Tá an bonn bainte go hiomlán de thionscal na turasóireachta – caithfear gníomhú anois

Caithfear pleanáil in am ionas go mbainfear lántairbhe as gach céim de cheansú an víris 

Tá an bonn bainte go hiomlán de thionscal na turasóireachta – caithfear gníomhú anois

Is fusa cur síos ar fhadhb ná í a réiteach, mar atá soiléir anois arís agus géarchéim an víris chorónaigh á plé i nDáil Éireann.

Is fusa cur síos freisin ar an airgead is gá a chaitheamh leis an dochar eacnamaíochta atá á dhéanamh i gcónaí sa tír a leigheas ná beartais a mholadh chun teacht ar an airgead a theastaíonn.

Mhol ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald don rialtas, mar shampla, gan sochair shóisialta na héigeandála a laghdú an mhí seo chugainn.

Níor mhol sí, agus níor mhol aon Teachta Dála eile ach oiread, seift seachas breis airgid a fháil ar iasacht, rud a chuirfeadh ar chumas an rialtais caiteachas éigeandála a choinneáil ag ardleibhéal.

Gan amhras, is féidir brath ar iasachtaí ar feadh tamaill, go háirithe agus rátaí úis chomh híseal, ach tuigtear ar chaon taobh go gcaithfear an bhearna mhór idir teacht isteach agus caiteachas an stáit (€7.5 billiún i mí Aibreáin) a dhúnadh uair éigin.

Idir an dá linn, ní féidir cuid mhór den dochar eacnamaíochta atá á dhéanamh i gcónaí a leigheas go mbeidh cúrsa an víris níos soiléire. Is léir mar sin féin an riachtanas, sa tionscal turasóireachta go háirithe.

Chaith os cionn naoi milliún cuairteoir ón iasacht níos mó ná cúig bhilliún euro sa tír seo anuraidh.  

Anuas ar an méid sin, chaith turasóirí Éireannacha €2.2 billiún sa tír, de réir an mheastacháin a rinne Cónaidhm Thionscal na Turasóireachta. Tháinig laghdú a haon faoin gcéad ar theacht isteach an tionscail anuraidh, ach ní foláir cuimhneamh go raibh toradh níos fearr ar 2018 ó thaobh turasóireachta de ná mar a bhí ar bhliain ar bith eile riamh.

Is léir sa tír seo agus ar fud an domhain go bhfuil an bonn bainte go hiomlán den tionscal ag an víreas corónach.

Tá na mílte eitleán ar an talamh agus níl mórfhás ar phaisinéirí á thuar roimh 2021 ar a luaithe. 

Is é bun agus barr an scéil nach bhfuil ár bhformhór fiú ag smaoineamh ar thaisteal ar chúis ar bith taobh amuigh den tír faoi láthair.

Tá an scéal amhlaidh ar fud an domhain. Ní chuirfidh feachtas fógraíochta dá fheabhas é muid ar ár suaimhneas.

Coinneoidh scanradh agus imní daoine sa mbaile. Ní léir aon leigheas mar sin ar an gcailliúint ioncaim agus fostaíochta a dhéanfaidh an víreas do gach gnó atá ar brath ar thurasóirí ón iasacht, go dtí go mbeidh vacsaín nó druga frithvíreasach éifeachtach ar fáil, nó go mbeidh beartais chosanta in aghaidh an víris curtha i bhfeidhm ag na haerlínte, go háirithe.

Idir seo agus sin, beidh drogall ar an gcuid is mó de na daoine i ngach tír dul ar saoire thar lear.

Níl seans ar bith ann mar sin go mbeidh obair ar fáil i mbliana don 300,000 duine a d’fhostaigh óstáin, bialanna, tithe tábhairne agus gnóthaí nó seirbhísí eile a d’fhreastail ar thurasóirí anuraidh.  

Ní bheidh ach leigheas amháin ar fáil sa ghearrthéarma ar an gcuid is mó den dochar. Tabharfaidh neamhthoil an phobail dul ar saoire thar lear deis nach beag do lucht turasóireachta.

Teastaíonn pleanáil ghnó agus rialtais anois le hÉireannaigh a mhealladh chun dul ar saoire ina dtír féin.

Beidh an cur chuige atá riachtanach ag brath ar shábháilteacht thar aon rud eile agus ar bheartais cosúil leis na cinn a d’fhoilsigh cumann na dtábhairneoirí Dé Luain.

Ní beag an deis a bheidh ar fáil mar gheall ar an laghdú as cuimse ar an taisteal thar lear, más féidir cúrsaí sábháilteachta a chur ina gceart.

Léirigh tuairisc bhliantúil an Phríomh-Oifig Staidrimh go ndeachaigh Éireannaigh ar  8.81 milliún turas thar lear anuraidh (méadú 6.5 faoin gcéad ar na turais thar lear in 2018) agus gur mhair gach turas ar an meán seacht n-oíche.

Is léir mar sin an deis agus an riachtanas: pleanáil in am ionas go mbainfear lántairbhe as gach céim de cheansú an víris. 

 D’fhéadfaí tús a chur leis an obair phleanála gan mhoill, dá mbeadh rialtas nua agus aire nua turasóireachta i mbun oibre. Faraor, chaill an t-aire reatha Shane Ross a shuíochán san olltoghchán agus dáiríre níl an t-údarás ná tionchar aige le tabhairt faoin gcúram i gceart.

Cúis eile go dteastaíonn rialtas a bhunú chomh luath in Éirinn agus is féidir.

Fág freagra ar 'Tá an bonn bainte go hiomlán de thionscal na turasóireachta – caithfear gníomhú anois'