Tá banríon an tí ar thóir an ghrá

Tá gadhair ag mórán gach duine sa rang agus bíonn siad ag dul i gcomhairle lena chéile ar chúrsaí an tsaoil

Tá banríon an tí ar thóir an ghrá

Tá Lilí, banríon an tí, ar thóir an ghrá. Tús grá síordhearcadh, a deirtear, ach i gcás an ghadhairín is é tús grá síorshianáil. Agus síorthafann. Agus síorscríobadh ag iarraidh bualadh amach ar thóir rún a croí.

Deirtear gur ionann bliain amháin i saol an duine agus seacht mbliana i saol an ghadhair. Ní fhéadfadh go bhfuil aon fhírinne ansin. Tá Lilí ag tarraingt ar 10 mí d’aois anois, is é sin le rá, go bhfuil sí isteach is amach ar sheacht mbliana, roinn ar a dó dhéag méadaigh faoi dheich….

Abair sé bliana d’aois i mblianta na ngadhar. Más ea, níor chóir go mbeadh sí ag iarraidh leannáin fós. Ag sé bliana d’aois bheinn ag súil go mbeadh sí ag spraoi le Lego (bíonn sí á ithe) is ag breathnú ar Paw Patrol ar an teilí (bíonn sí ag tafann air).

Ina n-áit sin tá sí ag scríobadh ag an doras ag iarraidh dul amach lá is oíche is ag caoineadh is ag tafann nuair nach bhfaigheann sí a bealach.

‘Beidh Lilí ina déagóir nuair a bheidh sí dhá bhliain d’aois,’ a dúirt an Bheainín, gadhar-eolaí an tí, liom an lá cheana. ‘Tá sí ina pre-teen faoi láthair,’ ar sí agus údarás ina glór.

‘Níl a fhios agam an bhfuil aon fhírinne ansin,’ a dúirt mé. ‘Agus ar aon chaoi, níl gadhair mar a chéile le daoine, ní bhíonn siad ina ndéagóirí.’

‘Ó bíonn,’ a deir sí agus í cinnte go maith dá foinsí eolais.

Tá gadhair ag mórán gach duine eile ina rang ag an scoil agus bíonn siad ag dul i gcomhairle lena chéile ar chúrsaí an tsaoil. ‘Bíonn pus i gcónaí ar an ngadhar nuair a bhíonn sé ina dhéagóir, dúirt Máirín liom é, is ní bhíonn sé ag iarraidh tada a dhéanamh,’ a deir sí.

D’airigh mé go gcaithfinn seasamh suas do dhéagóirí an domhain in aghaidh an steiréitíopáil a dhéantar orthu. ‘Níl sé sin féaráilte,’ a dúirt mé, ag guí nach mbíonn tréimhse dá leithéid i ndán do gach déagóir. ‘Ceapaim gur cliché é sin a bhíonn in úsáid ar chláracha teilifíse agus i scannáin ar mhaithe le greann.’

‘Hmmm,’ a deir sí.

‘Ní bheidh tusa ag dul thart agus pus ort nuair a bheidh tú i do dhéagóir, ar ndóigh ní bheidh?’ a dúirt mé.

‘Is é an rud faoi Mamaí, ní bheidh aon neart agam air,’ a deir sí, ‘ach beidh mé alright arís théis cúpla bliain.’

Pébí céard faoin duine agus blianta an déagóra, tá mé a cheapadh go bhfuil an gadhar imithe thar na blianta sin i ngan fhios dúinn agus imithe ar aghaidh go blianta an chleamhnais. Fiche bliain ag fás a scríobhadh tráth agus fiche bliain faoi bhláth. Sílim gur ionann an chéad bhliain de shaol an ghadhair agus fiche bliain ag fás, is níl a fhios agam faoi na blianta eile, b’fhéidir gur ionann gach bliain eile agus seacht mbliana daonna.

An t-aon léas dóchais atá ann ná gur cosúil nach mbeidh Lilí buailte ag galar an ghrá ach ar feadh coicíse nó mar sin. Beidh mé in ann Romeos an bhaile a choinneáil ó dhoras go dtí sin, tá súil agam.

Fág freagra ar 'Tá banríon an tí ar thóir an ghrá'