón bpáirtí sa bhfothoghchán, an chun tairbhe Martin nó O’Callaghan a rachadh sé? Fuair O’Callaghan níos lú ná 14% san olltoghchán, ach is í fírinne an scéil go mbeidh Fianna Fáil ag déanamh go maith má éiríonn leo an líon sin vótaí a choinneáil.

Ar an eite chlé, bhí an lá ann nuair a bhí Páirtí an Lucht Oibre an-láidir sa cheantar seo, le Ruairí Quinn is daoine eile. Ach bhí níos lú ná 9% a bhí acu an uair dheiridh agus is ar éigean go ndéanfaidh Ivana Bacik níos fearr.

Agus Sinn Féin? I ndiaidh dó Fianna Fáil a fhágáil fuair Chris Andrews 9.5% de na vótaí céad rogha in 2016, ach bhí sé sa dara háit le 16% den vóta anuraidh.

Is í an deacracht atá ag an bpáirtí ná nach bhfuil ach an t-aon chomhairleoir amháin sa gceantar, Daniel Céitinn as an Rinn in Áth Cliath, is níl aon aithne rómhór air i Ráth Maonais nó i bPeambróg.

Tá caint ann go gcuirfeadh an páirtí Lynn Boylan, an Seanadóir agus iarfheisire Eorpach, chun cinn. Ach is as Tamhlacht di, agus cé go bhfuil an-mheas uirthi i measc lucht cosanta na timpeallachta is na haeráide, is pobal an-doicheallach ar fad é pobal na Rinne ó thaobh na vótála, agus sin an ceantar is mó ina bhfuil tacaíocht ag Sinn Féin. An nglacfaidh an pobal le hiarrthóir a thabharfaí isteach ón taobh amuigh do fhothoghchán?

Ar ndóigh níl le déanamh ag Sinn Féin ach an líon vótaí a fuair siad cheana a choinneáil nó cur leis.

Ar deireadh thiar, tá gach cosúlacht ann gur troid idir Fine Gael is na Glasaigh a bheas ann. Agus seans go mbeidh Hazel Chu níos tarraingtí ó thaobh vótaí aistrithe de.

Ní gá, ámh, an fothoghchán a reáchtáil go dtí Deireadh Fómhair, agus beidh Leo Varadkar agus Eamon Ryan araon ag súil go dtiocfaidh deus ex machina nó cor de shaghas éigin ann a athróidh comhthéacs an scéil seo.

Fág freagra ar 'Tá fothoghchán míthráthúil roimh an Rialtas i mBaile Átha Cliath'