Tá an córas a raibh slándáil an iarthair bunaithe le 80 bliain ag teacht chun deiridh

Ní chreideann rialtais na hEorpa i ndáiríre gur féidir brath ar Mheiriceá le teacht i gcabhair orthu agus caithfidh gur rith an smaoineamh sin le Vladamir Putin freisin

Tá an córas a raibh slándáil an iarthair bunaithe le 80 bliain ag teacht chun deiridh

Dá mba mise Vladamir Putin bheinn ag déanamh mo mhachnaimh faoi ionsaí a dhéanamh ar bhallstát Eorpach de chuid NATO. Bhuel táim cinnte go bhfuil meastachán déanta ag lucht anailíse míleata na Rúise arbh fhéidir a leithéid d’ionsaí a dhéanamh agus cén riosca a bhainfeadh leis, sa mhéid is go ndéanann lucht pleanála míleata scrúdú ar gach rogha a bhíonn ar fáil dóibh.

Agus go deimhin tá ionsaithe ‘leath faoi cheilt’ á ndéanamh ag an Rúis ar thíortha NATO faoi láthair – cibear-ionsaithe, sabaitéireacht agus cáblaí fo-thoinn á ngearradh. Tá siad á phlé seo fiú ar theilifís stáit na Rúise.

Is ionsaithe leath faoi cheilt iad sa mhéid is nach ionsaithe míleata oscailte iad, nach n-admhaíonn an Rúis go hoifigiúil go bhfuil siad ar bun, go bhfuil rialtais an iarthair ag roghnú gan scéal mór a dhéanamh astu, ach ag an am céanna go dtuigeann Tadhg Taidhgín.

Ach na hionsaithe leathcheilte seo tá siad deartha freisin ar shlí nach spreagann siad cur i bhfeidhm Alt 5 de Chonradh NATO – an t-alt a deir gur ionann ionsaí míleata ar bhallstát amháin agus ionsaí orthu ar fad agus go dtiocfadh tíortha eile NATO i gcabhair ar an tír ar ionsaíodh, le fórsa míleata más gá.

Bhí an tréimhse fhada gan cogaí idir mórthíortha san Eoraip ón Dara Chogadh Domhanda go dtí ionradh na Rúise ar an Úcráin bunaithe ar dhá bhac, nó díspreagadh. Ar thaobh amháin bhí armlann núicléach na Rúise, an armlann núicléach is mó ar domhan, a d’fhág (agus a fhágann fós) gurbh ionann agus féinmharú a bheadh ann don iarthar ionradh a dhéanamh ar an Rúis nó an bloc Sóivéadach mar a bhí.

Ar an dtaobh eile, bhí Alt a 5 de Chonradh NATO a d’fhág gur chreid gach éinne – an Rúis san áireamh – go dtiocfadh ballstáit uile NATO, agus Meiriceá go háirithe, i gcabhair ar aon bhallstát a ndéanfaí ionsaí air. Agus dar ndóigh cumhacht mhór núicléach eile ba ea Meiriceá agus is ea fós. D’fhág sin go raibh an riosca a bhain le hionsaí rómhór do cheachtar taobh.

Tá deireadh curtha ag Donald Trump leis an gcóras slándála sin. Tá sé léirithe aige nach bhfuil meas madra aige ar chaidrimh fhadbhunaithe Mheiriceá lena gcomhghuaillithe, tá sé ag déanamh bagairtí i gcoinne baill de NATO, an Danmhairg agus Ceanada, cuir i gcás, agus tá sé léirithe aige gur cuma leis sa sioc faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a shárú, fiú socruithe a d’aontaigh sé fhéin ina chéad téarma uachtaránachta.

Ní chreideann rialtais Eorpacha i ndáiríre gur féidir brath ar Mheiriceá le teacht i gcabhair orthu má bhíonn siad faoi ionsaí agus má tá sé soiléir dóibhsean, caithfidh gur rith an smaoineamh sin le Putin agus a chomhairleoirí freisin. Méadaíonn sé sin an seans go gceapann siad go bhfaigheadh siad ar shiúl le hionsaí ar bhallstát de chuid NATO agus méadaíonn sé sin an seans go mbainfidh siad triail as.

