Deir Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont go bhfuil deis ann tús a chur le ré nua don Ghaeilge sa dara céad bliain den stát trí thacaíocht níos mó a thabhairt do phobal labhartha na teanga.
Agus sceideal fómhair TG4 á sheoladh aige inné, dúirt Esslemont gur léir nuair a fhéachtar ar an tacaíocht a thugtar don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag “nach bhfuil aon uaillmhian ag Stát na hÉireann i leith phobal labhartha na Gaeilge ná i leith mheán cumarsáide na Gaeilge”.
Ag iompú ar an mBéarla, dúirt sé go raibh cur chuige an stáit i leith na Gaeilge lochtach i gcomparáid le cur chuige na n-údarás sa Bhreatain Bheag i leith na Breatnaise.
“Tá seanrá ag na Gréagaigh: ’Uaillmhianta móra a ghineann torthaí móra’. Sa nach mór 100 bliain ó bunaíodh an stát, thacaigh an stát leis an nGaeilge mar shiombail den fhéiniúlacht náisiúnta ach níor léiríodh an uaillmhian chéanna do phobal chainteoirí na Gaeilge is a léirigh na húdaráis sa Bhreatain Bheag don Bhreatnais.”
B’amhlaidh an scéal i gcás na craoltóireachta Gaeilge, dar le Esslemont.
“Ó thaobh na meán de is beag difríocht atá i bhfoclaíocht an Achta Craolacháin 2009 ó thaobh na ndualgas seirbhíse poiblí atá ar RTÉ agus TG4. Mar sin féin ní fhaigheann TG4 ach an deichiú cuid de na hacmhainní a fhaigheann RTÉ.
“Tá sé soiléir gur córas monailiteach é éiceachóras na meán seirbhíse poiblí in Éirinn faoi láthair. Ní mór do na meáin seirbhíse poiblí in Éirinn a bheith buan i ndiaidh na paindéime ach tá gá acu freisin le níos mó éagsúlachta agus iolrachta.”
Dúirt Esslemont go léirítear i bplean atá ullmhaithe ag TG4 don saol i ndiaidh na paindéime conas is féidir roinnt níos “cothroime” a dhéanamh ar an maoiniú poiblí a fhaigheann RTÉ, TG4, Fís Éireann agus an BAI.
“Tá TG4 ag teastáil níos mó ná riamh. An cuspóir ar leith atá againn a dhéanann craoltóir ar leith dínn agus cuid lárnach d’Éirinn na linne seo.
“Ach tar éis 25 bliain, caithfidh an Rialtas níos mó uaillmhéine a léiriú i leith TG4 chun sinn a scaoileadh saor ó sheanpharaidím an mhaoinithe den dara grád nó den tríú grád faoinar seoladh TG4 i 1996.
“Tá deis ann sa dara céad bliain de stát na hÉireann tús a chur le paraidím nua do phobal labhartha na Gaeilge agus d’Éirinn go léir.”
Rossa ó Snodaigh
Tá deis ann do TG4 an Ghaeilge a chuir chun cinn sna céad 25 bliain eile, tré geallúint a thabhairt go mbeidh níos mó tacaíocht á dtabhairt acu don Ghaeilge tré
1. Líon níos mó cláracha Gaeilge ná Sasannaise á chraoladh go laethúil
2. Polasaí céimeach i leith tiontú ó fhógraí Sasannaise go fógraí i nGaeilge.
3. Fotheidil Gaeilge a chuir ar na cláracha Sasannaise.
Deireadh ré do na Gaeil
Cén chaoi a bhfuil dóchas don Ghaeilge nuair atá an caighdeán Gaeilge in eagrais ar nós Údarás na Gaeltachta faoi bhun leibhéal Gaeilge scríofa páiste bunscoile? Ní ionann cúpla clár teilifíse agus TG4 a bheith ag fáil ardmholadh as cúpla jóc ar Twitter agus “ré nua don Ghaeilge”. Níl ann ach cur i gcéill.
Proinnsias
Go raibh míle maith agat as ucht do chuid tuairimí. Is maith an rud é an fírinne seo a chur ós ár gcomhar. An féidir leis an gnáthshaoránach aon rud a dhéanamh chun “tús a chur leis an ré nua don Ghaeilge’’???
Le gach Dea-Ghuí
Proinnsias
Feardorcha
Is ait liom dearcadh TG4 agus Alan Esselmont ar thodhchaí na Gaeilge. Shílfeadh an t-aineolach nach bhfuil baint dá laghad acu lena mhúnlú agus lena stiúradh.
Is aite fós dearcadh tuairisc.ie i leith TG4. Thuigfeá cairdeas a bheith idir mórchomhlachtaí na meán sa teanga ach tá bailbhe agus go deimhin comhpháirt tuairisc.ie i dteip TG4 an-bhrónach go deo.