Ba dhóigh leat toisc go bhfuil Comhdháil Bhliantúil Chumann Lúthchleas Ghael ar siúl i nDún na nGall an deireadh seachtaine seo nach bhfuil aon ní níos tábhachtaí ná í ar siúl, ach bheadh dul amú ort.
Cé go bhfuil nithe ana-thábhachtacha agus ceisteanna ana-phráinneacha le cíoradh i measc an 40 rún a bheidh á rith an deireadh seachtaine seo i nDún na nGall, tá aon cheist amháin i bhfad níos práinní le réiteach ar pháirceanna imeartha na tíre – ceist chráite an chúl báire i gcluiche na peile i mbliana.
Gan ach trí bhabhta den tsraith náisiúnta imeartha, is léir go bhfuil formhór na leasuithe atá déanta agus á ndéanamh ar an gcluiche ag dul chun a thairbhe ach aon cheann amháin, ceann an chúl báire, atá dár gciapadh is dár gcrá. Mura raghfar i ngleic leis, tá eagla orm go bhféadfadh sé biaiste eile caide a lot orainn.
Tá sé de nós againn go léir an cluiche a shamhlú mar ba mhaith linn é. Bhí ag éirí chomh seoigh leis na leasuithe le roinnt seachtainí anuas agus bhí an gátar a bhí againn leis an bhfeabhas a thiocfadh leis na leasuithe chomh géar sin, ba dheacair dúinn na lochtaí a bhí inghinte sna leasuithe a fheiscint go soiléir.
Nochtadh na heasnaimh ins na rialacha nua i mbabhta 3 na sraithe náisiúnta an deireadh seachtaine seo caite, áfach. Beidh dhá bhabhta eile againn sara raghaidh Coiste Athbhreithnithe na Peile ag plé i gceart leis na leasuithe agus tá imní orm go ndéanfar praiseach den gcluiche mura dtéitear i ngleic leis an gcúl báire ag teacht an garraí amach agus é ag cruthú coimhlintí 12 v 11 ar an dtaobh eile den bpáirc.
Taibhsíodh dúinn agus na leasuithe curtha faoinár mbráid ar pháipéar i ndeireadh na bliana seo caite go mbeadh an seana-chluiche thar n-ais againn sa mhéid is ná beadh aon mhoill ar an imirt ar aistriú seilbhe, go mbeadh triúr in aghaidh triúr ar thaobh amháin na páirce agus go mbeadh an chaid á lascáil i bhfad níos mó ná a bhíodh le blianta beaga anuas.
Tá sé soiléir, áfach, ó chuid de na cluichí tar éis trí bhabhta imeartha i Roinn 1 na sraithe go bhfuil an imirt á moilliú ar aistriú seilbhe, go bhfuil an pas coise tapaidh á thréigint agus go bhfuil an cur chuige i bhfad níos tomhaiste agus níos moille dá réir, go háirithe in aghaidh na gaoithe.
Agus ansan, chughat an cúl báire, ar a bhogshodar an gort aníos agus tosnaíonn stropaí móra fada pasanna láimhe trasna, sall is anall na páirce, díreach mar a bhíodh á cháiseamh againn le tamall. Bhí sé le feiscint an deireadh seachtaine seo caite go bhfuil foirne ag cur seisear nó seachtar doimhin chun tosaigh d’fhonn spás a chruthú timpeall ar an stua dhá phointe. Tá an chosaint díreach chomh domhain agus chomh plúchta ag freagairt do seo agus ba dhóigh leat go mbeadh fonn ar fhoirne tabhairt fén dá phointe leis an spás atá cruthaithe timpeall ar an stua. Ní hamhlaidh atá, áfach, agus tá sé le feiscint, nuair a bhítear ag imirt in aghaidh na gaoithe, go bhfuil an chaid á coimeád ar feadh dhá nó trí nóimeat chun an t-am a ídiú.
