Nach mór bliain ó shin, nuair a thosaigh an tóin ag titim as Twitter, d’fhág mé an t-ardán sin. Fearacht go leor daoine eile ag an am chláraigh mé cuntas ar Mastodon ach níor aimsigh mé céard a bhí uaim ansin agus cé nach bhfuil an cuntas sin dúnta agam go fóill tá ceithre mhí ann ó thug mé cuairt ar an ardán céanna.
Níl Facebook agam ó bhí 2011 ann, dhún mé cuntas trialach Instagram dhá uair an chloig tar éis dom é a chlárú, tá mé róshean do TikTok agus SnapChat … agus ciallaíonn sé sin, má fhágann tú WhatsApp as an áireamh, nach bhfuil aon úsáid á baint agam as na meáin shóisialta le breis agus ráithe anuas.
Ach nach meán sóisialta é WhatsApp, a deir tú?
Bhuel, braitheann sé sin ar an úsáid a bhaineann tú as. Is cinnte go bhfuil gnéithe ag baint leis an ardán sin (an ‘stádas’ agus na ‘canálacha’ nua sin, mar shampla) a mheabhraíonn duit Instagram, Facebook nó X (mar a ghlaoitear ar Twitter anois). Ach mura mbacann tú leo sin, agus ní bhacaim, níl aon difear idir WhatsApp, dáiríre, agus seirbhís teachtaireachtaí agus (fís)ghlaonna ar nós Skype nó FaceTime.
Faraor géar tá ré na ngnáthghlaonna gutháin caite, is cosúil. Agus nuair a bhaineann do chuid gaolta agus cairde uilig – gan trácht ar na cumainn spóirt a mbíonn tú páirteach iontu, comhlachtaí a mbíonn ort déileáil leo nó fiú amháin do chuid fostóirí – má bhaineann siad sin uilig úsáid as an tseirbhís chumarsáide chéanna ní bhíonn rogha agat ach úsáid a bhaint aisti freisin.
Ach tá breis agus ráithe ann nach bhfeicim tuairim, féinín ná postáil de chineál eile a chroch duine éigin suas ar ardán sóisialta éigin agus is fearr i bhfad mo shláinte mheabhrach dá bharr.
Is fearr i bhfad í go háirithe toisc nach mothaím a thuilleadh go bhfuil brú orm féin a bheith ag crochadh suas tuairimí, féiníní agus postálacha go síoraí seasta; i bhfocail eile, go gcaithfidh mé taispeántas leanúnach agus mealltach a dhéanamh de mo shaol.
Admhaímis dúinn féin é nó ná admhaímis, ach bíonn gné láidir comórtais ag baint leis na meáin shóisialta. Go comhfhiosach nó i ngan fhios dúinn féin, bímid i gcónaí ár gcur féin i gcomparáid lenár gcairde, lenár ngaolta, lenár gcuid comhghleacaithe nó, níos measa fós, le tionchaire éigin ar an taobh eile den domhan.
Cén fáth go bhfuil sé-phaca ag X agus nach bhfuil agamsa?
Cén fáth gur ghnóthaigh an grianghraf sin den ghealach lán a chroch Y suas 32 ‘is maith liom’ nuair nár ghnóthaigh mo ghrianghraf féin den ghealach chéanna ach ‘is maith liom’ amháin?
Agus cén fáth ar chaith mise oíche Shathairn seo caite liom féin nuair a bhí Z agus an chuid eile den aibítir amuigh ag ragairne?
Ach ní hé an síorbhrú sin a léiriú don saol mór go bhfuil chuile shórt thar cionn – nó an diabhal sin a bhíodh orm féin, tuairimí a chrochadh suas a léireodh mo chuid suáilcí – ní hé an brú sin a bheith imithe amháin atá ag déanamh maitheasa dom.
Is maith liom go bhfuil cuid den phríobháideachas a bhí caillte agam faighte ar ais agam. Is féidir liom dul in áit éigin anois gan an brú a mhothú grianghraf a chrochadh suas a léireodh go raibh mé san áit sin dáiríre. Is ea go deimhin: ní raibh aon phictiúir ann – ach mar sin féin, tharla sé!
Ach deirim ‘cuid’ den phríobháideachas toisc nach féidir na meáin shóisialta a sheachaint go hiomlán nuair a bhaineann na daoine i do thimpeall úsáid astu. Mar shampla, níl mé chun a rá leis an teagascóir dornálaíochta nach bhfuil cead aige siúd físeán a thaifead sé le linn an ranga agus a bhfuil mise le feiceáil ann a chrochadh suas ar Instagram.
Tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil sochar eile ag baint lena bheith ar shiúl ó na meáin shóisialta. Cé go nglacaim leis go bhfuil tábhacht ar leith ag líonraí sóisialta do ghrúpaí daoine – cainteoirí mionteanga mar shampla – a bhfuil cónaí orthu i bhfad óna chéile, mothaím go bhfuil fiúntas sa bhreis ó thaobh na sláinte meabhrach ag baint leis an teagmháil leis na daoine atá timpeall ort go fisiciúil gach lá. Do mhuintir féin, cairde, comharsana, na daoine a chastar ort sa siopa leabhar, san ionad aclaíochta, nó sa choill, sna cnoic nó ar an trá agus tú amuigh ag siúl.
Tá daoine ann a ghlacann sos ó na meáin shóisialta ó am go chéile nó go tráthrialta, mar a staonfá ón ól nó mar a dhéanfá detox, ach tar éis dom ceithre mhí a chaitheamh ar shiúl ó na meáin shóisialta agus gan iad a mhothú uaim ar chor ar bith, tá mé ag ceapadh gur cinneadh buan atá anseo. An t-aon chúis amháin nár dhún mé an cuntas Mastodon sin go fóill ná go mbeadh orm cuairt a thabhairt ar an ardán chun é sin a dhéanamh, agus tá mé chomh sásta sin a bheith imithe ó na meáin shóisialta nach bhfuil fonn orm an chuairt dheireanach sin féin a thabhairt.
Máire
Ábhar machnaimh dúinn go léir.
Mick
Aontaím leat go huile ‘s go hiomlán. Tá cúrsaí níos measa anois ná riamh freisin. Ar dtús sna meáin sóisialta, bhí cúrsaí níos soineanta mar ní rabhamar ach ag dul i dtaithí leo. Ach le himeacht ama, laghdaigh an chumarsáid agus mhéadaigh an iomaíocht. Bhí sé iontach deacair do dhéagóirí agus daoine cotúla. Thosaigh an bhulaíocht, náiriú ar líne, na botaí agus a lán ainbheartaigh eile nach iad. De réir a chéile, chaill na meáin seo aon fhiúntas a bhí acu, agus anois ceapaim go bhfuil saol níos fearr againn gan iad a úsáid!