Tá an cosc ar fhógraíocht pholaitiúil ar Twitter molta ag mórán, ach níl na sonraí soiléir fós

Ní hionann fógraíocht ar líne agus fógraíocht sna nuachtáin nó ar stáisiúin raidió agus teilifíse toisc nach bhfuil córas ar bith i bhfeidhm lena chinntiú go mbíonn na fógraí ar líne fiú leathfhíor

Tá an cosc ar fhógraíocht pholaitiúil ar Twitter molta ag mórán, ach níl na sonraí soiléir fós

B’fhéidir gur fiú dhá cheist réasúnta a phlé i dtosach anseo toisc gur dóigh go mbeidh freagraí á n-iarraidh ag corrléitheoir bunaithe ar theideal an cholúin.

Cén locht atá ar fhógraíocht pholaitiúil ar Twitter – nach mbíonn na nuachtáin breac leo roimh gach toghchán? Agus cén fáth go bhfuil an cosc atá beartaithe ag Twitter a chur i bhfeidhm á mholadh go forleathan?

Ní bheadh aon locht ar fhógraíocht pholaitiúil ar ndóigh, is é sin dá dteastódh a leithéid ón bpobal nó ón aicme den phobal ar a ndírítear é. Níl fianaise ar bith ar fáil go bhfuil mórán á lorg, ná go dteastaíonn fógraí de chineál ar bith uathu.

Ní hionann fógraíocht ar líne agus fógraíocht sna nuachtáin nó ar stáisiúin raidió agus teilifíse toisc nach bhfuil córas ar bith i bhfeidhm lena chinntiú go mbíonn na fógraí ar líne fiú leathfhíor. Tá cosc Twitter á mholadh mar sin ar údar maith eile.

Má chuireann páirtí polaitiúil nó iarrthóir toghcháin fógra i nuachtán nó ar stáisiún raidió nó teilifíse,sna Stáit Aontaithe, mar shampla, (ní cheadaítear a leithéid a chraoladh in Éirinn) cuireann siad a gcás os comhair an tsaoil. Tig le gach duine, páirtithe nó iarrthóirí eile san áireamh, a bhfuil ráite iontu a chíoradh, a cheistiú agus a shéanadh.

Ní oscailteacht ach a mhalairt a cheadaíonn Facebook agus na meáin shóisialta eile. Is féidir rud ar bith a rá i bhfógraí agus i dteachtaireachtaí nach ndáiltear ach ar lucht leanúna páirtí nó iarrthóra, nó ar an aicme ar ar mian leo na fógraí a dháileadh. Mar shampla d’fhéadfaí fógra ar Tuairisc.ie a dhíriú ar dhaoine i gCill Dara Theas, abair,  a bhfuil spéis acu i gcúrsaí cispheile, agus ar an dream sin amháin.

De réir an chórais atá i bhfeidhm faoi láthair mar sin, is féidir tuairim pholaitiúil ar bith a nochtadh nó bréag a inseacht agus a scaipeadh i ngan fhios do mhórán, na meáin san áireamh. Ní haon iontas é mar sin go bhfuil an cosc ar fhógraí polaitiúla a d’fhógair príomhfheidhmeannach Twitter Jack Dorsey Dé Céadaoin molta go hard.

Dúradh mar shampla in eagarfhocal a foilsíodh Dé hAoine san Irish Times:

“This is a heartening move… deliberate falsehoods are more easily hidden in such ‘dark ads’, which are difficult to spot or challenge.”

Níl Facebook toilteanach cosc den sórt céanna a chur i bhfeidhm, ach is is dóigh go gcuirfidh an cosc a d’fhógair Dorsey brú ar an gcomhacht sin eiseamláir Twitter a leanacht. Idir an dá linn, áfach, dúisíonn an cosc atá beartaithe ag Twitter cúis mhór amhrais.

Níl sonraí an choisc fógartha fós, ach deir Twitter go gcuirfear cosc chomh maith ar ‘fhógraí cúise’ a bhaineann le ceisteanna nó le hábhair éagsúla (“issue ads” a thugtar orthu i mBéarla). Ní bheidh lánéifeacht an choisc soiléir go n-eiseoidh an comhlacht ráiteas mínithe ar an 15 Samhain mar a gheall siad.

Ni féidir a bheith cinnte mar sin, óna bhfuil ráite ag Twitter go dtí seo, nach gcoiscfear fógraíocht ó eagraíochtai ar nós Simon, Cumann Lúthchleas Gael, ICTU, Cumann na bhFeirmeoirí agus fiú amháin Conradh na Gaeilge. Tá samplaí eile á bplé freisin den dochar a dhéanfadh cosc dá leithéid.

Abair gur mian le siopa leabhair fógra a chur ar Twitter faoi sheoladh leabhair a scríobh údar a bhfuil dearcadh láidir aici nó aige ar ábhar áirithe. Nó abair gur mian le stáisiún teilifíse aird an phobail a tharraingt ar agallamh leis an údar a chraolfaí ar chlár dá gcuid, an Late Late Show mar shampla. An gclúdódh an cosc fógra dá leithéid, tharla go mbaineann sé le hábhar conspóideach nó leathpholaitiúil?

Baineann an imní seo go léir le ceist nár réitíodh fós: ar chóir déileáil le Facebook agus le comhalachtaí eile na meán sóisialta mar fhoilsitheoiri nó mar áisitheoirí, mar chomhachtaí atá freagrach as a n-aschur nó cinn nach bhfuil?

Deimhneoidh an cosc atá beartaithe ag Twitter, cibé rialacha a leagfar síos, go mbeidh a thionchar á phlé go tréan ar feadh tamaill eile.

Fág freagra ar 'Tá an cosc ar fhógraíocht pholaitiúil ar Twitter molta ag mórán, ach níl na sonraí soiléir fós'