Bhí sé ráite riamh nuair a théann an gabhar an teampall ná stadann sé go dtéann sé ar an altóir agus bhí sé de choráiste an tseachtain seo ag cúl báire Thír Eoghain, Niall Morgan, a rá ná beadh an taitneamh céanna ag baint leis an gcluiche dá mbainfí cead siúil is bóithreoireachta ón gcúl báire agus gur dócha go n-éireodh cúl báirí áirithe as luath nó mall dá mba amhlaidh a bheadh.
Chuir caint Uí Mhuireagáin conách ar mhórán, mé féin ina measc. Ní ghéillim beag ná mór don gcúl báire a bheith ag teacht amach faoin bpáirc agus ní ghéillim ach an oiread gur meon traidisiúnta atá agam i leith an chúl báire. Dob é Stephen Cluxton, thar aon imreoir eile lenár linn, a d’athraigh an múnla don gcúl báire. Léirigh sé toisí agus teaicticí nárbh léir dúinn sara dtosnaigh sé ag imirt, thug sé éachtaintí dúinn ar an méid forbartha a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an ról agus ba ar éigean a d’fhág sé a líne cúil in aon chor.
Bhí sé le rá ag Niall Morgan an tseachtain seo go mba ghníomh in aghaidh leithéidí Thír Eoghain, Ard Mhacha agus Mhuineachán a bheadh i gceist dá gcuirfí srian leis an gcúl báire ag teacht aníos fén bpáirc. Ní dócha go mbíonn Morgan ag féachaint puinn ar Cholm Reape Mhaigh Eo, Paddy Dunican Uíbh Fháilí, Billy Hogan na Mí, Killian Roche Laoise, Conor Carroll Ros Comáin agus mórán eile nach iad ach dá mbeadh, thuigfeadh sé nach é féin, Ethan Rafferty agus Rory Beggan an t-aon triúr atá ag cruthú na hainnise. Agus tabhair ainnise air. Ní chun leasa ár gcluiche é.
Thuig lucht riartha chluichí eile ar fud an domhain an díobháil a dhéanfaí dá mbeadh an cúl báire nó a mhacasamhail lárnach san imirt. Thuig lucht an tsacair é ós cionn 30 bliain ó shin nuair a cuireadh deireadh leis an bpas siar go dtí’n gcúl báire. Ba é an dála céanna ag haca agus ag lacrosse é nuair a cuireadh cúinsí áirithe i bhfeidhm a d’fhág ná beadh an cúl báire páirteach i ngnéithe áirithe den imirt.
Tá cúiseanna maithe ann nach mbíonn an cúl báire sáite in imirt foirne agus muna bhfuil san soiléir tar éis trí bhabhta den sraithe náisiúnta peile, éirigh as.
WTF
Ana-cheart ag Dara sa méid sin agus é ráite go paiteanta aige.
Kerry Blue
Na cluichí caide atá feicthe agamsa go dtí seo chuirfidís casadh aigne ort.
D’fhágas páirc na himeartha cúpla babhta i mbliana cheana féin le bailitheacht agus le gomh.
Tá scagadh maith déanta ag Dara ar na laigí ach cé tá chun iad a réiteach?
Nó cén réiteach atá orthu?
An sall is anall síoraí nó an lupadaíl lapadáil, an cúlú siar nuair abbfhusa dulbsa treo eile, an t-aistriú láimhe gan bhrí, an leisce/eagla tabhairt fé scór, leisce/eagla an chaid a chiceáil isteach go dtí an tosaí atá ‘ar fáil’.
Athraigh na rialacha an chéad uair eile agus bainfidh bainisteoir glic eile casadh nua nó buntáiste gan choinne astu arís.
Ag caint is ag cadráil estartu féin nó ag útamáil leis an bhfón a bhíonn an lucht féachana ach a dtosnaíonn an lupadaíl lapadáil seo.
An fada eile a leanfaidh siad orthu ag freastal ar an méiseáil seo?