Tá ainmneacha chriúnna agus ghaiscí an Tóstail sa Táin

Tá beartaithe ag muintir Bhóthar na Trá comóradh a déanamh ar imeachtaí i 1959 a d’fhág sluaite chomh mór cois cladaigh ansiúd nach raibh a sárú le fáil le linn an achair sin ach amháin ag Cluichí Ceannais CLG na hÉireann

Tá ainmneacha chriúnna agus ghaiscí an Tóstail sa Táin

Ar an 3ú Domhnach de mhí an Mheithimh 1959 thug suas le 80,00 duine aghaidh ar Bhóthar na Trá ar imeall thiar na cathrach i nGaillimh. Ar shroichint na háite, choinnigh 12,000 acu sin orthu suas Bóthar Charraig Bhartúin nó Bóthar an Dúin go ndearna siad freastal ar an gcluiche i gCraobh Peile Chonnacht i bPáirc an Phiarsaigh inar bhuaigh Gaillimh ar Ros Comáin, 0-12 in aghaidh 0-4.

Ar thóir cloiche, claí, fál nó foscadh de chineál éicint a thabharfadh ábhairín beag compoird agus foscadh dóibh ar feadh an chuid eile den tráthnóna, a chuaigh an chuid eile.

Ag breathnú amach ar an bhfarraige a bheidís feadh an achair sin – iad meallta ag an séú heagrú ar Thóstal na Gaillimhe, an ceann ba rathúla ar chuile bhealach de na féilte den ainm sin a eagraíodh sna 1950idí le ceiliúradh a dhéanamh ar fhéiniúlacht na hÉireann.

San áireamh bhí imeachtaí spóirt, ceoil agus liteartha, ach go bunúsach ba phlean margaíochta a bhí ann ag Bord Fáilte, an eagraíocht stáit a bunaíodh timpeall an ama sin leis an turasóireacht a chuir chun cinn. Trí scór bliain ina dhiaidh thug an eagraíocht, a raibh Fáilte Éireann mar ainm anois uirthi, faoi mhórán an rud céanna a dhéanamh nuair a d’eagraigh siadsan Tóstal Éireann 2013.

Timpeall seacht nó ocht de bhlianta a mhair an chéad iarracht nó gur thit an tóin aisti. Ní hé sin le rá nár fágadh tada le hoidhreacht. Spreag Tóstal na 1950idí bailte beaga agus móra ar fud na tíre le féilte dá gcuid féin a eagrú. Is dá bharr a cuireadh tús le Rós Thrá Lí cur i gcás. Chuir sé ar a súile do dhaoine freisin nárbh áilleacht amháin a bhí mar bhuntáiste as bailte a choinneáil glan slachtmhar néata.

An deireadh seachtaine seo chugainn, beagnach 70 bliain dár gcionn, tá beartaithe ag muintir Bhóthar na Trá comóradh a déanamh ar na himeachtaí a d’fhág sluaite chomh mór cois cladaigh ansiúd nach raibh a sárú le fáil le linn an achair sin ach amháin ag Cluichí Ceannais CLG na hÉireann.

Aon imeacht amháin as féin a d’fhág Tóstal na Gaillimhe ar thús cadhnaíochta sna 1950idí – rásaí curach.

Idir 1954 agus 1961 ba í Craobh Rásaí Curach na hÉireann príomhmhír an Tóstail i gCathair na dTreabh. Bhíodh foirne as Gaillimh, Maigh Eo, Dún na nGall, An Clár, Ciarraí, Áth Cliath agus na hoileáin timpeall an chósta san iomaíocht. Tá ainmneacha na gcriúnna agus a gcuid gaiscí sa Táin – amhráin, dánta agus scéalta cumtha ina dtaobh. Iad ina gcúiseanna argóna in áiteacha go leor agus fiú corrbhabhta achrainn tarraingthe acu.

Níos minice ná a chéile ba nós le Taoiseach na tíre a bheith i láthair leis na duaiseanna a bhronnadh. Dhéantaí na rásaí a chraoladh beo ar Raidió Éireann. D’fhreastail an scannánóir John Huston orthu lena chuid ceamaraí, mar a rinne an BBC. Bhídís le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann chuile sheachtain ar ‘Amharc Éireann’, an nuachtscannán a d’eisigh eagraíocht eile nach raibh i bhfad ar an saol – Gael Linn.

 

Criú as Na Machairí atá ar thaobh na fothana de leithinis an Daingin a bhuaigh an chraobh ba thúisce a eagraíodh i mBóthar na Trá i 1954 –  Jack Goodwin, a dheartháir Proinsias  agus Micheál Ó Laoghaire. Sular thosaigh an iomaíocht mháirseáil Banna Píob an Airm agus paráid ollmhór ina dhiaidh aniar ón bhFaiche Mhór go Bóthar na Trá. Páirteach sa taispeántas bhí na scórtha eagraíocht phobail, chultúrtha  agus ghnó, ina measc Bord Soláthair an Leictreachais ag míniú cé na buntáistí a bhain leis an tseirbhís a bhí anois á tairiscint acu do mhuintir na tuaithe.

