Tá deis ag an uachtarán nua labhairt go macánta faoin ngéarchéim aeráide

Beidh deis ag Catherine Connolly aird a tharraingt ar an dúshlán aeráide a gcuireann polaiteoirí as a n-intinn é

Tá deis ag an uachtarán nua labhairt go macánta faoin ngéarchéim aeráide

Gheall Catherine Connolly agus í ag labhairt den chéad uair mar uachtarán tofa i gCaisleán Bhaile Átha Cliath go mbeadh sí ina guth “ar son chosmhuintir na tíre”.

Neosfaidh an aimsir cé mar a chuirfidh sí caint chomh ginearálta i bhfeidhm amach anseo. Rinne sí cur síos níos cruinne ar ábhair áirithe áfach.

Bheadh sí ina guth, a dúirt sí, ar son na síochána, ar son na neodrachta agus “ar son aitheantas a thabhairt don ghéarchéim athrú aeráide”.

Is díol suntais nár thagair sí d’aontú na tíre – aidhm a dúirt Mary Lou McDonald roimh an toghchán a chuirfí chun cinn dá dtoghfaí í – san óráid a thug sí tar éis toradh an toghcháin a bheith fógartha.

Tar éis don uachtarán tofa freastal ar oscailt an Oireachtais i mBéal Feirste, cuirfidh ceannaire Shinn Féin spéis faoi leith ina mbeidh le rá aici faoin ábhar sin, go díreach nó go hindíreach, agus í ag labhairt tar éis a hinsealbhaithe ar an 11 Samhain.

Beidh ábhar níos práinní á phlé sna meáin abhus agus ar fud an domhain sna laethanta idir seo agus a teacht in oifig agus díreach ina dhiaidh. Go deimhin beidh an ghéarchéim aeráide ar thagair sí di go minic le linn an fheachtais agus díreach i ndiaidh an toghcháin á plé arís agus arís eile le linn a tréimhse in Áras an Uachtaráin.

Rachaidh an Taoiseach go Belém sa Bhrasaíl an tseachtain seo chugainn in áit a bheith i láthair agus páirtí parlaiminteach Fhianna Fáil ag cur is ag cúiteamh arís i dTeach Laighean Dé Céadaoin. Dá mhéad an fhadhb atá le réiteach ag a pháirtí, ní faic é taobh leis na fadhbanna a phléifear agus ceannairí rialtais ag teacht le chéile Déardaoin roimh thús mhórchomhdháil aeráide COP 30 sa chathair chéanna.

Níl polaiteoir stuama ná duine stuama sa tír a shéanfadh an fhírinne aeráide ar thagair Catherine Connolly di go beacht agus go lom seachtain ó shin. Ní hionann easpa séanta, áfach, agus an toil faoin ngníomh a éilíonn athrú aeráide.  Ní hionann é ach oiread agus cúl a thabhairt leis an bpatuaire agus an t-éadóchas a chothaíonn faillí i dtíortha áirithe agus freasúra nimhneach sna Stáit Aontaithe ó chuaigh Donald Trump i gceannas arís.

Ní léir fós cén tionchar a bheidh ag baghcat feidhmeach na Stát Aontaithe ar an gcomhdháil i mBelém. Tharraing Meiriceá amach ó chomhaontú aeráide Pháras arís díreach tar éis do Trump filleadh ar an Teach Bán i mí Eanáir. Sin ráite, tá tíortha ar fud an domhain ag tarraingt na gcos, agus Éire i measc na dtíortha is drogallaí ó thaobh laghdú astaíochtaí de.

Is ríléir faraor an baol. Ní tógtha ar mhórán ceannairí a bheadh sé dá ndéarfaidís leo féin ‘céard is fiú brú rómhór a chur ar ár saoránaigh astaíochtaí a laghdú nuair atá laghdú mínáireach as cuimse beartaithe ag an tír is saibhre agus is cumhachtaí ar domhan?

Ní tógtha ach oiread ar mhórán i ngach tír géilleadh do dhearcadh dá leithéid. Is ionann é, áfach, agus leas ár bpáistí, ár ngarpháistí agus na nglúnta a shaolófar ina ndiaidh a chur as ár n-intinn. Is ionann é freisin agus lag-bhéim a chur ar fheidhmiú polasaithe a rachaidh chun sochair don ghlúin seo.

