‘Tá Daidí na Nollag feicthe agam. Faoi dhó!’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Amanntaí, bíonn draíocht na Nollag sa truflais freisin.

Pict
Pictiúr: Leon Farrell/Photocall Ireland

Sea, tá Daidí na Nollag feicthe agam. Faoi dhó. An Daidí na Nollag ceart atá i gceist agam. An fear mór é fhéin.

Píosa maith ó shin a chonaic mé é agus is beag ná go raibh dearmad déanta agam air go dtí an lá cheana. Bhí mé istigh i Dealz Dealz Dealz ag cuartú sellotape, páipéar Nollag agus seacht gcéad caoga ceallaire AA nuair a chonaic mé rud éigin os comhair mo shúl a bhí ag gluaiseacht.

Daidí na Nollag bréige a bhí ann, b’fhéidir troigh ar airde. Chuaigh mé anonn chuig an seilf is thóg mé i mo láimh é.  Ní raibh sé inchurtha le iRobot ná aon rud ach bhí na lámha in ann a ghabháil suas is anuas; bhí soilse beaga air agus ceol Nollag á sheinm aige. Sórt truflais i ndáiríre.

Is ansin a chuimhnigh mé ar an gcéad oíche a chonaic mé Daidí na Nollag.

Is í mo mháthair a ghlaoigh isteach sa gcistineach orainn. ‘Gabh i leith isteach agus cuir as an solas, ceapaim gur chuala mé Santaí taobh amuigh.’

Rith muid uilig isteach agus dúradh linn suí síos go socair agus éisteacht. Is ansin a chuala mé é. Cloigíní beaga amuigh sa halla. Ba dheacair againn fanacht inár dtost.

‘Breathnaigh amach, b’fhéidir go mbeadh sibh in ann é a fheiceáil, ach ná feiceadh sé sibh.’ Anonn linn agus go deimhin bhí sé ann, thíos ag bun an phásáiste ar fad agus é ag seinm ceol Jingle Bells.

Bhí ceist mhór amháin againn, áfach; ‘Ní shin é an Santaí ceart! Tá sé beag bídeach!’ Ach níor chuimhnigh muid go laghdaíonn sé é fhéin, ar ndóigh, le go mbeidh sé in ann a ghabháil suas is anuas an simléar.

Uair amháin eile ina dhiaidh sin a chonaic mé Daidí na Nollag.

Tráthnóna Oíche Nollag a bhí ann agus bhí muid uile bailithe le chéile ag an tine nuair a tháinig cnag ar an doras.

Is é a bhí ann. Níorbh fhéidir linn é a chreidiúint. Culaith mhór dhearg, féasóg agus mála mór lán le bronntanais.

Tháinig mé trasna ar ghrianghraf ón oíche sin le deireanas.

An chéad rud a thug mé faoi deara ná chomh beag is a bhí muid ar fad agus an t-áthas a bhí orainn ag an eachtra dhraíochtúil seo.

An dara rud a thug mé faoi deara ná go raibh na spéaclaí céanna á gcaitheamh ag Daidí na Nollag agus a bhíodh á gcaitheamh ag m’athair. Ach is dócha gur comhthárlúint é sin.

Bhí mé ar tí an Santaí beag bréige i Dealz Dealz Dealz a leagan uaim arís is coinneáil orm nuair a chuimhnigh mé arís air.

Amanntaí, bíonn draíocht na Nollag sa truflais freisin.

Fág freagra ar '‘Tá Daidí na Nollag feicthe agam. Faoi dhó!’'