Ar cheart don seandream éirí as a bheith ag geonaíl faoi staid na teanga?

Ba cheart don seandream éirí as a bheith ag geonaíl faoi staid na teanga. Sin an tuiscint atá le fáil as mórstaidéar nua faoin bhFreaslainnis, mionteanga atá á labhairt ag beagnach leathmhilliún duine i dtuaisceart na hÍsiltíre

Holland

Is í an Fhreaslainnis an gaol beo is gairide atá ag ceann de mhórtheangacha an domhain, ‘namhaid’ na Gaeilge, an Béarla. Bíodh sin mar atá, dála na Gaeilge, is mionteanga í. Tá sí á labhairt ag tuairim is 350,000 cainteoir dúchais agus ag tuairim is 100,000 nuachainteoir sa Fhreaslainn, i dtuaisceart na hÍsiltíre, mar a bhfuil stádas oifigiúil aici chomh maith leis an Ísiltíris.

Ní nach ionann agus an Ghaeilge, atá an-éagsúil ón mórtheanga atá ag brú isteach uirthi, tá an Fhreaslainnis an-chosúil leis an mórtheanga a labhraítear ina timpeall, an Ísiltíris.

Luíonn sé le loighic, mar sin, go bhfuil tionchar mór millteach ag an Ísiltíris ar Fhreaslainnis an lae inniu, idir fhriotal agus fhoghraíocht.

Ach an oiread le cainteoirí Gaeilge áirithe, bíonn seandream na Freaslainne ag tabhairt amach faoi seo.

Níor cheart dóibh, a deir Edwin Klinkenberg agus Nika Stefan, beirt theangeolaí de chuid an Fryske Akademy, príomheagras léinn na Freaslainne, a bhfuil mórstaidéar ar bun acu faoi staid na teanga sa Fhreaslainn.

Dearbhaítear sa staidéar go bhfuil an Fhreaslainnis ag athrú agus go bhfuil focail á ligean i ndearmad. Ach níl aon dochar sa mhéad sin, a deir Edwin Klinkenberg in agallamh leis an nuachtán áitiúil Leeuwarder Courant. Tarlaíonn an rud ceannann céanna san Ísiltíris, a deir sé, agus tugann sampla as an teanga sin: ‘zuigeling’ (leanbh).

‘Ní bhaineann éinne úsáid as an bhfocal sin níos mó. ‘Baby’ a deirtear sa lá atá inniu ann,’ a mhíníonn Klinkenberg. ‘Ní chuireann a leithéid isteach ná amach ar éinne san Ísiltír. Ach sa Fhreaslainn, tosaíonn gach duine ag geonaíl nuair a ligtear focal i ndearmad.’

Ach ní teanga an aosa óig amháin atá ag athrú, a deir na teangeolaithe, ach caint an tseandreama féin freisin.

Léiríonn an staidéar go bhfuil leaganacha atá níos gaire don Ísiltíris ag éirí níos coitianta ná leaganacha den fhocal céanna a bhfuil cuma níos ‘dúchasaí’ orthu, fiú i measc cainteoirí dúchais a bhfuil an leathchéad slánaithe acu. Chun sampla amháin a lua: san aoisghrúpa seo, ní bhaineann ach 22 faoin gcéad de na cainteoirí a ceistíodh úsáid as an leagan ‘dúchasach’ ‘dejinge’ (‘an duine a…’) B’fhearr leis an mórchuid an leagan caighdeánach san Ísiltíris – ‘degene’ –  a fhoghrú de réir fhoghraíocht na Freaslainnise.

Ní chuireann na hathruithe seo aon lagmhisneach ar Klinkenberg agus ar Stefan, toisc go bhfuil líon na gcainteoirí seasmhach go leor. ‘Tá an teanga beo, i measc an aosa óig freisin, níl ann ach go n-athraíonn rud nó dhó ó am go chéile,’ a deir Klinkenberg. ‘Níl aon dochar sa mhéad sin, dar liom.’

Go deimhin, léiríonn an staidéar go bhfuil dearcadh i bhfad níos dearfaí ag lucht labhartha na Freaslainnise ar a dteanga féin inniu le hais mar a bhí sna blianta a chuaigh thart. I mbliana, d’aontaigh 98 faoin gcéad de na cainteoirí a cuireadh faoi agallamh don staidéar leis an ráiteas seo: ‘Níor cheart ach Freaslainnis a chraoladh ar an teilifís áitiúil.’ Ag tús na 1980í, níor aontaigh ach 58 faoin gcéad leis an ráiteas céanna agus níor aontaigh ach 48 faoin gcéad leis ag deireadh na 1960í.

Fág freagra ar 'Ar cheart don seandream éirí as a bheith ag geonaíl faoi staid na teanga?'