Chuirfeadh solas na gréine, neart na gaoithe, teas na talún, mar aon le fuinneamh ó fhoinsí bithmhaise cosúil le plandaí, adhmad, dramhaíl bia agus cac ainmhithe cumhacht leictreach ar fáil ar chostas níos ísle. Is é sin dá gcuirfí dlús dáiríre le forbairt tograí a úsáideann foinsí dá leithéid.

Fiú agus moill as cuimse a bheith curtha ar an obair, thug Eirgrid le fios an mhí seo caite gur chuir foinsí in-athnuaite fuinnimh 42% de sholáthar leictreachais an stáit ar fáil i mí Mheán Fómhair. Fógraíodh infheistíocht bhreise rialtais €3.5 billiún don bhonneagar fuinnimh sa bhuiséad. Más mall is mithid.

Nílimid ag dul ar gcúl go hiomlán mar sin, ach tá a fhios ag an saol go bhfuil moill á cur ar laghdú astaíochtaí abhus ag an truailliú a dhéanann feithiclí agus ainmhithe feirme. Tá an rialtas ag admháil gur i bhfad ón laghdú 42 faoin gcéad a gealladh (i gcomparáid le 2005) a bheidh an sprioc a bhainfear amach.

Tá súil ag an rialtas gur féidir margadh a dhéanamh leis an AE agus go laghdófar an fhíneáil a íocfar (ní fíneáil í dáiríre í ach creidmheas éigeantach a cheannófar ó thíortha eile).

Níl aon chinnteacht, áfach, ag baint le séanadh an rialtais gur idir €8 billiún agus €23 billiún (de réir na meastachán a rinne an Chomhairle Chomhairleach Bhuiséadach agus an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide) a bheidh an praghas a bheidh ar an stát a íoc.

Níl aon chinnteacht ag baint ach oiread le ráiteas páistiúil an Aire Aeráide agus Fuinnimh, Darragh O’Brien, a dúirt gurb ionann na meastacháin thuas agus garbh-áireamh  (‘back of the envelope stuff,’ a dúirt sé i mBéarla.).

Níl cinnteacht ann ach oiread go mbeidh tíortha ina mbreathnaítear ar rialacha cháin chorparáide na hÉireann mar chóras éagórach róthuisceanach nó róchuiditheach má iarrtar orthu ár gcostas astaíochtaí a laghdú.

Gan dabht, baineann na roghanna thuas leis an saol polaitiúil. Thug Catherine Connolly le fios go soiléir sular toghadh í go mbeadh meas aici ar ról bunreachtúil an rialtais agus nach gcuirfeadh sí isteach air. Dúirt sí freisin, áfach, go mbeadh sí toilteanach labhairt amach dá mba léir di an riachtanas.

Léirigh an t-uachtarán tofa a crógacht roimhe seo agus an moladh go dtógfaí seachbhóthar costasach i nGaillimh á cháineadh aici toisc go raibh feabhas níos iomláine ar chóras iompair na cathrach (Luas soir-siar ina measc) á chur as an áireamh.

Is casta agus is contúirtí an dúshlán aeráide domhanda, go háirithe toisc é a bheith á shéanadh go hoscailte ag Donald Trump agus á shéanadh le faillí nó le meatacht ag rialtais éagsúla, ár rialtas féin ina measc.

Ní ar na polaiteoirí amháin atá an milleán gan dabht. B’fhearr lenár bhformhór an dúshlán a chur as ár n-intinn toisc é a bheith chomh scanrúil, nó chomh costasach sa ghearrthéarma dá ndéanfaí na roghanna a theastaíonn.

Is léir mar sin an deis a bheidh ag an uachtarán nua labhairt go díreach faoin ngéarchéim aeráide ar dhóigh a mhúsclóidh aird, dóchas agus (le himeacht aimsire b’fhéidir) gníomh.  Ní beag an dúshlán ná an deis.

 

 

 

Fág freagra ar 'Tá deis ag an uachtarán nua labhairt go macánta faoin ngéarchéim aeráide'

  • Eoghan Ó Néill

    Tá sí a’ dhul a bheith ina huachtarán ar son an phobail, na síochána agus na timpeallachta – hasta la victoria siempre!

  • Pádraig

    “leas ár bpáistí, ár ngarpháistí etc” Aontaím.
    Ach nuair a tharraing mé anuas an pointe sin chuig comharsa liom fuair mé freagra pras uaithi:
    “Beidh orthu siúd faire amach dóibh féin!”
    Sin é nádúir an duine; táimid an-ghar dúinn féin agus is cuma lenár bhformhór sa sioc (más ann dó) faoin aeráid.