Ceist taighde a thug orm leabhar faoi phlandaí agus faoi chrainn an Teochreasa a bhaint den tseilf an lá cheana. Mo mháthair a thug an leabhar sin dom nuair a bhí mé díreach tar éis bogadh go dtí an Bhrasaíl, roinnt mhaith blianta ó shin anois.
Gach seans go raibh galar Alzheimer ar mo mháthair cheana féin an tráth sin ach nach raibh na siomptóim á dtabhairt faoi deara againn fós, nó go raibh muid ag iarraidh ligean orainn féin nach raibh tada ag tarlú.
Cibé ar bith, bhí mo mháthair in ann léaráidí breátha a dhéanamh fós an t-am sin. Nuair a d’oscail mé an leabhar sin faoi phlandaí agus faoi chrainn an Teochreasa thit leabhairín tanaí a rinne mo mham í féin, agus a bhí i bhfolach faoin gclúdach, amach. Bhí cúig léaráid ann, déanta le pinn luaidhe dhaite: crann almóinní, crann oráistí, crann liomóidí, pailm chnó cócó agus planda bananaí. Bhí moncaí beag le feiceáil i ngach crann: i bhfolach taobh thiar den stoc, ag breathnú amach tríd an duilliúr, ag caitheamh cnó cócó síos go talamh.
Bhí cumas agus samhlaíocht ag baint leis na léaráidí. Múinteoir ceoil ab ea mo mháthair ar feadh an chuid is mó dá saol ach mar mhúinteoir naíscoile a thosaigh sí amach agus is dóigh liom gur ar an gcúrsa oiliúna don ghairm sin a d’fhoghlaim sí ceird na líníochta. Ach is cinnte go raibh tallann nádúrtha aici – bua nach bhfuair mé féin le hoidhreacht, is baolach.
Tá na pinn luaidhe dhaite chéanna fós i dteach mo mháthar. Faraor géar ní chuimhníonn sí féin orthu – is annamh anois a dhéanfaidh sí rud ar bith ach garraíodóireacht as a stuaim féin – ach ó am go chéile, nuair a chuireann duine againne nó duine de na cúramóirí baile na pinn luaidhe dhaite agus píosa páipéir os a comhair, déanfaidh sí léaráid.
Ach tá athrú as cuimse tagtha ar a stíl líníochta ó tháinig galar Alzheimer uirthi.
Bhí samhlaíocht ag baint le léaráidí mo mham i gcónaí ach bhí siad réalaíoch: an cineál pictiúirí a d’fheicfeá i leabhar do pháistí. Moncaithe, crainn, carranna, báid seoltóireachta agus, thar aon ábhar eile, cait. Línte muiníneacha, dathanna éadroma boga: gorm, buí, imireacha éagsúla uaine.
Ach ealaín theibí, shícideileach fiú, a thabharfá ar a cuid líníochta san am i láthair – an chuma ar a cuid léaráidí gur faoi thionchar LSD a rinneadh iad. Bláthanna a tharraingíonn mo mham sa lá atá inniu ann, ach ní gnáthbhláthanna iad. Gan teip, tagann teideal chnuasach iomráiteach an fhile Charles Baudelaire, Les Fleurs du Mal, isteach i m’aigne nuair a bhreathnaím orthu. Fásanna urchóideacha iad, cnapáin bhioracha ildaite ceangailte le chéile ag braiteoga fada casta a bhíonn ag sníomh thar a chéile mar a bheadh nathracha iontu.
Is minic a rith sé liom gur ag iarraidh an galar atá uirthi a tharraingt a bhíonn mo mháthair nuair a iarraimid uirthi léaráid a dhéanamh, ach dar le mo dheartháir óg, ar péintéir teibí é féin, nach bhfuil sa tuairim sin ach léamh atá mise ag iarraidh a dhéanamh ar a cuid ealaíne – brí á cuardach agam san áit nach bhfuil aon bhrí a thuilleadh.
Fág freagra ar 'An bhfuil mo mháthair ag iarraidh an néaltrú atá uirthi a léiriú ina cuid léaráidí?'