Tá crainn silíní chathair Chorcaí ag bláthú i gcónaí…

Tá scéalta le hinsint ag crainn silíní agus Halla na Cathrach i gcathair Chorcaí

Tá crainn silíní chathair Chorcaí ag bláthú i gcónaí…

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Chuir cara linn an WhatsApp seo a leanas chugainn le déanaí: ‘Fuaireas an chéad jab (i gcoinne na Cóibhide) cúpla neomat ó shin. Fós sa seomra feitheoireachta i Halla na Cathrach…..’

Mise: Nach ait an chumhacht atá sna focail ‘Halla na Cathrach’ dúinn? Tá sé sa DNA síceolaíoch againne, Corcaígh….’

Ise: ‘Mac Suibhne agus Mac Curtáin ag féachaint anuas orm…Agus an Chórfhéile ag preabadh san aer agus mé i lár an aonaigh inniu!’

Ciú ár gcara John Spillane…..

‘Let me tell you ’bout the cherry trees,
Every April in our town,
They put on the most outrageous clothes,
And they sing and they dance around…’

Deineann Spillane ceiliúradh ar iontas bliantúil na gcrann silíní. Gach mí Aibreáin rincidís, na crainn silíní céanna, ar dhá thaobh Shráid Anglesea m’óige. Bándearg. Seapánach. Sómhar.

Mórbhealach leathan maorga is ea Sráid Anglesea. Ann a gheofá Ceannáras na nGardaí, Ceannáras an Bhriogáid Dóiteáin agus An Chúirt Dúiche.

B’fhearr m’aithne ar An Chúirt mar An Mhodhscoil fadó. Inar fhoghlaim buachaillí na cathrach togha na Gaeilge gan stró ná fadhb ná fabhar. Fá stiúir chineálta Mossie Donegan, iar-Óglach na Poblachta, nuair ba Óglaigh na Poblachta iad.

Na foirgnimh phoiblí seo go léir ar Shráid Anglesea, géilleann gach aon cheann díobh tosaíocht d’údarás morálta Halla na Cathrach.

Ba é a réamhtheachtaí, Sean-Halla na Cathrach, a dódh ag loitiméirí Fhórsaí na Corónach, mí na Nollag, 1920. Constáblaí Speisialta an RIC (na Dúchrónaigh) agus an Auxialiary Division den RIC (Na Auxiliaries) ba mó faoi ndear an drochobair sin.

Ann a thug Tomás Mac Curtáin seirbhís mar Ard-Mhéara sular maraíodh gan trócaire é i bhfianaise a mhná is a pháistí. Scuad báis fá stiúir Chigire Dhúiche R.I.C. Chorcaí na mblianta sin, Oswald Ross Swanzy, a rinne an drochghníomh.

Fógraíodh Swanzy, ag Coiste Cróinéara an Phobail ar ball, orthusan a bhí ‘guilty of the wilful murder of Tomás Mac Curtáin…’

I mbaile Lurgan, mharaigh scuad díoltais, fá stiúir Sheán Culhane agus Dick Murphy, Swanzy le gunnán láimhe pearsanta Mhic Curtáin féin (bhí Óglaigh Chorcaí na mblianta sin tiomanta don mbeart siombalach).

Scaoileadar Swanzy sa cheann is sa cholann agus é díreach tar éis teacht amach ó sheirbhís eaglasta an Domhnaigh.

Díoltas imeartha. Níor mhaígh éinne gur cogadh deas glan a bheadh ann.

Ann freisin, i Halla na Cathrach, a thug comharba Mhic Churtáin seirbhís sarar gabhadh é ag Fórsaí na Corónach i 1920. 74 lá ar aghaidh, ar an 25 Deireadh Fómhair 1920, ghéill corp Thraolach Mhic Suibhne don stailc ocrais agus fuair Ard-Mhéara Chorcaí bás i bpríosún Brixton i Londain Shasana. Bhí súilibh an domhain mhóir ar an múinteoir lách cineálta céanna.

‘Cherry Blossom in the air
Cherry Blossom on the street
Cherry Blossom in your hair
And a Blossom at your feet’…..

Ní bheidh ann a thuilleadh do Sráid Anglesea, is cosúil. Glacadh le rún Shinn Féin ar na mallaibh chun ainm na sráide a athrú. D’aon ghuth.

Ag tús na bliana seo chugainn tabharfar aithne, ní do Thraolach amháin, ach do theaghlach iomlán na Suibhneach.

Na deirféaracha Annie agus Mary, a bhé-bhean Muriel Murphy, agus an t-aon iníon, Máire Beag – Máire Nic Suibhne-Brugha, mar ab fhearr aithne agamsa uirthi. Tréanbhean lonrach aigeanta ab ea í a thug go fial dom dá caradas is dá scéal. Má bhí sí dulta siar beagán sna blianta, níor chuir na blianta céanna teora dá laghad leis an scóip fhairsing a bhí inti, idir anam is chorp, anall go leic na huaighe féin.

‘Cherry Blossom in the air
Cherry Blossom on the street
Cherry Blossom in your hair
And a Blossom at your feet.’

Sráid na Suibhneach. MacSwiney Street. Sin a bheas ann feasta.

D’aon ghuth a rinne Bardas Chorcaí an cinneadh sin. In Halla na Cathrach, ar Shráid na Suibhneach.

Tá focal molta ag John Spillane dóibhsean freisin:

‘You know we’ve travelled all around the Sun,
You know it’s taken us one whole year,
Well done everyone, Well Done.
On behalf of me and the Cherry Trees, Well Done!’

Fág freagra ar 'Tá crainn silíní chathair Chorcaí ag bláthú i gcónaí…'