Tá an saol anois ar nós radhairc as Saving Private Ryan…

AG TÓGÁIL CLAINNE: Má tá tú ag déanamh iontais céard é noraivíreas, bí buíoch nach bhfuil a fhios agat céard é fhéin

teidi_tinn

Tá drochshlaghdán ag gabháil thart. Cloisim go bhfuil fir mhóra leagtha ar chlár a ndromanna aige agus iad ag ól lemsip agus ag slogadh eiceanáise ó lár mhí na Samhna agus gan aon mhisneach tagtha chugainn fós. Tá deilgneach ag gabháil thart chomh maith agus noraivíreas atá chomh holc agus chomh nimhneach sin is go gcuirfeadh sé náire ar an diabhal fhéin.

Má tá tú ag déanamh iontais céard é noraivíreas, níl de chomhairle agam ort ach seo: bí buíoch nach bhfuil a fhios agat céard é fhéin agus gabh abhaile go beo, cur glas ar na doirse, tarraing na cuirtíní agus fan istigh go Lá Bealtaine.

Nó b’fhéidir go bhfuil tú cosúil liomsa agus go bhfuil sé rómhall agat. B’fhéidir go bhfuil tú i ngreim cheana fhéin ag ceann – nó trí cinn, mar a bhí muide – de na haicídí atá ag gabháil thart agus do shaol anois ar nós radhairc as Saving Private Ryan.

Tosóidh sé nuair a déarfaidh duine de na páistí leat go bhfuil goirín beag ar a mhuineál. Ceapfaidh tú nach bhfuil ann ach scríobadh beag ach go tobann agus gan choinne, beidh ‘chuile rud sa teach clúdaithe le lóis chalaimín agus duine éigin ag béiceadh ort de ló is d’oíche.

Gabhfaidh tú tríd na céimeanna ar fad. Ar dtús, ní chreidfidh tú go bhfuil sé chomh dona sin. “Beidh muid ceart arís tar éis cúpla lá,” a déarfaidh tú go muiníneach le do chuid leainíní beaga agus sólás á lorg acu. Ansin tosóidh an tinneas i gceart. Beidh báisíní faoi réir agat. Tá a fhios agat go bhfuil tú i dtrioblóid nuair a thugann tú lán mála líreacáin reoite abhaile chucu agus nach bhfuil éinne á n-iarraidh.

Tosóidh tú ar an margántaíocht. “Chaithfeadh sé go bhfuil muid in ann rud éigin a dhéanamh. Beidh a fhios ag an dochtúir.’ ‘Víreaseanna!’ a déarfaidh an dochtúir. Gabhfaidh tú chuig an gcógaslann. ‘Tabhair dom rud éigin – rud ar bith, chaithfeadh go bhfuil rud éigin ann!’ a bhéicfidh tú agus tú ag siúl an doras isteach. Sínfidh an cógasóir bosca deochanna leictrealíte trasna an chuntair chugat ar an gcoinníoll go n-imíonn tú agus nach bhfillfidh tú arís.

An tríú céim ná glacadh leis. Níl aon gabháil as. Caithfear fanacht go n-imeoidh sé uaidh fhéin. Déanfaidh tú mar a rinne na glúnta romhat agus gabhfaidh tú i muinín an toilg, an teilí agus SevenUp a bhfuil, ar do chuma féin, an t-aer scaoilte as.

Fág freagra ar 'Tá an saol anois ar nós radhairc as Saving Private Ryan…'