Tá ápaí ‘dátheangach’, a mhaítear i staidéar nua

Maítear i staidéar nua a rinneadh ar shimpeansaithei go bhfuil cumas dhátheangach iontu agus agus nach bhfuil foghlaim teanga ar cheann dena tréithe a scarann an duine ón ainmhí

 

chimpanzee

Tá simpeansaithe in ann focail ar nós ‘úll’ a rá in dhá theanga éagsúla.

Rinneadh taifead ar ghlórtha grúpa simpí fásta a bhí ina gcónaí i zú san Ísiltír agus leanadh leis an dtaifead nuair a aistríodh iad go zú Dhún Éideann in Albain. Léiríodh sna taifid gur athraigh foghraíocht na n-ápaí in imeacht trí bliana agus gur ‘labhair’ siad mar a labhair na hápaí a tógadh in Albain.

Maíodh le fada go raibh foghlaim teanga ar cheann de na tréithe a scar daoine ó ainmhithe. Glacadh leis go forleathan nach raibh smacht ag ainmhithe ar na fuaimeanna a dhéanfaidís. Maítear go mbréagnaíonn an taighde nua seo an teoiric sin.

“Léirigh muid gur athraigh siad struchtúr a nglaochanna go réiteoidís le glaochanna Dhún Éideann,” a dúirt Katie Slocombe ó Ollscoil Eabhraic, a bhí ag obair ar an togra freisin.

Rinne foireann Slocombe, faoi cheannasaíocht Simon Townsend ó Ollscoil Zürich, taifead ar sheisear Albanach agus seachtar Ollanach sa bhliain 2010, sular tugadh le chéile iad i rith na mblianta 2013/14. Díríodh ar an nglaoch do ‘úll’ toisc gurbh é sin an glaoch ba dhifriúla idir an dá dhream.

Tar éis dhá bhliain, bhí glaoch na nOllanach athraithe agus tháinig sé le glaoch na nAlbanach. Thit minicíocht na simpeansaithe ón Ísiltír ó 932hz go 708hz ó 2010 go 2013, minicíocht atá i bhfad níos cosúla leis an 657 hz a bhíonn ag simpeansaithe na hAlban.

Dúirt Slocombe go bhféadfadh simpeansaithe ‘teanga’ nua a fhoghlaim sa bhfiántas freisin. Bogann ápaí baineann ó ghrúpa go grúpa agus chuirfeadh Slocombe an-spéis i staidéar ar a gcuid glaochanna.

“Tá ciall leis, dá n-athrófá ó ghrúpa go grúpa, go ndéanfá na glaochanna céanna. Caithfear é sin a chrúthú, áfach,” a dúirt Slocombe.

Níl obair Townsend agus Slocombe ach ina tús ach táthar ann i saol na heolaíochta nach nglacann lena dteoiric go huile is go hiomlán. Dúirt an Dochtúir Brandon Wheeler, léachtóir le hAntraipeolaíocht Bhitheolaíoch in Ollscoil Kent i Sasana nach mar a chéile fuaimeanna na n-ainmhithe agus caint na ndaoine.

“Like human laughter, chimp food-associated grunts are species-specific calls that vary modestly based on what we might call ‘learned accents’, but this is rather different from the fact that the Spanish used the word manzana to refer to what the English call apples,a dúirt Wheeler.

Tá an staidéar nua foilsithe sa tréimhseachán eolaíochta Current Biology an tseachtain seo.

Fág freagra ar 'Tá ápaí ‘dátheangach’, a mhaítear i staidéar nua'