Ina múinteoir ceoil a oileadh mo mháthair ach shíl mé riamh go ndéanfadh sí múinteoir líníochta maith freisin. Rinne sí na céadta léaráid ar feadh a saoil agus foilsíodh cuid acu in irisí, i nuachtlitreacha agus i leabhair teagaisc ceoil, ar an gclúdach go minic. Ainmhithe, páistí agus, gan dabht, uirlisí ceoil a bhí lárnach sna léaráidí sin: asail agus a gclann ag seinm ar an bhfeadóg mhór, an cineál sin ruda.
Ach tírdhreacha a bhí sa dá shaothar dá cuid is mó a mbíodh tóir ag daoine orthu: tírdhreach dumhcha a phéinteáil sí ar bhallaí an leithris sa teach ina mbíodh cónaí uirthi agus tírdhreach gaineamhlaigh a phéinteáil sí ar bhallaí an leithris sa teach caife a bhíodh agam féin tráth i gcathair na Gaillimhe, múrphictiúirí ó urlár go síleáil.
Gan dabht mar sin, a luaithe is a bhog sí isteach, bliain go leith ó shin, in ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu, thosaigh sí ag freastal ar na ceardlanna péinteála bhíonn acu sa seomra gníomhaíochta uair in aghaidh na seachtaine. Cé gur i dtreo an tsícideilia a chuaigh a stíl de réir mar a d’éirigh an greim atá ag an ngalar ar a hinchinn níos láidre, rinne sí cúpla pictiúr maith sna ceardlanna sin: cat, cearc agus ulchabhán ildaite.
Ach fuair muid scéal an mhí seo caite nach dtugtar chuig na ceardlanna sin níos mó í.
Is é an chaoi go mbíonn sí ag ithe na péinte.
Bhí lúcháir orm, mar sin, nuair a tháinig bileog le pictiúr dathúcháin do pháistí isteach sa bhosca litreach in éineacht leis an nuachtán áitiúil. Comórtas de chuid na comhairle cathrach a bhí ann agus tráthúil go leor bhí ainmhithe agus páistí lárnach sa phictiúr a bhí le dathú isteach; go deimhin ní raibh sé chomh héagsúil sin leis na léaráidí a dhéanadh mo mháthair do thograí den chineál sin í féin, na blianta ó shin.
Chuig an ionad cúraim liom mar sin leis an bpictiúr sin, agus gan mhoill bhí mé féin agus mo mham inár suí taobh le taobh, an léaráid agus céad peann luaidhe daite (a cheannaigh mé di nuair a bhog sí isteach san ionad) leagtha amach ar an mbord os ár gcomhair.
Ach níor thuig mo mham céard a bhí le déanamh. Shílfeá nach bhfaca sí pinn luaidhe agus páipéar riamh ina saol.
‘Cuir thusa dath glas ar an bhféar,’ a dúirt mé agus shín peann luaidhe uaine chuici.
Ach rug sí ar an bpeann luaidhe ar bhealach ciotach, ní raibh muinín aici aisti féin, agus d’éiríodh sí as an dathadóireacht gach re soicind.
‘Céard é féin arís a chaithfidh mé a dhéanamh?’
Maidin Dhomhnach Cásca a bhí ann agus chuir duine de na cúramóirí dhá phláta os ár gcomhair. Bhí cístí beaga milse orthu, ceann an duine.
Bhí sé sin róchasta. Sháigh mo mháthair an peann luaidhe uaine isteach sa chíste beag agus chuir an císte ina béal.
Agus ba mhaith an rud é sin, mar bhí ábhar gáire ag teastáil uaim go géar tar éis dom teacht ar an tuiscint go bhfuil ceann eile de na tréithe a bhain go dlúth le pearsantacht mo mháthar, an dúil san ealaín, imithe.
Nó ag imeacht, b’fhearr dom a rá. Nuair a d’fhill mé ar an ionad cúraim tráthnóna Luan Cásca bhain mé amach an léaráid agus na pinn luaidhe arís agus an iarraidh sin bhí lámh mo mháthar níos socra. Bíonn galar Alzheimer guagach go maith agus bíonn an t-othar thuas seal thíos seal. An tráthnóna sin, d’éirigh linn dath glas a chur ar chuid mhaith den fhéar.
Fág freagra ar 'Tá ceann eile de na tréithe a bhain go dlúth le mo mháthair ag imeacht'