Tá cuimhne bheo bheacht agam orthu ag damhsa ar na mótarbhealaí

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: agus comhdháil COP26 ar siúl i nGlaschú, chuimhnigh ár gcolúnaí ar leabhar do pháistí a chuaigh i bhfeidhm air nuair a bhí sé óg

Tá cuimhne bheo bheacht agam orthu ag damhsa ar na mótarbhealaí

Is minic le deich lá anuas, agus comhdháil COP26 ar siúl i nGlaschú, a chuimhnigh mé ar leabhar do pháistí a bhíodh sa teach againn nuair a bhí mé óg: Dinosaurs and all that Rubbish leis an údar agus maisitheoir leabhar ón mBreatain, Michael Foreman. 

Sa leabhar sin, fágann An Duine slán go deo leis an gcruinne agus tugann aghaidh ar phláinéad éigin i bhfad i gcéin i roicéad beag bídeach. Anseo ar domhan, tagann na dineasáir ar ais ó na mairbh agus glanann siad suas an fásach tionsclaíoch a d’fhág An Duine ina dhiaidh. Níl an leabhar os mo chomhair anois, ach fós – dhá scór bliain, shamhlóinn, ó bhreathnaigh mé air go deireanach – tá cuimhne bheo bheacht agam ar léaráidí breátha Foreman, uiscedhathanna de dhineasáir ag satailt ar mhótarbhealaí tréigthe agus ag baint plaiceanna as carranna a fágadh le taobh an bhóthair.  

Ag deireadh an leabhair, gobann féar aníos tríd na scoilteanna a rinne na dineasáir sa tarmac agus iad ag damhsa. 

Sa bhliain 1972 a foilsíodh Dinosaurs and all that Rubbish – an bhliain chéanna agus a foilsíodh chéad tuarascáil Chlub na Róimhe, Teorainn leis an bhFás, an chéad tuarascáil eolaíoch mór le rá a d’fhógair go bhféadfadh athruithe a theacht ar an aeráid de bharr ghníomhaíochtaí an duine. 

Ní orm féin agus ar mo dheartháir óg amháin a chuaigh leabhar Foreman i bhfeidhm. Bhunaigh ár n-athair, ar chumadóir ceoil é, ceoldráma air. 

Ní thuigim beo cén chaoi a mbíodh m’athair – fear a thuig teachtaireacht Dinosaurs and all that Rubbish i bhfad níb fhearr ná mar a thuig a bheirt mhac í – sásta carr a thiomáint, fios maith aige nach aer úr fionnuar a bhí ag teacht amach as sceithphíopa a veain buí Renault. (Ritheann chéad líne chlúiteach leabhair eile, The Go-Between le L.P. Hartley, liom anois: ‘The past is a foreign country; they do things differently there.’) 

B’fhéidir go bhfuil sé pas beag furasta breith a thabhairt ar na glúnta a tháinig romhainn agus muid ag breathnú siar. De réir a chéile a leathnaigh an tuiscint ar thábhacht na timpeallachta ó 1972 i leith, agus is cinnte nach raibh an fhianaise faoin athrú aeráide atá ar fáil anois ar fáil sna 1970idí ná na 1980idí. 

Ach níl aon leithscéal againne atá beo inniu. Is léir ón bhfianaise eolaíoch go mbeidh tionchar tubaisteach ag ár stíl bheatha chaipitlíoch, ola-bhreoslaithe ar an bpláinéad seo gan mhoill. Mar sin féin leanaimid orainn ag tabhairt béalghrá don aeráid, ag úsáid an tsoip in áit na scuaibe, ag cur dianbheartas a bhfuil géarghá leo ar an méar fhada. 

Tá blas ar an díoltas a bhaineann an dúlra amach ar an gcine daonna i leabhar Foreman. Dineasáir ag satailt ar ár gcuid mótarbhealaí, plaiceanna á mbaint acu as ár gcuid carranna: nárbh aoibhinn an feic é? 

Ar ndóigh tá díoltas á bhaint amach ag an dúlra ar an gcine daonna cheana féin.  

Agus níl cuma leath chomh gleoite agus a bhí ar na dineasáir i leabhar Foreman ar thinte foraoise, ar thuilte agus ar thriomach. Ní bheidh ar an ocras agus ar an gcogaíocht a leanfaidh iad ach oiread. 

Leabhar do pháistí atá in Dinosaurs and all that Rubbish. Tugann Michael Foreman bealach éalaithe don Duine i roicéad beag. Ligeann sé do speiceas a díothaíodh teacht ar ais ó na mairbh. Tá dóchas, go deimhin, san fhéar úr a ghobann aníos sna scoilteanna a rinne na dineasáir sa tarmac. 

Ní hionann an fíorshaol agus leabhar do pháistí. Níl bealach éalaithe againn ón bpláinéad seo. Ní thagann speiceas a dhíothaítear ar ais ó na mairbh. Agus má fhásann an féar arís tar éis na holltubaiste aeráide, seans nach mbeidh muidne ann chun é a fheiceáil. 

Fág freagra ar 'Tá cuimhne bheo bheacht agam orthu ag damhsa ar na mótarbhealaí'