Tá borradh mór faoin infheistíocht inmharthana, a mhac!

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Tá culaith agus carbhat ar an Saoithín Aeráide an mhí seo agus lán mála pinginí le caitheamh ar an stocmhargadh

Tá borradh mór faoin infheistíocht inmharthana, a mhac!

Cheannaigh an Saoithín Aeráide scaireanna sa chomhlacht Francach Alstom an lá cheana, an comhlacht a thógann na traenacha ardluais TGV (agus go leor cineálacha traenacha eile).

Fan, a deir tú, tá dhá rud mícheart leis sin! Ar an gcéad dul síos…

Ar an gcéad dul síos, mórchomhlacht tionsclaíoch atá in Alstom. Is ea gan amhras, tá an ceart agat. Ach tá dul amú ort má cheapann tú gur féidir an ghéarchéim aeráide a réiteach d’uireasa na teicneolaíochta agus, go deimhin, na tionsclaíochta.

Beidh traenacha ardluais uainn má theastaíonn uainn na scórtha milliún paisinéirí a mhealladh amach as eitleáin. Beidh gnáththraenacha uainn má theastaíonn uainn na scórtha milliún tiománaithe a mhealladh amach as a gcuid carranna.

Ar ndóigh beidh fuinneamh inathnuaite uainn chun na traenacha sin a choinneáil ag rith, agus ar an gcúis sin tá scaireanna ag an Saoithín Aeráide i gcomhlachtaí ar nós Ørsted na Danmhairge, ceann de na soláthróirí fuinneamh gaoithe is mó ar domhan, agus EDP Renováveis, comhlacht Portaingéalach agus Spáinneach, dream mór le rá eile san earnáil chéanna.

Is ea a mhac, tá borradh mór millteach faoin rud ar a dtugtar ‘infheistíocht inmharthana’. Maidin inniu féin, dhíol an Saoithín Aeráide na scaireanna a bhí aige sa chomhlacht Accell san Ísiltír, a tháirgeann rothair agus rothair leictreacha. An fáth? Thar oíche, bhí ardú 26 faoin gcéad tagtha ar luach na scaireanna sin toisc go dteastaíonn ó ollchomhlacht infheistíochta i Meiriceá, KKR, an mhonarcha rothar sin san Ísiltír a cheannacht. Léann KKR na nuachtáin is léir: an tseachtain seo caite, tuairiscíodh gur díoladh a dhá oiread rothair leictreacha le carranna leictreacha sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2021. An t-aon locht atá ar an scéal seo ná nach raibh ach naoi gcinn de scaireanna Accell i seilbh an tSaoithín Aeráide.

An t-aon locht, a bhéiceann tú, cúr le do bhéal? An dara rud agus an rud is tromchúisí atá mícheart leis an scéal seo ar fad ná go bhfuil scaireanna ag duine a thugann an Saoithín Aeráide air féin sa chéad dul síos! Nach dtuigeann tú, a ‘Shaoithín Aeráide’ – más féidir é sin a thabhairt ort a thuilleadh – gurb é an caipitleachas údar gach oilc ar chlár na cruinne, ó thús ama agus, seans, roimhe sin?

Is ea, tuigeann an Saoithín Aeráide nach bhfuil an caipitleachas gan locht, ná baol air. Ach níl fonn air cónaí i gcrannóg, an bhfuil ortsa? Dála an scéil, creachlathas a bhí in Éirinn aimsir na Tána, bíodh a fhios agat.

Agus gabh i leith, an bhfuil scéim pinsin agat? Cá as a dtagann an t-airgead a íocann na scéimeanna pinsin lena gcuid custaiméirí meas tú?

Níl scéim pinsin ag an Saoithín Aeráide, ach rinne sé cinneadh roinnt mhaith blianta ó shin aon airgead a bheadh le spáráil aige a infheistiú go coinsiasach agus ar bhealaí inmharthana.

Má tá paradacsa sa mhéid sin bíodh, ach is í fírinne an scéil ná gur taobh leis an gcaipitleachas a bheimid mura dteastaíonn sléacht agus ár agus campaí gulag uainn. Bheadh sé chomh maith againn pé cumhacht atá againn mar chustaiméirí aonair a úsáid chun an córas lochtach atá againn faoi láthair a dhéanamh níos inmharthana.

Fág freagra ar 'Tá borradh mór faoin infheistíocht inmharthana, a mhac!'