Tá cuma na haoise ar Fhianna Fáil agus ní léir go dtuigeann siad é

Níor mhór d’Fhianna Fáil gad na seanpholaitíochta a scaoileadh nó an teip atá i ndán dóibh agus dá gceannaire

Tá cuma na haoise ar Fhianna Fáil agus ní léir go dtuigeann siad é

Micheal Martin TD. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá cuma na haoise ar Fhianna Fáil. An tseanchaint chéanna, na sean-argóintí céanna agus na seantéarmaí tagartha céanna. An tseanpholaitíocht.

Ní hamháin go raibh i bhfad níos mó daoine liatha ná daoine óga le feiceáil ag an Ard-Fheis tá seachtain ó shin, ach is cosúil nach féidir leis an bpáirtí dul i ngleic leis an saol mar atá. Bíonn siad ag caint sa gcaoi go mba dhóigh leath nach bhfuil uathu ach coinneáil leis an tseantroid idir an dá mhórpháirtí agus neamhaird iomlán a dhéanamh den dúshlán nua bhaineann le leithéidí Shinn Féin.

Ar bhealach, tá sé truamhéalach go raibh siad Ard-Fheis na bliana seo bunaithe fós ar straitéis na bliana seo caite. An tráth sin thug na pobalbhreitheanna le fios go raibh siad ag dul i bhfeabhas mí i ndiaidh míosa, go mbeadh siad chun tosaigh ar Fhine Gael sa gcéad olltoghchán seo chugainn, agus go raibh seans réadúil ann go mbeidís in ann rialtas a bhunú le páirtí beag éicint – na Glasaigh nó Páirtí an Lucht Oibre – de réir mar a d’oirfeadh dóibh.

Ó thús na bliana go deireadh mhí Márta bhí Fianna Fáil chun tosaigh ar Fhine Gael sna seacht bpobalbhreith a rinneadh. Ag pointe amháin bhí siad ocht bpointe céatadáin chun tosaigh, 33% acusan in aghaidh 25% Fhine Gael.

B’in an t-am go raibh ceannaireacht Enda Kenny ar Fhine Gael lag agus ceisteanna á gcur faoi fad is a bhí an rialtas féin i dtrioblóid mar gheall ar iarchoimisinéir (mar atá anois) an Gharda Síochána, Nóirín O’Sullivan a bheith faoi bhrú. Bunaithe ar chomhairle Jim O’Callaghan, duine tábhachtach i gciorcal an cheannaire, chuaigh siad chun tarrtháil a dhéanamh ar O’Sullivan.

Chaill siad a seans.

Ó mhí an Mhárta ar aghaidh thosaigh Fine Gael ag teacht ar ais, agus ó tháinig Leo Varadkar isteach mar cheannaire tá a pháirtí chun tosaigh ar Fhianna Fáil i gcúig cinn de na sé phobalbhreith a rinneadh.

Níl mórán idir an dá pháirtí, ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil ag éirí le Fine Gael bogadh chun cinn beagáinín ar a chéile comhraic.

Ciallaíonn na figiúirí seo gur cosúil, ní hamháin nach mbeidh Fianna Fáil in ann rialtas a bhunú gan tacaíocht Fhine Gael agus gur dócha nach mbeidh de rogha acu ach tacaíocht a thabhairt d’Fhine Gael ó bhinsí an fhreasúra nó bheith ina bpáirtnéir sóisearach acu.

Más amhlaidh an scéal, cén plé a rinne Fianna Fáil faoi seo uile ag an Ard-Fheis? Faic, ach Sinn Féin a ionsaí arís.

Creideann Micheál Martin, agus a chuid comhairleoirí, leithéidí Seán Dorgan, Deirdre Gillane, Pat McParland agus Jim O’Callaghan, go bhfuil sé riachtanach leanúint leis na hionsaithe seo le vótóirí na meánaicme a chur ar a suaimhneas ar fhaitíos go gceapfaí go rachadh Fianna Fáil i gcomhrialtais leis na Poblachtánaigh.

Ach céard le haghaidh Fianna Fáil mar sin? An bhfuil aon fhís dá gcuid féin acu don tír agus don náisiún?

Thosaigh mé ag gáire nuair a chuala mé iad ag cáineadh polasaithe áirithe de chuid an rialtais, nuair atá a fhios ag an saol nach féidir leis an rialtas aon pholasaí a thabhairt isteach gan cead Fhianna Fáil.

Ar a laghad, is lasmuigh de shocrú rialtais atá páirtí an Lucht Oibre agus iad ag cáineadh polasaithe rialtais, cé nach bhfuil aon chreidiúint ag dul dóibh i bhfianaise a ról féin sa rialtas deireanach.

Ní raibh Fianna Fáil sa rialtas sin, ach tá siad sa riocht chéanna anois.

Is deacair freisin aon aird a thabhairt ar chaint Fhianna Fáil toisc go bhféadfaidís stop a chur le haon pholasaí nach bhfuil siad sásta leis dá mba mhian leo.

Tar éis na hamaidí ar fad, tá rogha fós rompu: comhrialtas mar pháirtí sóisearach le Fine Gael, nó comhrialtas le Sinn Féin más féidir teacht ar aontú leo maidir le polasaithe agus post an Taoisigh. Ní bheadh an méid sin éasca.

Agus cé gur vótáil lucht na hArd-Fheise i gcoinne comhrialtas le Sinn Fáin, is eol go maith gurbh fhearr le cuid mhaith den pháirtí an rogha sin.

Ní thabharfaidh a gcur chuige seanchaite i leith an ochtú leasú slán iad, agus mura ndéanann siad machnamh domhain ar chúrsaí ní bheidh i ndán don pháirtí ach an bás, nó, ar a fheabhas, saol truacánta ag beathú Fine Gael. Cad iad na ceisteanna ar chóir dóibh aghaidh a thabhairt orthu? Tús maith a bheadh sna cinn seo. Cén ról a fheiceann siad dóibh féin in Éirinn an lae inniu? Cén comhoibriú a d’fhéadfaidís a dhéanamh leis an bpobal náisiúnach ó thuaidh?

Seans maith gurbh fhearr le cuid mhaith den pháirtí bás a fháil ná bheith i bpóca Fhine Gael go deo, agus mura n-éiríonn le Micheál Martin bua a fháil san olltoghchán beidh deireadh lena ré mar cheannaire.

Fág freagra ar 'Tá cuma na haoise ar Fhianna Fáil agus ní léir go dtuigeann siad é'

  • maitiu

    Agus ta cuma na fiminteachta ar Shinn Fein is a ra nach bhfuil de dhris chosain eatarthu ach ‘post an Taoisigh’!