Tá ardú croí le fáil i siollaí snoite an chnuasaigh is déanaí ó fhile Inis Oírr

Rud éigin atá ann go cinnte ach nach féidir sainmhíniú simplí a thabhairt air, sin filíocht a deir Dara Ó Conaola 

Tá ardú croí le fáil i siollaí snoite an chnuasaigh is déanaí ó fhile Inis Oírr

Ag Caint le Synge
Dara Ó Conaola
Foilsithe ag Oilean Press

Creaga agus farraige ag lonrú faoin ngrian agus báid seoil Chonamara ag treabhadh na dtonn a mheallfaidh do shúil go dtí an leabhar beag gleoite dátheangach seo ach na seoda faoin gclúdach a threoróidh do lámh i do sparán. Cruinne suaimhnis is ealaíne atá sa leabhar seo faoina pháipéar bláthbhuí séimh agus na pictiúir is grianghraif tharraingteacha.

Íocshláinte, ardú croí agus misneach atá uainn uilig sa saol mínádúrtha seo – éalú ó staitisticí is srianta agus tá sin le fáil don tsúil agus don chluais in dhá theanga sa leabhar seo.

Is deacair a chreidiúint go bhfuil sé ionann is dhá scór bliain ó shin ó réab Mo Chathair Ghríobháin chugainn thar toinn agus gearrscéalaíocht don tráth sin saoil againn i nGaeilge. Ní díomhaoin a bhí peann Uí Chonaola ó shin mar seo an deichiú saothar óna láimh. Is beag dalta Ardteiste nár bhain taitneamh as Amuigh Liom Féin, ceiliúradh caoin ar an óige agus an tsaoirse sin ó bhuairt an tsaoil.

Ola ar mo chroí féin an sainmhíniú a thugann an file ar an bhfilíocht sa réamhrá don leabhar seo: ‘Rud éigin atá ann go cinnte ach nach féidir sainmhíniú simplí a thabhairt air.  Sin an rud a dtabharfainnse filíocht air.’

Is dóigh gur cheart dom a rá go bhfuil mé féin sórt claonta mar nach bhfuil áit ar domhan is aoibhne liom ná Inis Oírr agus gur tarraingt í sin a théann díom a ‘shainmhíniú’ ach oiread.

Is mór atá scríofa agus ráite faoi Synge agus a shaothar ach éiríonn leis an bhfile agus é sa teach in Inis Meáin ina mbíodh Synge ag fanacht, mar a bhfuil ‘oileánaigh fós ag breathnú ar dhrámaí sna néalta bána’  comhrá a dhéanamh sa teidealdán leis an drámadóir agus an comhbhá idir an bheirt scríbhneoirí agus na hoileánaigh a chur in iúl go healaíonta.

Aon duine a bhíonn ag déanamh imní faoi imeacht na mblianta agus ‘an chaoi nach n-airíonn daoine áithrid ualach na mblianta ró-mhór ar chor ar bith’,  faoiseamh atá sa dán ‘Ceisteanna’.

Cé aige is fearr a mbeadh freagra ná na clocha duirlinge atá á gcartadh lá agus oíche ag muir is síon: ‘geallaim duit go mbeidh tú fós ag damhsa le háthas is ní bheidh cuimhne dá laghad a’d ar imeacht’ a gcomhairle-sean.

Níl aon duine a bhí ar an trá in Inis Oírr nár thug suntas do Theampall Chaomháin agus is iomaí sin duine a chuaigh tríd an bhfuinneog ansin. Is álainn mar a ríomhann an file ginealach agus ‘An t-aonchéimeachas ar an ngiodán ardaithe i spiorad’.

‘Oscail do mheabhair más mian leat fanacht, is leatsa ar fad an áit chragach’ cuireadh an fhile d’aon duine, beo nó marbh, ar mhaith leis cosán a shinsir a shiúl ar an craga seo sa dán ‘’Spáin dom na hOileáin’ (mar is dual dó, tá leagan aoibhinn Béarla déanta ag an bhfile Gabriel Rosenstock).

Ceann de na buanna iontacha atá ag file Inis Oírr go n-éiríonn leis iontas na ngnáthrudaí a mheabhrú dúinn agus sárshampla de sin an dán ‘Maidin Mhaith’.

Seoidín de phaidir maidine dúinne ar fad ar maith linn muigín breá tae nó caife a ól ar ár gcéalacan agus má ligeann meath meabhrach liom é tá rún agam é a chur de ghlanmheabhair.

Nár chuibhiúla ‘lá breá eile gan anachain’ a rá ar maidin agus mé ag éisteacht le ‘m’amhrán maidine canta go hálainn’ ag an gciteal in áit ‘mo mhallacht don bháisteach bhréan sin’ is minice agam.

Déantóirí citeal, muigíní is t-léinte, sin mana breá daoibh.

Amhail saor cloiche, tá ceiliúradh déanta ag an bhfile ar a uncail Dara Beag Ó Fátharta:

‘Nuair a thiteann laoch,

Lasann tine inár gcroíthe.

Agus titeann deoir.’

Níl aibhsithe ansin agam ach cuid bheag bhídeach de chlocha bua an tsaothair seo ó Dhara, a bhean agus a gceathrar clainne. Tá CD ag gabháil leis an leabhar agus an teaghlach ceolmhar ag aithris, ag ceol agus ag léiriú na ndánta.  Is féidir an leabhar nó an CD a cheannach as féin ar €12, nó an péire le chéile ar €22.  Gach eolas ó aranauthor@gmail.com.

Fág freagra ar 'Tá ardú croí le fáil i siollaí snoite an chnuasaigh is déanaí ó fhile Inis Oírr'