Tá Donald Trump fós sa chúlra ag gríosú agus ag saighdeadh

Tá na húdaráis ag fiosrú na n-eachtraí a bhain leis an ruathar ar an gCaipeatól in Washington ach cén tairbhe a bhaineann leis?

Tá Donald Trump fós sa chúlra ag gríosú agus ag saighdeadh

Tá muid ag trácht ó thús ré an Uachtaráin Donald Trump ceithre bliana go leith ó shin ar chomh deighilte agus atá na Stáit Aontaithe. Cuireadh tús, an tseachtain seo in Washington le coimisiún fiosraithe a tharraing aird arís ar an deighilt i measc na bpolaiteoirí agus sa bpobal féin.

Sceimhlitheoireacht bhaile a thug na póilíní a thug fianaise don choimisiún ar eachtraí mhí Eanáir seo caite i bpríomhchathair na tíre. Tá sé os cionn sé mhí ó tharla an chíréib in Washington agus go dtí an tseachtain seo níor éirigh le hionadaithe sa gComhdháil aontú ar an mbealach is fearr le tabhairt faoi fhiosrúchán. An deacracht is mó a bhí ann ná coiste a chur le chéile; níor theastaigh ó na Poblachtánaigh a bheith páirteach ina leithéid d’fhiosrúchán mar go bhfuil an baol ann go bhfaighfí locht ar an té a bhí mar ionadaí tofa ag an bpáirtí sin sa Teach Bán ag an am as an bhforéigean a ghríosú.

Chuir siad bac ar bhille sa Seanad le coimisiún neamhspleách a bhunú agus mar thoradh air sin bunaíodh roghchoiste de chuid na Comhdhála.

Níl aon bhealach nach dtiocfadh an fhianaise a tugadh an tseachtain seo i gcion ort. Ba léir go bhfuil na póilíní a thug fianaise fós ag fulaingt mar thoradh ar eachtraí an lae sin. Rinne siad cur síos ar lucht círéibe ag tabhairt cúl le cine orthu. Caitheadh maslaí ciníocha leo. D’airigh siad ar fad an bhagairt agus an baol foréigin a d’fhéadfadh a mbeatha a chur i mbaol. Mar chuid dá gcuid dualgas b’éigean dóibh cosaint a thabhairt do na polaiteoirí i dtithe na Comhdhála. Seo iad na polaiteoirí céanna atá i mbun argóna beagnach chuile lá ó shin faoin tairbhe a bhainfeadh le fiosrúchán neamhspleách faoin méid a tharla.

Is dóigh ar bhealach gurb í sin an cheist atá le cur. Cén tairbhe a bhaineann lena leithéid d’fhiosrúchán? Tá na húdaráis dlí agus cirt ag fiosrú na n-eachtraí agus tá daoine á gcúiseamh as círéib a chur ar bun. An bhfuil aon duine ag breathnú ar an míshásamh agus an t-éadóchas a spreag na daoine sin? Creideann go leor acu go fírinneach gur goideadh an toghchán ó Donald Trump an geimhreadh seo caite. Creideann siad freisin go bhfuil bréaga á n-insint dóibh. Tá na tuairimí sin á gcur in oiriúint ag an tráth seo don fheachtas in aghaidh mascanna, vacsaíní agus srianta Covid. Tá nasc díreach idir amhras faoin víreas agus stáit a thug a dtacaíocht do Trump an geimhreadh seo caite. Mar atá idir na stáit ina bhfuil srianta ar chearta vótála á gcur sa dlí agus stáit a thug tacaíocht do Trump.

Tá Trump fós sa chúlra ag gríosú daoine agus toghcháin lár téarma ag teacht an bhliain seo chugainn. Ní theastaíonn fiosrúchán Comhdhála leis an méid sin a chur in iúl dúinn.

Ní chreidfidh sciar mór de phobal Mheiriceá na torthaí ar aon nós. Tá siadsan sásta géilleadh do Trump agus a lucht tacaíochta.

Nó go n-athróidh sé sin, is deacair a rá go mbeidh aon athmhuintearas ná maolú ar an deighilt atá i measc phobal na Stát Aontaithe.

Fág freagra ar 'Tá Donald Trump fós sa chúlra ag gríosú agus ag saighdeadh'

  • Anon

    Yes Donald Trump!

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá Trump ar son na beatha.