Ní gá agus ní dócha gur mór-ionsaí nó ionradh a bheadh i gceist. Ní bheadh gá ach le hionsaí a bheadh mór go leor nach bhféadfaí neamhaird a dhéanamh de nó a chur i gcéill nach raibh sé tar éis tarlú.

B’fhéidir ‘coimeádaithe síochána’ a sheoladh isteach i mbaile i dtír Bhaltach ina bhfuil a lán Rúiseach eitneach ina gcónaí nó ionsaí dróin a dhéanamh ar leoraí a bheadh ag taisteal tríd an bPolainn agus armlón á iompar aige chun na hÚcráine. Dá dtarlódh sin ní dócha go dtiocfadh Meiriceá i gcabhair ar an tír inar tharla an t-ionsaí. Is cinnte nach dtiocfadh an Ungáir atá in ainm is a bheith ina ball de NATO i gcabhair orthu. Agus seans maith go scanrófaí tíortha eile ansin faoi dhul ag troid leis an Rúis gan tacaíocht Mheiriceá.

B’ionann sin agus deireadh le NATO agus leis an gcomhghuaillíocht atá ag tabhairt tacaíocht mhíleata don Úcráin. Bheadh eagla a gcraicinn ar thíortha iarthar na hEorpa faoina slándáil féin agus seans go mothódh siad nach bhféadfadh siad aon chúnamh míleata a spáráil don Úcráin níos mó.

Nílim ag maíomh go bhfuil sé seo chun tarlú go cinnte. Nílim ach ag maíomh go bhfuil an baol go dtarlódh sé imithe i méid go suntasach. Beidh na daoine céanna a dúirt linn nach raibh seans ar bith go ndéanfadh an Rúis ionradh ar an Úcráin ag rá gur seafóid atá anseo. Ach tá go leor rudaí eile a shílfí a bheadh dochreidte tamall gairid de bhlianta ó shin ag tarlú anois. Cé a shamhlódh go mbeadh uachtarán Mheiriceá ag moladh go ngabhfadh Meiriceá stráice Gaza agus go ndéanfaí an pobal iomlán ansin a aslonnú go tíortha eile?

Nílim ag maíomh an oiread nach dtarlóidh cainteanna síochána. Is rogha é seo a bheidh ar an mbord do Putin sna blianta romhainn amach, má theipeann ar na cainteanna nó fiú má éiríonn leo.

Níl rún ar bith déanta aige dá thuairim gurbh é titim as a chéile an Aontais Shóivéadaigh an tubaiste gheopholaitiúil is mó a tharla sa chéad seo caite.

Ní dhéanann náisiúntoirí na Rúise rún ar bith dá n-aidhm fadtéarmach an impireacht Rúiseach a atógáil agus tíortha ar nós na Polainne a thabhairt faoina smacht arís. Tuigeann na Rúisigh go maith mar is féidir le struchtúr geopolaitiúíl a raibh cuma dhochloíte air cliseadh go tapaidh. Is teach cártaí é NATO agus ní gá ach cárta amháin a bhaint chun go dtitfeadh sé as a chéile.

Tá sé íorónta go bhfuil Donald Trump féin ag cabhrú leis an Rúis agus an tSín ceann de na móraidhmeanna a bhí acu le blianta fada a bhaint amach – athrú ó chóras domhanda bunaithe ar fhorlámhas thír amhráin go córas domhanda ilpholach.

Tá an córas ar a raibh slándáil an iarthair bunaithe le ceithre scór bliain ag teacht chun deiridh. Seans go dtiocfaidh córas éigin eile ina áit luath nó mall. Ach idir seo agus sin beidh folús ann, agus is rud baolach é folús i gcúrsaí slándála idirnáisiúnta.

Fág freagra ar 'Tá an córas a raibh slándáil an iarthair bunaithe le 80 bliain ag teacht chun deiridh'

  • sderóiste

    B’fhéidir, in ainneoin a bhfuil ráite ag Fachtna roimhe, nach bhfuil aon spéis ag Putin ionsaí a dhéanamh ar aon bhallstát de chuid NATO, is nach bhfuil uaidh ach slándáil na Rúise ó NATO a chinntiú?