Tá an geimhreadh ar ais, seachain a n-osclófá scáth báistí taobh istigh…

Suas agus síos an tsráid bhí daoine ar mo chuma féin, teanntaithe isteach ar an tairseach ar an bhfoscadh

Tá an geimhreadh ar ais, seachain a n-osclófá scáth báistí taobh istigh…

‘Tá an geimhreadh ar ais!’ a deir fear meidhreach liom ar maidin is mé seasta i ndoras caifé ar an bhfoscadh ón mbáisteach ar maidin. Gleadhradh báistí. Sceana báistí. ‘Chaithfeadh go bhfuil, go bhfóire Dia orainn!’

Bhreathnaigh mé isteach anonn ar an mbean a bhí taobh thiar den chuntar. ‘Tá brón orm,’ a dúirt mé léi le teann náire a bheith i mo sheasamh sa doras gan aon rud a cheannacht. ‘Tá tú alright,’ a deir sí go suáilceach.

Ní raibh smid as éinne istigh sa gcaifé beag ach iad ag stánadh amach ar an mbáisteach fhiáin, neamhthrócaireach. ‘Nóiméad ar bith stopfaidh sé,’ a deir an feairín meidhreach is a bhean go gealgháireach lena thaobh, iad ag baint sásamh as an saol. Suas síos an tsráid bhí daoine ar mo chuma féin,  teanntaithe isteach ar na tairseacha ar an bhfoscadh.

Sa deireadh mhaolaigh sé a dhóthain le cloigeann a shá amach arís. ‘Seansálfaidh mé é!’ a deir mé le mo chomrádaithe agus d’éalaigh liom. Cén fáth nach mbíonn scáth báistí agam riamh nuair a theastaíonn sé?

Agus cén fáth go bhfágaim i mo dhiaidh i gcónaí iad? Ní cheapaim gur éirigh liom riamh scáth báistí a úsáid níos mó ná uair amháin, faoi dhó ar a mhéid, mar go bhfágaim i mo dhiaidh é.

Seans go bhfuil daoine eile ann atá mar an gcéanna liom is murach muid go mbeadh earnáil na scáthanna báistí tite as a chéile ceal éilimh. Istigh sa scuaine ag iarraidh íoc as scáth báistí bhí beirt Mheiriceánach romham.

‘Tá mé le breathnú thart sa siopa píosa eile,’ a deir an bhean lena fear agus é ag baint sásamh as a scáth báistí breá nua. ‘Nach breá an scáth báistí é seo!’ a deir sé lena bhean. ‘Beidh mé ar ais théis píosa,’ a deir sí.

‘Ok,’ a deir sé, ‘beidh mé fhéin anseo ag tástáil an scáth báistí.’ Thug sé faoin scáth báistí a oscailt amach. D’airigh mé fáisceadh faitís i mo chliabhrach. Ná habair nach bhfuil a fhios aige go bhfuil geis ar scáth báistí a oscailt taobh istigh. ‘Caithfidh tú dul amach taobh amuigh má tá tú a’ gabháil á thástáil,’ a d’ordaigh bean an tsiopa dhó. Bhí a cuid traenála pisreog faighte aici, is léir.

‘Ná habair go gcreideann tú sa mhalarcaí sin,’ a deir sé go spraíúil léi. ‘Ó creidim!’ a deir sí, ‘creidim go láidir ann.’

Ba mhór an faoiseamh domsa é gur éirigh léi an chontúirt a sheachaint, ní hamháin di féin, ach do na créatúir bhochta eile sa siopa, mé féin san áireamh, a mbeadh an mí-ádh tarraingthe anuas orainn is gan aon neart againn féin air.

‘Tá neart báistí amuigh ansin, níl a fhios cén tástáil a gheobhaidh do scáth báistí.’ a mhol sí dhó. ‘B’fhéidir go bhfágfainn é faoi láthair,’ a deir sé ag breathnú amach go hamhrasach ar na sceana báistí ag bualadh trasna na sráide taobh amuigh d’fhuinneoga an tsiopa.

Níl a fhios agam cén fáth go mbeadh pisreog in aghaidh scáth báistí a oscailt taobh istigh, shílfeá nach mórán dochair a dhéanfadh sé. Ina dhiaidh sin féin, tá mé sásta géilleadh don chomhairle an chuid eile de mo shaol ar fhaitíos na bhfaitíos.

Fág freagra ar 'Tá an geimhreadh ar ais, seachain a n-osclófá scáth báistí taobh istigh…'