Rámhaithe Chonamara ba thréine sna blianta a lean. Idir sin agus 1961 bhuaigh Seoighe cáiliúla Inis Bearachain, na col ceathracha John Bhaibín, John William agus Máirtín Choilmín Craobh na hÉireann faoi thrí i nGaillimh (1956, 1958 agus 1961), agus i gCill Chaoi i 1957, an babhta ceannais ba mhó a tharraing caint, mar a mhíneoidh mé.

Bheadh ceithre cinn as a chéile acu murach go dtáinig triúr ógánach as Inse Mhic Cionnaith in aice na Ceathrún Rua aniar aduaidh orthu i 1955. Ní raibh an té ba shine acu, Réamonn Jimmy Mac Donnchadha, ach 18 bliain, Pádraic agus Beartla Deairbe Ó Flatharta bliain agus dhá bhliain níos óige ná sin.

£50 agus corn a bhí as an gcéad duais, ach an bhliain dár gcionn, nuair a chroch na Seoighe an chraobh leo den chéad uair facthas iontas na n-iontas i mBóthar na Trá.

An lá sin, rinne scuaine daoine a bhí leathmhíle ar fhaid (mé féin ina measc) a mbealach chomh fada leis an túr tumadóireachta ansiúd go bhfaigheadh muid amharc ar rud nach raibh feicthe ag aon duine againn riamh cheana  – curach déanta as snáithín gloine. Go hInis Bearachain a chuaigh sí chomh maith leis an airgead agus an corn.

Bhí 80,000 duine i láthair i 1957 nuair a facthas an chonspóid ba mó a bhain le Tóstal Bhóthar na Trá go dtí sin. An líne trasnaithe chun cinn ag na Seoighe, ach iadsan agus na criúnna eile a bhí ina ndiaidh aniar sa mbabhta ceannais, dícháilithe mar gur thógadar an cúrsa mícheart. Rialaigh na maoir go mba iad muintir Chliara amháin a rinne sin agus ba iadsan a gaireadh ina seaimpíní – Grádach, Máilleach agus Cainníneach.

Bhí oiread díospóireachta agus clamhsáin faoi gur shocraigh Coiste an Tóstail an rás ceannais a chur ar siúl arís i gCill Rois cúpla seachtain dár gcionn. Ansiúd ba iad muintir Inis Bearachain a chríochnaigh chun cinn arís, an babhta seo gan aon sárú rialach le cur ina gcoinne

Ba iad a bhuaigh arís i 1958. Dá bharr, bhí ceapadh mór dóibh arís an bhliain dár gcionn nó gur bhriseadar cruga i gceann de na fo-rásaí. Bhí Réamonn Mac Donnchadha ar fhoireann na Ceathrún Rua a bhuaigh an uair sin, a dheartháir Micheál agus Beartla Deairbe Ó Flatharta in éindí leis.

Bhí oiread ratha ar Chraobh Curachaí na hÉireann le linn an ama sin agus go raibh Coiste Náisiúnta an Tóstail ag cuimhneamh ar é a athrú go Bleá Cliath, é ráite fiú nuair a d’eitigh Tóstal na Gaillimhe don phlean, gur chuireadar teachtaire go hÁrainn ag iarraidh rámhaithe na n-oileán a mhealladh. An chluas bhodhar a fuaireadar ansiúd freisin chomh maith le leadhbairt den teanga, rud a bhí ag dul dóibh.

Criú as Oileán Ghabhla a bhuaigh an chraobh dheireanach a reáchtáladh i mBóthar na Trá (1960) – Aodh Ó Rabhartagh ar an seas tosaigh a dheartháir Micheál ar an seas deiridh agus ógánach Éamonn Ó Duibhir eatarthu. 20 nóiméad 49 soicind a thóg an cúrsa cúig mhíle orthu, an t-am ba sciobtha go dtí sin in aon bhabhta ceannais ar an gcúrsa ansiúd.

Ní móide gur ceann é a shárófar ach an oiread, mar faoin am sin bhí an Tóstal é féin ag ligean uisce isteach, gan an tóir chéanna ag an bpobal air.

Anuas air sin faoin mbliain 1961 bhí an lucht eagair agus eagraíocht turasóireachta Bhóthar na Trá in adharca a chéile faoin tacaíocht a bhí ag teacht uathu siúd don imeacht. Socraíodh go mba amach ó cheantar stairiúil an Chladaigh a rithfí iad ar chúrsa idir Inis Caorach agus Céibh Nimmo.

Bhí na criúnna féin ag cailleadh suime ann agus ag an nóiméad deireanach tháinig scéala nach mbeadh aon iomatheoirí as Ciarraí ná as Maigh Eo ag teacht. Na Seoighe a bhuaigh, Clann Mhic Dhonnchadha as Inse Mhic Cionnaith sa dara háit agus criú den treibh chéanna sa 3ú háit, na deartháireacha Máirtín, Colm agus Pádraic Willie sa tríú háit.

Bliain dár gcionn ní raibh de rogha ann ach Tóstal na Gaillimhe 1962 a chur ar athló cheal suime.

Fág freagra ar 'Tá ainmneacha chriúnna agus ghaiscí an Tóstail sa Táin'

  • alan titley

    Bhíomar níos fearr ag na curachaí ná ag na colúir chré! An-phíosa.