‘Tá an iomarca dár muintir caillte againn chun go ngéillfí ár bhfearainn’ – Zelensky

Tá breis is 40,000 sibhialtach de chuid na hÚcráine gortaithe nó maraithe ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin, a deir Údaráis na hÚcráine

‘Tá an iomarca dár muintir caillte againn chun go ngéillfí ár bhfearainn’ – Zelensky

Deir Uachtarán na hÚcráine, Volodymr Zelensky, nach féidir glacadh leis an tsáinn sa chogadh. mar go bhfuil an iomarca dá muintir caillte acu chun go ngéillfí “ár bhfearainn”.

Dúirt sé go gcaithfeadh an Úcráin smacht a fháil ar a cuid críocha ar fad agus luaigh sé arís ballraíocht i NATO.

Tá breis is 40,000 sibhialtach de chuid na hÚcráine gortaithe nó maraithe ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin, a deir údaráis na hÚcráine. 

Faoin tráth seo tá thart ar thrí mhilliún Úcránach ag maireachtáil i gcríocha atá faoi smacht na Rúise.

Dúirt Uachtarán na hÚcráine, Volodymr Zelensky, go raibh “cathracha marbha” déanta ag ionsaithe na Rúise de chathracha Severodonetsk agus Lysychansk i reigiún Donbas.

Dúirt an tUachtarán go raibh “gach seans” go fóill ag a chuid trúpaí greim a choinneáil ar Severodonetsk d’ainneoin gur mó go mór na fórsaí atá ag an Rúis. Dúirt Zelensky dá n-éireodh leis an Rúis ceannas a fháil ar réigiún Donbas go bhféadfaidís leas a bhaint as mar bhunáit leis an gcuid eile den tír a ionsaí le diúracáin. 

Cathair fhíorthábhachtach í Severodonetsk i réigiún Donbas, agus a hionsaí dírithe ag an Rúis ansin le roinnt seachtainí. 

Dúirt sé gur “ar neamhní ar fad” a bhí na cainteanna síochána leis an Rúis. Dúirt sé go raibh sé “an-sásta” gur thug Boris Johnson na cosa leis inné ón vóta muiníne agus gur “fíorchara ag an Úcráin” é Príomh-Aire na Breataine.

Shiúil ambasadóir na Rúise chun na Náisiún Aontaithe amach as cruinniú de chuid na Comhairle Slándála inniu nuair a cuireadh i leith a thíre gurb í ba chúis leis an ngéarchéim dhomhanda sa soláthar bia. 

Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel go raibh “diúracán faoi choim” in aghaidh na dtíortha atá i mbéal forbartha á dhéanamh ag an Rúis den soláthar bia.

Labhair Charles Michel go díreach le hambasadóir na Rúise, Vassily Nebenzia ag cruinniú na Comhairle Slándála. Dúirt sé go bhfaca sé lena dhá shúil féin cúpla seachtain ó shin na milliúin tonna gráin agus cruithneachta ar a gcoinneáil i gcoimeádáin agus ar longa i gcalafort Odesa san Úcráin “a bhuíochas do longa cogaidh na Rúise ar an Muir Dhubh”.

Dúirt sé nach raibh feirmeoirí na hÚcráine ábalta earrach ná fómhar a dhéanamh de bharr ionsaithe Mhoscó ar infreastruchtúr iompair agus stórála gráin na tíre agus go raibh a cuid tancanna, agus a cuid ionsaithe aeir agus mianach á gcosc. 

“Tá praghsanna bia ag ardú dá bharr seo, ag déanamh bochtáin de dhaoine agus ag cothú corraíola in go leor réigiún. An Rúis amháin atá freagrach as an ngéarchéim bhia atá ag bagairt. An Rúis amháin.”

Tá an foréigean gnéasach forleathan san Úcráin i gcónaí agus go leor de nach bhfuil á thuairisciú a deir ionadaí de chuid na Náisiún Aontaithe agus dúirt “géarchéim gáinneála ar dhaoine” cruthaithe ag ionradh na Rúise.

 “Táthar ag díriú ar mhná agus leanaí atá ar a dteitheadh ón achrann ar mhaithe le gáinneáil is dúshaothrú a dhéanamh orthu,” a dúirt Pramila Patten, ionadaí speisialta ar fhoréigean gnéasach na heagraíochta leis an gComhairle Slándála inniu. 

Fág freagra ar '‘Tá an iomarca dár muintir caillte againn chun go ngéillfí ár bhfearainn’ – Zelensky'